top of page

Ag maireachtáil le hAilse

  • 1 day ago
  • 2 min read

Ag maireachtáil le diagnóis marfach

Is mó daoine atá ag maireachtáil le diagnóis ailse.

 

ailse brollaigh = breast cancer

ag maireachtáil le

ailse putóige =Bowel cancer

ailse prostataigh = prostate cancer

ailse drólainne = colon cancer

ailse paincréis = cancer of the pancreas

 

Ailse cnis = skin cancer

 

Is fíordheacair do dhaoine ag maireachtáil le hailse, agus is fíordheacair do na daoine is ansa leo.

 

Lá dá raibh, bhi sé ina a bhreith báis an diagnóis céanna. An Lá atá inniu ann tá leigheas ar chuid mhór d'ailsí. Ach ní mór luathdhiagnóis a bheith ann. Faraor, go minic bíonn sé ró-dhéanach, go háirithe i measc na bhfear.

 

Is mór an dul chun cinn atá déanta i dtaighde ar ailse ach braitheann an leigheas ar an luathdhiagnóis. Faraor, go minic ní bhíonn siomtóim soiléir ann, nó ní tugtar aon áird orthu.

 

Tá aithne ag cách ar duine éigean atá ag maireachtáil leis an aicíd uafásach seo. Céimiteiripe nó máinliacht an rogha.


Is millteach an chóireáil é céimiteiripe. Fágann sé an t-othar scriosta. Is fogha uafásach faoin gcóras uilig é.

 

Níos measa fós, dar le mo chara atá i lár cóireála céimiteiripe, is an éiginnteacht atá ag baint leis an gcóireáil. An bhfuil sé ag obair? An fiú é seo a fhulaingt?

 

Na ceisteanna céanna nuair a théann a t-othar faoi scian a' doctúra.


An bhfuaireadar an ailse uilig? An dtiocfaidh sé ar ais?


Fiú nuair atá fuarú ann fanann an éiginnteacht.

 

Brúann sé go mór ar stáid mheabhrach an othair.

An bhean le ailse brollaigh- a haitheantas mar bhean gan chíoch i gceist.  

 

Cara eile liom le ailse paincréis do-leigheasta, leibhéal 4, chuir sé lámh ina bhás féin. Ní fhéadfadh sé ospis a ghlacadh.


Níl focail ar bith chun an comhbhróin a thabhairt do dhuine atá ag streachailt le drochnuacht uafásach mar an diagnóis seo.  


Foclóir

ag maireachtáil le = living with

lá dá raibh = there was a time

daoine is ansa = nearest and dearestfiii

breith báis = death sentence

luathdhiagnóis = early diagnosis

máinliacht = surgery

a fhulaingt = to suffer/endure

faoi scian a' doctúra = surgery

fiú = even

fuarú = remission

stáid mheabhrach = mental state

aitheantas = identity

do-leigheasta = incurable

ag streachailt = struggling with




 

 
 
 
bottom of page