top of page

Focail úsáideacha 4 Crúbáilte

  • Mar 30
  • 2 min read

Focail úsáideacha 4. Crúbáilte (groped)

Focail úsáideacha 4 Crúbáilte

 

Thárla rud mar seo do ghach bean ag taisteal ar an dtiúb i londain. Seo thíos scéal a d'inis mo chara, Chaoimhe, dhom.

 

 

Ar mo thaisteal abhaile Dé hAoine bhí mé im' sheasamh i gcaráiste plódaithe ar an dtiúb. Thug mé faoi dheara fear ag stánadh, am' nochtú lena shúile.

Diaidh ar ndiaidh bhí sé ag brú é féin im' threo.

Sa deireadh thiar bhí sé an-ghar dom, meangadh magúil, sotalach air. Nuair a bhí an traein ag gluaiseacht bhí sé ag cuimilt a ghabhal isteach liom d'aon ghno, gan náire.

Ansan mhothaigh mé lámh ar mo thóin am' chrúbáil. Bhí fhios agam gurab eisean a bhí á dhéanamh. Bhí an meangadh magúil, sotalach fós ar a aghaidh. Ní raibh mé ábalta éaló agus bhí a fhios san aige. Lean sé leis an iompar uafásach. Bhí fhios aige go raibh mé gan chumhacht.

 

Bhuail racht feirge mé.  

 

'Right, a mhic ó, cuirfidh mise stad le do geáitsíocht gránna'.

 

Bhí mé ag caitheamh péire stilíní arda. D'árdaigh mé mo chos agus bhrúigh mé síos lem' mheachain uilig ar a spág. A leithéid de scread níor chuala tú riamh.

 

'Tá brón orm. Ar ghortaigh mé thú? Is gluaiseacht na traenach, tá fhios agat. Bhí tú ro-ghar dom.'

 

Baineadh an meangadh magúil agus an sotal dhe.

 

B'fhéidir go mbeidh sé níos cúramaí sa todhchaí.

 

 Foclóir

caráiste plódaithe = crowded carriage

thug mé faoi dheara = I noticed

am' nochtú lena shúile = stripping me with his eyes

sa deireadh thiar = at last

meangadh, magúil, sotalach = a cheeky, mocking smile

a ghabhal = his crotch

ag cuimilt d'aon ghnó = deliberately rubbing

mhothaigh me = I felt

am' chrúbáil = groping me

gan chumhacht = powerless

racht feirge = fit of rage

geaitsíocht = playacting

péire stilíní arda= pair of stilettos

mo mheáchan uilig = my whole weight

baineadh an meangadh dhe = the smile was wiped off his face

gluaiseacht na traenach = motion of the train

sa todhchaí = in future



 

 

 

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Rithim na Teanga 2

Rithim na Teanga 2 (Cadence) Cadences 2 Irish Language rhythms/ cadences Language is best learned by immersion. A child learns its mothertongue by hearing and imitating. Irisg has words aplenty but c

 
 
 
Rithim na teanga 1

In speaking any language one of the most important things is getting the rhythms or that language. If I use a music analogy: If we are listening to music -singing or playing -even if we don't know the

 
 
 

Comments


bottom of page