top of page

Gníomh cineáltais dodhearmadtha

  • 2 days ago
  • 2 min read

Gníomh cineáltais

Thárla nuair a bhí mé naoi mbliana d'aois gur rinneadh gníomh cineáltais dodhearmadta gan choinne domsa. Is fíorscéal é seo.

 

Sa teach seo 'gainne bhí mo mháthair, mo dhearthairín, sé bliana d'aois, agus mé fhéin. Bhí m'athair thall i mBurma in Arm na Breataine ó 1941. 1946 an bhliain anois. Ní raibh mo mháthair ar fónamh. Fuair sí bás 1947.

 

Béal dorais bhí baintreach, ochtar clainne aici, duine díobh dhá bhliain níos sine ná mé féin. An buachaill sin, Seán Óg, i gcónaí am chiapadh de bharr m'athair a bheith in Arm na Breataine.

 

Bhí cumas iománaíochta orm agus cé nach raibh ach naoi mbliana slánaithe agam bhí mé ag imirt leis na faoi dhódhéaganna. Thárla go raibh Seán Óg ar an bhfoireann céanna.

 

Ar aon chuma, i gcluiche amháin chas mé rúitín go dona. Tháinig fear ionad im' áit agus d'fhág an Bráthair cúl le balla mé ag an dtaobhlíne.

 

Bhí mo dheartháirín liom - mar ba ghnáth.

 

Deireadh an chluiche d'imigh gach duine abhaile, an Bráthair san áireamh. Fágadh mise im' aonar le mo dheartháirín. Ní raibh mé ábalta siúl; bhí mo dheartháirín comh cráite sin gur mhún sé ina bhríste. Bhí mé i gcruachás.

 

Ansin tháinig duine i gcabhair orm, Seán Óg mo chiapaire.

Cé go raibh mé beagnach comh mór leis thug sé haigh-deá dom leathmíle abhaile, lámh mo dheartháirín ina ghlac aige. Um an dtaca sin bhí mo mháthair bhocht beagnach as a meabhar.

 

Ní dóigh liom gur thug mé buíochas ceart dó. Dhá bhliain ina dhiadh sin tháinig uncail leis ó Boston agus thug sé Seán Óg ar ais go Boston leis. Ní fhaca mé ó shin i leith é, ach níor dhein mé dearmad riamh ar an ngniomh cineáltais neamhleithleach a rinne sé beagnach ochtó mbliana ó shin.


Foclóir

gníomh cineáltais=act of kindness

dodhearmadtha = unforgettable

Gníomh cineáltais

gan choinne = unexpected

ní...ar fónamh= not well

béal dorais = next door

ciapadh = tormenting

cumas iománaíochta = good at hurling

faoi dhódheaganna = under 12s

rúitín = ankle

fear ionad = sub

cúl le balla = back to a wall

san áireamh = included

mhún sé = he wet himself

haigh-deá = piggy back

um an dtaca sin by that time.

neamhleithleach = selfless


 
 
 

Recent Posts

See All
Limiricí 2

Is iontach an Limiric chun rithim a mhothú. Ní mór an siolla a fháil amach agus an béim cheart a chur. seo thíos limiric nó dhó chun cuidithe ag faire thar Droichead na Bandain feicim ruball luascach

 
 
 
Fuaimniú: an 'fada' fíochmhar

Tá an 'fada' fíochmhar ina luí ag feitheamh leat. Áfach, tá an fada céanna de dhith agus riachtanach. Fadó d'fhoghlaim páistí an dán thíos: 'im bím babaró'. Cuidíonn sé, i ngan fhios, leis an bh'Fada'

 
 
 
Rithim na Teanga 2

Rithim na Teanga 2 (Cadence) Cadences 2 Irish Language rhythms/ cadences Language is best learned by immersion. A child learns its mothertongue by hearing and imitating. Irisg has words aplenty but c

 
 
 

Comments


bottom of page