An Corn Domhanda 1
- 11 hours ago
- 2 min read
An Corn Domhanda
Bhí mé ag cur is ag cúiteamh le mo cháirde sa teach tábhairne aréir, lucht leanúna peile iad uilig, ar an gCorn Domhanda. D'aontaíomar go raibh foclóir faoi leith de dhíth. Is beag comhaontas eile a bhí eadrainn. Ar aon chuma, seo thíos torthaí ár gcomhrá.
Ní raibh an réamhthréimhse ró- mhaith don Chorn Domhanda. Bhí Trump ag iarraidh greim a ghabháil ar an dtionscail uilig. Bhí sé ag iarraidh coinníollacha a leagadh ar na láithreacha, go mbeadh na roghanna ina lámha féin. Rinne sé an leathscéal nach mbeadh láithreacha éagsúla slán, go háirithe láithreacha ina raibh na Daonlathaithe i gceannas. Theip air é sin a aimsiú.
Chuir HMS cosc ar Moltóir amháin as Somalia ag an dteorann agus sheoladar ar ais go dtí a thír dhúchais é.
Bhronn Uachtarán FIFA, Gianni Infantino, an FIFA Duais Síochána plámásach ar Trump nuair a theip ar Trump an Duais Síochána Nobel a fháil. Ba rud conspóideach é, an duais céanna mar níor phlé Infantino an Duais, duais nach raibh ann riamh roime sin, le baill eile de FIFA.
Bhí ceist mhór faoi ghníomhaíochtaí ICE agus DHS; bhí ceisteanna faoi thicéidí - bhíodar ró-dhaor don ghnáthdhuine.
Bhí ostlannaithe agus bialannaithe buartha. Bhíodar ag brath ar uimhreacha móra, agus de réir réamhfhaisnéis ní raibh ticéidí á gceannach in uimhreacha móra ag daoine thar lear.
Bhí fadhb leias an gcogadh i gcoinne na hIaráine. Cad faoi foireann peile na hIaráine?
Tarraingt i gcoinne Nua-Shéalainne go luath.
Ar aon chuma, bhí Searmanas Oscailte bríomhar ann, agus thosnaigh na cluichí. Bhí bua mór ag na Meiriceánaigh i gcoinne Paraquay. Ansan bhí bua ag na hAlbanaigh i gcoinne Haiti. Iontas na n-iontas tarraingt ag Cape Verde i gcoinne na Spáinnigh.
Beidh Sasana ag imirt i gcoinne Cróite.
Faraor, níor cháiligh na hÉireannaigh, ó thuaidh nó ó theas.
Foclóir
ag cur is ag cúiteamh = ag plé = discussing
lucht leanúna = followers
D'aontaíomar = we agreed
comaontas = agreement
torthaí = fruits
réamhthréimhse = run-up
láithreacha = venues
DHS = Dept. of Homeland Security
cosc a chur = to bar
moltóir = referee
plámásach. = flattering
conspóideach = controversial
gníomhaiochtaí = activities
ostlannaithe = hoteliers
bialannaithe = restaurateurs
ar aon chuma =anyway
tarraingt = a draw
Searmanas Oscailte = Opening Ceremony
intas na n-iontas = wonder of wonders
níor cháiligh = didn't qualify


Comments