Jimín Mháire Thaidhg, 'An Seabhach'
- 2 days ago
- 3 min read
In Chap. 1 Jimín introduces himself; he is 13 yrs old according the Seana-Bhríd who brought him, and brings infants- that she finds under the seaweed at high tide - to families in the town. Jimín is getting a little suspicious of this story.
He says that he is not a 'bold' boy but can't help himself.
He gets into his first scrape with Mam when he can't resist the cream cake that she has made for Máire Aindí's daughter home from Dublin.
He escapes Mam's wrath by outrunning her. She 'takes it out' on poor Dad.
Jimín, Caib 1; Is mise Jimín
Is mise Jimín-
Jimín Mháire Thaidhg
Is í Máire Thaidhg mo Mham.
Tá ainm eile orm: Séamas Ó Breasail.
Sin ainm m'athar. Ach is Mam an duine is tabhachtaí sa teach seo 'gainne, gan aon agó.
Tá eagla ag cách roimh mo Mham, Daid san áireamh.
Dúirt seana-Bhríd go bhfuil trí bliana déag slánaithe agam, ó tháinig sí orm sa bhfeamnaigh ar bharra na taoide. Is seana-Bhríd a thugann bunóca do gach teaghlach máguaird. De réir scéala tagann sí ar na bunóca sa bhfeamnaigh ar bharra taoide gach oíche. Ní dóigh liom cathain a théann sí a codladh.
De réir scéala, mar ní cuimhin liom féin é, bhí mé ag béicigh go bríomhar nuair a thug sí don teaghlach seo 'gainne mé.
'Is breá an t-uchtach atá air', adúirt mná an bhaile a tháinig isteach chun an bunóc nua - mise- a fheiceáil.
Dar le Mam níor stadas ag béicigh ó shin i leith.
Ní buachaill dána mé, tá a fhios agat. Ba mhaith liom bheith im' bhuachaill maith ach tá rudaí istigh ionam a phléascann amach, agus níl neart agam air. Ní thuigeann daoine fásta comh deacair is atá sé bheith id' bhuachaill maith.
Mar shampla, lá dá raibh Mam ag súil le iníon Mháire Aindí a bhí abhaile ó Bhaile Átha Cliath. Bhí císte uachtair déanta ag Mam, a bhí ag fuaradh ar an dresser; Boladh álainn agus siúicre agus risíní. Tháinig dúil mhallaithe orm agus thóg mé píosa bídeach le mo mhéar. Mheas mé go bhfaighinn bás bhí sé comh milis sin. Sháigh mé mo mhéar beagánín isteach arís, agus arís eile. Mo léan! nuair a stadas bhí bearna mór sa chiste.
Chuala mé Mam ag teacht. Ritheas amach sa chlós.
'Jimín!'
Bhí grá ar easpa sa ghuth sin!
Choinnigh mé súil ghéar ar an doras. Bhí drochiontaoibh agam as Mam.
'Jimín, adeirim leat!'
Bhí Jimín comh bodhar le slis, tá a fhios agat. Ach níor dhein sin do Mham é. Thug sí sciúird fúm.
Chonaic mé chugham í agus as go brách liom ag baint grin óm' shála.
Ní fhachais a leithéid de rás, a mhic ó. Dá mbeadh an bóthar díreach aici dhéanfadh Mam an bheart orm, ach ansin thugainnse an cor di, agus bhí sí á traochadh agam. Ní haon mhaith mná chun reatha.
Ansin rugadh barra thuisle aisti ar an gcéacht agus b'éigean dí éirí as an bhfiach. Bhí sí bacach ar feadh seachtaine. Dúirt Cáit, sin í mo dhriofúr, go bhfuair m'athair sceimhle óm' Mham nuair a tháinig sé isteach tráthnóna. Deineann sí é sin nuair atá fearg uirthi. Daid bocht!
D'fhanas i bhfolach go hoíche agus ansin shleamhnaigh mé tríd an fhuinneog, agus isteach i mo sheomra leaba liom. Lig mé orm go rabhas im' chodladh nuair a tháinig Mam isteach, ach ní raibh aon dallamullóg uirthi.
'Ar dúirt tú do phaidreacha?'
Bhí orm éirí as mo leaba teolaí agus na paidreacha céanna a rá.
Níor labhair Mam liom ar feadh seachtaine.
Foclóir
feamnach = seaweed
barra taoide = high tide
bunóc = infant
Is breá an t-uchtach atá air = fine pair of lungs
ag fuaradh = cooling
dúil mhallaithe = fierce desire
comh bodhar le slis = deaf as a board
sciúird = dash
á traochadh = wearing her down
lorg = foot
b'éigean di éirí as an bhfiach = she had to give up the chase
sceimhle = a terrible telling off
lig ... ar = pretend
teolaí = cosy
Comments