An Corn Domhanda 2
- 1 day ago
- 1 min read
An Corn Domhanda 2
Cluichí a chonaic mé
1.an Airgintín i gcoinne na hAilgéire
Messi: Hat-trick ag Messi; an chéad hat-trick riamh i gCorn Domhanda. An Chéad cúl iontach ar fad. Triocha slat díreach go h-ard ar dheis i gcúinne an lín. Cúl dodhearmadtha!
faraor bhí ceist faoi feall a rinne Messi nuair a thaicleáil se Mandi. Deireann daoine áirithe go raibh carta dearg tuillte. Níor aontaigh an moltóir leo agus bhronn sé cic saor.
2.An Fhrainnc i gcoinne Senegal
Mbappe: dhá chúl den scoth. Is fear óg é Mbappe agus dar le saineolaithe áirithe beidh sé níos fearr ná imreoir ar bith eile roimhe, nó, b'fhéidir, go deo.
3.Bua maith (4-2) ag Sasana i gcoinne na Cróite. Bhí ar Harry Kane cic píonóis a athógaint - ní raibh cúl báire na Cróite ar a líne nuair a thóg Kane a chic.
4.Mí-ádh ar Czechia déanach sa chluiche tuirsiúil i gcoinne na hAifrice Theas nuair a bhronn an Moltóir cic píonóis conspoideach de bharr feall láimhseála ag Sulc. Ba bheag seans a bhí ag an imreoir céanna é a sheachaint. Bhain An Aifric Theas tarraingt.
Foclóir
díreach go h-ard ar dheis = straight top right.
cúl den scoth = goal among the very best
athógaint = retake
mí-ádh ar = unlucky
dodhearmadtha = unforgettable
sodhearmadtha = forgettable
a sheachaint = to avoid
conspóideach = controversial
tuirsiúil = tiresome/dull

Comments