Turas go Lincoln 3
- 7 hours ago
- 2 min read
Ardeaglais Lincoln Fíricí aisteacha 1
'Sé 'the Imps' leasainm Lincoln City FC. De ghnáth baineann leasainmneacha leis an áit nó le ceard éigean atá cleachtaithe san áit sin: the Gunners; the Tractor Boys; the Saints; the Hatters; the Cobblers; the Canaries; &rl.

'Sé an rud atá neamhghnáthach faoi Lincoln City FC agus na Diaibhlíni (Imps) ná an baint atá ag an leasainm le hArdeaglais na Cathrach.
De réir an mbéaloideas bhí drochghiúmar ar an Diabhal lá fadó agus sheol sé beirt Diaibhlín i dteannta a chéile go dtí an Ardeaglais chun mórdhiabhlaíocht' a dhéanamh. Ar an mbealach bhain siad cor as spuaic na hEaglaise i Chesterfield. Tá an spuaic chasta le feiceáil an lá atá inniu ann.

Nuair a shrois siad Ardeaglais Lincoln rinne siad a leithéid de dhiabhlaíocht, rí-rá is ruaille buaille; thug siad barrthuisle don Easpag a d'fhág ina shuí ar a thóin é; bhris siad troscáin; chaith siad rudaí timpeall; chuireadar rudaí i bhfolach; rinne siad fonóid faoi na Cantairi óga.

Sa deireadh thiar sheol Dia Aingeal go dtí an Ardeaglais. Chuaigh Diaibhlín amháin i bhfolach faoi bhord, ach chaith an Diaibhlín sotalach eile clocha ag an Aingeal. Dhíbir an t-Aingeal é sin mar gairgeáil go barr colúin sa chroslann(transept). Is ansin atá sé le feiceáil ó shin i leith ina shuí, a dhá chois trasna ar a chéile ag féachaint go sotalach ar na daoine thíos.

Deirtear go bhfuil an Diaibhlín eile fós san Ardeaglais ag feitheamh lena chara. Nuair a shéideann gaoth láidir faoi leith timpeall na hArdeaglaise deirtear gurab é sin an Diaibhlín úd.
Tá Cathair Lincoln an-bhródúil faoin Diaibhlín agus chuireadar a íomhá ar sciath na Cathrach.
Foclóir
neamhghnáthach = unusual
&rl = agus gach rud eile = etc
diabhlaíocht = devilment/mischief
fonóid = fun
gairgeáil = gargoyle
croslann = transept
ó shin i leith = from that day
sotalach = cheeky
bródúil = proud
íomhá = image
sciath na Cathrach = the City shield.



Comments