top of page

Téamh Domhanda agus Athrú aeráide

  • 22 hours ago
  • 2 min read

Seanfhocal: An áit a mbíonn toit bíonn tine =

no smoke without fire.

 Téamh Domhanda agus Athrú Aeráide

 

An Domhan trí Thine
An Domhan trí Thine

Tá tonn teasa eile ag tosnú inniu, Dé Máirt, 28 lá de mhí Iúil, an ceathrú ó thosach an tSamhraidh.


Ainneoin an Domhan uilig trí thine; tinte ghréagacha gan smacht; tonn teasa i ndhiaidh tonn teasa, ainneoin an fhianaise sin uilig tá séantóirí Téamh Domhanda agus Athrú Aeráide ann nach gcreideann an eolaíocht; tá an oighearchaidhp ag crapadh; tá teocht na n-aigéan ag dul suas; tá an Bhreatain faoi thriomach; tá na taiscshorcóirí ró-íseal; tá cosc ar píobáin uisce i bhfeidhm go forleathan timpeall na tíre.

 

Dar le na séantóirí úd níl ann ach feiniméan timthriallach.

 

Is séantóir téamh Domhanda agus Athrú Aeráide é Donald Trump agus a chairde, na Comhlachtaí ola. Dar leo is bob atá á bhualadh ar dhaoine róchreidmheacha;  dósan is eascaine salach é 'neodracht carbóin' a rá. B'fhearr leo: Drill! Drill! Drill, Baby! Sin A mantra, agus don Diabhal le sláinte an Domhain. Is brabús atá á dtiomáint.


Tá brú mór ar an bPríomh Aire nua, Andy Burnham, an Mhuir Thuaidh a oscailt do na Comhlachtaí druileála.

 

Tá Donald Trump ag bagairt an dlí a chur ar Cheanada de bharr an deatach atá ag séideadh i dtreo na Stáit Aontaithe. Deireann sé nach bhfuil na Ceanadaigh ag riaradh a bhforaois i gceart.

 

Deireann sé an rud baileach céanna faoi na 'wild-fires' i gCalifornia agus ins na Stáiteanna atá Daonnlathach sna Stáit Aontaithe.

 

 

Foclóir

tonn teasa = heatwave

Téamh Domhand, Athrú Aeráide

Téamh Domhanda = global warming

ainneoin = despite

tine ghréagach = wildfire

gan smacht = out of control

oighearchaidhp = ice cap

ag crapadh = shrinking

aslonnú = evacuation

aigéan = ocean

triomach = drought

taiscshorcóir = reservoir

cosc píobáin forleathan = widespread hosepipe ban

feiniméan timthriallach = cyclical phenomenon

bob = hoax

ró-chreidmheach = gullible

eascaine = swear word

brabús = profit

neodracht carbóin = net zero(carbon neutral)

baileach = exact

ag riaradh = managing

Daonnlatha = Democratic

 

 
 
 

Recent Posts

See All
An Corn Domhanda 5

Cluichí a chonaic mé Sasana i gcoinne an Airgintín An cluiche ba dhóchasaí 'Ag teacht abhaile' Tar éis seasca bliana ag feitheamh bhí Sasana dóchasach go raibh An Corn Domhanda 'ag teac

 
 
 
An Corn Domhanda 4

An Corn Domhanda Cluichí a chonaic mé 4 An cluiche ba leadraánaí sa chomórtas go dtí seo: An Spáinn i gcoinne an Phoirtingéal. Cosaint - imirt siar-cosaint -imirt siar Z-z-z-z. Ba bheag nár thit m

 
 
 
bottom of page