An Corn Domhanda 3
- 2 days ago
- 2 min read
Cluichí a chonaic mé
Theip ar an nGearmáin Paraquay a shárú. Níor bhain siad amach áit insan dhá is triocha deireannach. Ba chúis iontais do dhaoine é sin, An Ghearmáin an foireann is rathúla tar éis na Breasaíle sa Chorn Domhanda.
Mar is gnáth an lá atá inniu ann b'shin deireadh le réim an Bhainisteora Nagelmann.
Iontas eile ab ea imeacht na hÍsealtíre, sáraithe ag Morocco.
Is iontach an méid tír ón Aifric a cháiligh don Chorn Domhanda.
Is mór an trua go raibh an méid ciníochais ar-líne dírithe ar an imreoir gorm bocht nár éirigh leis in sna ciceanna píonóis.
Sháraigh Senegal an Bheilg 2-0.
Is ar éigean a Sháraigh na Sasanaigh DR Congo. Bhí DR Congo ar aghaidh 1-0 agus gan ach ceathrú uair a' chloig fágtha. D'éirigh leis an gCaptaen Kane cothromaíocht a fháil. Seacht neomat ochtó réab Kane an liathróid go h-ard i gcúinne clé an lín. Cúl iontach.
Sin cúig chúl aige sa chomórtas go dtí seo.
Lig lucht leanúna Sasana Osna fada, faoisimh. Bhíodar cinnte go raibh siad ag dul abhaile.
Tá siad slán sa séú déag deireannach agus tá Bainisteoir Tuchel slán.
Beidh an chéad cluiche eile i gcoinne Mexico dúshlánach. Beidh Sasana ag imirt dhá mhíle méadar thuas insna sléibhte. Níl taithí ar bith orthu bheith ag imirt in aeráid comh h-ard le sin. Buntáiste mór do Mhexico ag imirt sa bhaile.
Foclóir
theip ar ... = failed
a shárú = defeat/overcome
níor bhain siad amach = they didn't make
cúis iontais = a cause of surprise
Is rathúla = most successful
Is mór an trua = a great pity
ciníochas = racism
imreoir gorm = black player
cothromaíocht = equaliser
lig osna faoisimh = let a sigh of relief
dúshlánach = challenging
aeráid = climate/atmosphere
buntáiste = advantage.
Comments