An Corn Domhanda 3
- 1 day ago
- 2 min read
Cluichí a chonaic mé
1. D'fhan mé im' shuí aréir chun an chluiche Alba i gcoinne Morocco a fheiceáil.
Mo léan! Réab Saibari cúl isteach ag tosnú an chluiche - seachtó soicind.
Bhí dhá bhreith conspóideach ag an moltóir Uzbek. De réir saineolaithe áirithe ag féachaint ar an gcluiche sa Studio ba chóir cic píonóis a bheith ag na hAlbanaigh uair amháin ar a laghad - dar le duine amháin atá ina moltóir idirnáisiúnta.
Pé scéal é, throid na hAlbanaigh go cróga.
Nuair a leag Diop Che Adams bhí cárta dearg tuillte aige, ach ní fhuair sé ach cárta buí.
Tá dóchais na n-Albanach beo fós, ach is caolseans é.
Ar aghaidh libh, a Bhuachaillí! Alba go brách!
2. Paraquay i gcoinne na Túirce. Ní fhaca mé a leithéid riamh, ach tá riail nua ann anois faoi chaint le duine i bhfoireann eile agus do bhéal á chlúdú agat le do lámh. Rinne Almiron, Paraquay, é sin is é ag caint le imreoir ón dTúirc. Rinne an t-imreoir céanna gearán agus thug an Moltóir cárta dearg do Almiron.
Bhí an bua ag Paraquay.
'Sé aidhm an riail, cosc a chur le ráiteas hómafóbacha agus ráiteas ciníocha a dhéanamh.
3. Bua eile do na Meiriceánaigh. Dhá chúl i gcoinne na hAstráile. An chéad chúl orthu féin nuair a bhuail Cameron Burgess an liathróid isteach ina líon féin. Lean cúl eile sa chéad leath le buille cinn ag Alex Freeman.
Bua maith.
Foclóir
D'fhan mé im' shui = I stayed up
breith = decision
ar a laghad = at least
leag sé = he knocked down/felled
caolseans = longshot
ar an gcaolseans = on the off-chance
dóchais = hopes
ní fhaca mé a leithéid = I haven't seen the likes
ráiteas hómafóbach = homophobic comment
ráiteas ciníoch = racist comment
cúl orthu féin = own goal
buille cinn = header
Comments