Jimín 2; an Gandal
- 15 hours ago
- 2 min read
Jimín, Caib 2
In which Jimín is in trouble for hitting Beit's gander on the side of the head with a stone, and trying to ride the white calf. Mam defends him to Beit but then to his surprise gives him a hiding.
Jimín Caib. 2 (a)
An Gandal
Is cruaidh an saol a bhíonn ag buachaillí dem' shaghas-sa - ní
féidir linn faic a dhéanamh ná bíonn duine éigin ar mhullach orainn.
Mar shampla, an lá fé dheireadh bhuaileas gandal Bheit Mhóire sa leathcheann le cloch. Dhein Beit gearán le Mam.
Dúirt Mam gur mhór an náire dhi gandal mallaithe a bheith aici, agus go raibh scanradh ar leanai an bhaile roimis, agus dá mbeadh sí in aon bhaile eile cuirfí an dlí uirthi ina thaobh.
Chromas féin ag gol le scanradh, mar dhea, chun go dtaga fearg ar Mam chuig Beit. Mheasas nach ndéanfaí faic liom.
Ach, a dhuine, ní raibh aithne agam ar Mham. Nuair a d'imigh Beit abhaile go míshásta, agus stadas den ghol, a mhic ó, rug Mam orm agus thug sí léasadh dhom.
Deirim leat go ndíolas as an ngandal úd.
Aréir bhíos ag marcaíocht ar an ngamhain bhán agus chuala an baile mé ag scréachaigh nuair a bhí Mam am' bhualadh.
Níor tháinigh éinne chun mé a shaoradh uaithi.
Ní rabhas leath comh gortaithe is ba dhóigh leat, tá fhios agat.
Deir siad nach fearúil an rud é a bheith ag gol ná ag béicigh, ach ná caithfeadsa rud éigin a dhéanamh chun mé féin a chosaint ar Mham.
Is í Mam mo namhaid aiceanta. Ní stadann sí ach ag gabháil dom go mbíonn mo chroí briste aici - an móin a bhreith isteach; an t-uisce a bhreith isteach; an bó bhradach a thiomáint as an gcabáiste; na prátaí a phiocadh....
Níl fhios agam cad chuige ar cuireadh máithreacha ar bhuachaillí in aon chor.
Foclóir
Is cruaidh an saol = it's a hardlife
buachaillí dem' shaghas-sa = boys like me
ar mhullach orainn = on our backs
leathcheann an ghandail= side of the ganders head
mar dhea = letting on
an gamhan bán = the white calf
is ba dhóigh leat = as you might think
fearúil = manly
namhaid aiceanta = natural enemy
bó bhradach = thieving cow
in aon chor = at all.
Comments