An Doctúir Kathleen Lynn, Réabhlúnai
- 1 hour ago
- 4 min read
Banlaochra de Chogadh na Saoirse Dearmadtha
Nuair a bhí mé ar scoil insna dachadaí is na caogadaí múineadh stair na hÉireann gan tagairt do na mná cróga a rinne sárobair sa troid ar son saoirse na hÉireann. Chuala mé beagánín faoi Countess Markievitcz -i gcónaí le gunna ina a lámh, ach nuair a bhí mé im' mhac léinn i London ins na seascaidí spreagadh mo chuid shuime san ábhar nuair a léigh mé faoi an Doctúir Kathleen Lynn, bean thar barr - réabhliúnach radachach, bean a bhí i gceannas Halla na Cathrach le linn Éirí amach na Cásca, 1916. Doctúir sároilte a bhunaigh Ospidéal Páiste, Teach Ultáin i mBleá Cliath; bean Protastúnach a ghéill a muintir, agus a maoin ar son na cúise; leispiach a mhair go bás lena pairtnéir Madeleine ffrench-Mullen, réabhlúnaí radacach eile.
Tuige nár chuala mé faic faoin bhanlaoch iontach seo nuair a bhí mé ar scoil i gCorcaigh- rinne mé mo Ardteist 1955, bliain a báis? Chuala mé a lán faoi na fir, go háirithe faoi Dev. Ní Dev ná an Eaglais a chuaigh i ngleic leis na coinníollacha uafásacha in a mhair na boicht ainniseacha i mBleá Cliath agus in áiteanna eile timpeall na tíre.
Cé mhéid banlaoich eile atá dearmadtha no 'airbrushed out'? Tá liosta fada agamsa. Seo mo chéad bhanlaoch:
An Dr Kathleen Lynn
Rugadh Kathleen Lynn 1874, i gContae Mhuigheo, iníon do Mhinistéir Eaglais na hÉireann. Chonaic sí torthaí uafásacha an Ghorta Mór- bochtanas, míchothú, drochshláinte. Spreagadh a chonaic si fonn mór inti a bheith ina doctúir.
Rinne sí staidéar i mBleá Cliath, san Gearmáin agus ins na Stáit Aontaithe. Ba dhochtúir sároilte í.
Um an dtaca sin ba shufraigéid radacach í - shufraigéid gan leisc uirthi úsáid a bhaint as an lámh láidir.
Nuair a bhuail sí le banlaoch eile, Helena Moloney, chas sí i dtreo Poblachtachtais. Mar ball de Inghinídhe (Iníní) na hÉireann, níos déanaí: 'Cumann na mBan', d'oibrigh sí taobh leo siúd i measc na mbocht le linn an 'Great Lockout, 1913, nuair a dhein William Martin (Murder) Murphy agus 300 fostóirí a seacht ndícheall oibrithe, Larkin i gceannas orthu siúd, a bhriseadh le gorta.
Bhunaigh James Connolly an Irish Citizen Army (ICA) chun na hoibrithe a chosaint. Bhí Kathleen Lynn ina príomhdhochtúir san ICA. Mar MO mhúin sí garchabhair; chuidigh sí i smugláil arm go Liberty Hall, Ceanncheathrú an ICA.

Le linn Éirí Amach na Casca, 1916, bhí sí ina leasCeannaire ag Halla na Cathrach agus nuair a lámhach an Ceannaire óg, Seán Connolly go marfach ag snipéir ag tús an chatha bhí Kathleen Lynn i gceannas na hAonaide go dtí gur ghéill an Piarsach.
1919 bhuail dhá rud uafásach, an Fliú eipidéamach, agus rud eile nár dhein éinne tagairt dó, Sifilis. Nuair a tháinig na saighdiúirí abhaile bhí sifilis forleathan ina measc. Thug siad dá mná é agus i ngan fhios dó siúd dá bpáistí.
Le linn na tragóide dúbailte sin bhunaigh Kathleen Lynn, Madeleine ffrench-Mullen agus Helena Moloney Ospidéal do na leanaí, Teach Ultáin (St Ultans) as a maoin féin. Ní raibh ach mná ag obair i dteach Ultáin.
Dhein Cumann na mBan agus Cumann na dTeachtaire a seacht ndícheall airgead a chruinniú don tioscail.
Bhí an ospidéal céanna ann go dtí na seachtóidí nuair a thugadar isteach sa chóras náisiúnta é.
Ba ghaistreintriteis(gastroenteritis) an príomh-mharfóir leanbh i mBleá Cliath ag an am seo. Bhunaigh an Dr Margaret Enright, Teach Ultáin, córas oideachas Slántaíochta do na daoine.
Bhí sé an-deacair do mhná postanna a fháil mar Dhoctúirí ag an am seo, ainneoin a maitheas, mar bhí an Córas Leighis fireannach go láidir ina gcoinne. Ba Paediatrics an t-aon bhealach amháin oscailte do mhná.

Bhí an eitinn forleathan i measc na mbocht. Ba i dTeach Ultáin a thugadh BCG don chéad uair in Éirinn. Ba í an Doctúir Dorothy Stopford-Price, Doctúir a chaith a saol profisiúnta uilig i dTeach Ultáin.
Ba mhná láidre iad, cuid acu leispiach agus cuid mhór acu Protastúnach, a bhí ag obair i measc na mbocht i mBleá Cliath roimh agus t'réis Éirí Amach na Casca.
Níor thaithin sé leis an deachtóir úd John Charles McQuaid, ArdEaspag Bleá Cliath go raibh mná Protastúnacha ag obair le leanaí Caitiliceacha - agus ní raibh smacht aige orthu - mná mí-umhla. Chuir sé gach bac ab fhéidir leis ina mbealach.
Ins na caogadaí thug sé a bheannacht d'ospidéal nua do leanaí i gCrumlin. Ba thairne é i gcónra Teach Ultáin.
Fuair Kathleen Lynn bás ar an gceathrú lá déag de mhí MheánFomhair, 1955 in aois 81. Thug an Stáit socraid lánmíleata di. Bhí na sluaite ar na sráideanna. Níor dhein na daoine dearmad ar an mbean iontach, cróga, Kathleen Lynn.
Ní raibh Seirbhís reiligiúnach.
Tá plaic ar a teach i Rathmines. Tá sí curtha i Deansgrange, in uaigh a muintir.
Ar Dheis Dé a hAnam cróga.
Foclóir
banlaoch = heroine
gan tagairt do = without reference to
réibliúnach = a rebel
sároilte = highly trained
a ghéill a muintir agus a maoin = surrendered her family and he means
leispiach = lesbian
torthaí an ghorta mór = results of the great famine
Michothú = malnourishment/starvation
eispéireas = experience
lámh láidir = physical force
garchabhair = first aid
ceanncheathrú = headquarters
lámhach = shot
a seacht ndícheall = their level best
marfóir = killer
córas oideachas sláintiúla = hygiene education system
ainneoin a maitheas = however good they were
córas leighis fireann = male medical establishment
eitinn = TB
deachtóir = autocrat
mí-umhla = disobedient
tairne i gcónra = nail in the coffin
socraid lánmíleata = full military funeral

Comments