Turas go Lincoln 2
- 1 day ago
- 2 min read
Turas go Priosún Lincoln 2
Óchón! Óchón! Shrois mé Priosún Lincoln, i gCaisleán Lincoln Dé hAoine seo caite. Bhí treoraí iontach ann. Thugamar cuairt ar na cillíní; chuamar isteach sa Séipéal ciorcalach, suiocháin ina sraitheanna suas, gach suíochán scartha ón suíochán béal dorais chun cosc a chur ar teangmháil idir priosúnacha.
Dúirt an treoraí go raibh Séipéal eile do Chaitilicigh gar don chlós aclaíochta.
Ar aghaidh liom go scleondrach. Bhuail mé le treoraí eolach eile. Mhínigh mé dó fáth mo chuairte, agus mo scleondair.
D'fhéach sé orm, trua in a shúile:
'A uasal, tá dul amú ort. Dhúnadar an Priosún Victeoireach seo 1878. Más é 'briseadh amach' 1919 atá uait ní mór duit dul go dtí HMP Lincoln atá timpeall míle ón áit seo.
Áfach, is priosún atá ag obair mar phriosún, agus ní fhéadfá dul isteach chun 'féachaint timpeall' mar thurasóir.
Is oth liom a rá gur turas in aisce atá agat.'
Mórchúis náire dom. Ag luisniú, bhí orm a admháil nach raibh m'obair bhaile déanta agam ina iomlán. Ceacht maith foghlamtha agam.
Is mó a bhí geallta agam ón dturas seo go Lincoln, ach is beag atá ag baint leis an ábhar a thug mé abhaile.

Cé go raibh díomá orm faoin chuairt go Priosún Lincoln, bhain mé sult mór as an gcuairt ar an ArdEaglais iontach. Shuigh mé faoi draíocht is na Cantairí ag canadh Easpartan. Ba as na Flaithis guthanna na cantairí óga. Ba as Ifreann na 'misericords' ina raibh mé im' shuí. A leithéid de mhíchompord!
Chuaigh mé chun 'Magna Carta', 1215 AD, a fheiceáil sa Chaisleán. Níl ach ceithre chóip sa tír.

Féach ar 4 agus ar 9. Is iad san Bunchloch ár gCóras Dleathaíochta.
Foclóir
óchón =- alas
treoraí = guide
inba sraitheanna = tiered
scartha = separated
teangmháil = contact
clós aclaíochta
scleondrach = excited
tá dul amú ort = you are mistaken
áfach = however
is oth liom a rá = I'm sorry to say
turas in aisce = wasted journey
mórchúis náire = great embarrassment
ag luisniú = blushing
geallta = promised
sult = enjoyment
Cantairí = choristers
Easparta = Evensong(Vespers)
bunchloch = foundation stone
córas dleathaíocht = Justice/legal system



Comments