top of page

Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2026

  • 3 days ago
  • 2 min read

An Ghaillimh i gcoinne Luimnigh


 

Cluiche Ceannais Iomána

Cluiche iontach. Foireann óg, gan chiall ceannaigh, an Ghaillimh, i gcoinne foirinn go raibh an bua acu sa chomortas Corn MhicCárthaigh 2020, 2021, 2022, 2023 ceithre uair ar lean.


Faraor, ní raibh an cumas céanna ins na Gaillimhigh is a bhí nuair a d'imir siad i gcoinne na gCorcaíoch tús de mhí Iúil i mbliana.


Bhí an dá fhoireann beagnach cothrom sa chéad leath. Neart agus fuinneamh ag an dá thaobh.


Áfach, go luath sa dara leath bhris cúl Cathail 0'Neill misneach na Gaillimhe. Ina dhiaidh sin bhí Luimneach in uachtar. Nuair a tháinig cúl do na Gaillimhigh bhí sé ró-dhéanach

Sa deireadh thiar bhí cúilín déag eatarthu



Cluiche an-mhaith. Comórtas fíor-amaitéireach; lucht leanúna an dá thaobh measctha le chéile ag baint mórshuilt as an ócáid iontach; Páirc an Chrocaigh lán, 82.000 duine, idir óg agus aosta; radharc a chuireann gliondar ar chroíthe Éireannacha.


Is cluiche seanda ár seacht sinsear é, iománaíocht. Níl a leithéid áit ar bith ar an Domhan. Tá leagan d'iománaíocht san Albainn. Tá modh imeartha difriúil agus camáin difriúil acu. Ta na rialacha céanna. Imríonn na hAlbanaigh ón dtalamh, imríonn na hÉireannaigh, de ghnáth, as a lámha san aer - sin fáth an bos leathan ar an gcamán Éireannach - an sliotar a ardú go lámh, agus a bhualadh ón lámh.


Tugann na Sasanaigh Shinty ar iománaíocht Albanach. Ní thuigeann Sasanaigh an cluiche ar chor ar bith. Ní fheiceann siad an cumas, ach cluiche, agus imirt baolach.


Sa deireadh thiar is féidir linn cluichí ghaelacha a fheiceáil agus a leanúint ar BBC Sport.


Tá mé ag tnúth leis an gCluiche Ceannais Peile Éireann Mí Meán Fomhair.

 

Foclóir

cluiche ceannais = final

ciall ceannaigh = experience

cumas = ability

neart agus fuinneamh = strength and energy

áfach = however

misneach = spirit/courage

in uachtar = on top+

fíor-amaitéireach = truly amateur

lucht leanúna = followers/fans

gliondar = joy

mórshult = great enjoyment

seanda = ancient

ár seacht sinsear = our forbears

modh imeartha = style of play

bos leathan = wide bos

sa deireadh thiar = at long last

 ag tnúth le = eagerly awaiting

 
 
 

Recent Posts

See All
An Corn Domhanda 5

Cluichí a chonaic mé Sasana i gcoinne an Airgintín An cluiche ba dhóchasaí 'Ag teacht abhaile' Tar éis seasca bliana ag feitheamh bhí Sasana dóchasach go raibh An Corn Domhanda 'ag teac

 
 
 
An Corn Domhanda 4

An Corn Domhanda Cluichí a chonaic mé 4 An cluiche ba leadraánaí sa chomórtas go dtí seo: An Spáinn i gcoinne an Phoirtingéal. Cosaint - imirt siar-cosaint -imirt siar Z-z-z-z. Ba bheag nár thit m

 
 
 
Aiste 2: Ag laghdú an bhrú

Ag laghdú an bhrú. I dtosach báire is iad seo a leanas MO mhodhanna agus mo réasúnaíocht. Beidh a modhanna féin ag daoine eile Sa chéad dul síos d'fhoghlaimíos nach raibh tairbhe ar bith dalta

 
 
 

Comments


bottom of page