top of page

Scéal ghrá tragóideach: Grace agus Seosamh Máire Pluncéid

  • 12 hours ago
  • 5 min read

Grá cráite, daortha ag tíoránaigh neamhnáireacha, gan trua gan trócaire. Cheadaigh siad a bpósta ach níor ligh siad le chéile an lánúin nuaphosta cé go raibh siad ar tí an fearchéile, Seosamh Máire Pluincéid, a lámhach, cé go raibh an fear céanna ar leaba a bháis leis an eitinn.

Ba chuid den 'Íobairt Fola' é a spreag athrú intinne in Éirinn, athrú a spreag Cogadh na Saoirse, an cogadh a bhris an ghreim daingean a bhí ag an mBreatain ar muinntir na hÉireann.


'The fools, the fools! they have left us our fenian dead' P. Mac Piarais ag uaigh O'Donovan Rossa 1915'


Tá an blog seo roinnte i dtrí chuid. Roghnaigh an leibhéal is oiriúnaí.


Grace

Bunleibhéal

 

Ar an gceathrú lá de Mhí na Bealtaine, 1916 sheas fear óg, in aois ocht is fiche, roimh scuad lámhaigh i bPriosún Kilmainham. Cúpla uair a'chloig roimhe phós an fear céanna a ghrá geal, Grace Gifford, i Séipéal an Phriosúin. Deich neomat an tráth a chaith siad le chéile mar lánúin pósta i gcillín plódaithe le saighdiúirí armtha roimh a bhásu.

Joseph Mary Plunkett, Seosamh Máire Pluncéid, an fear óg, an duine is óige a shínigh an Forógra: 'Poblacht na hÉireann'; Forógra a chur tús le Éirí Amach na Cásca ar an gceathrú lá is fiche de Mhí Aibreáin, 1916, deich lá roimh a bhásu.

Grace bunleibheal

 

Dachad blianta, nó mar sin, ó shin (1988) chum na deartháireacha Ó'Meara an t-Amhrán álainn 'Grace'. Is féidir é a chloisteáil ar youtube, ráite ag daoine mar Jim McCann, Rod Stewart the Dubliners, &rl.

 

Chum Seosamh an dán: 'I see his blood upon the Rose'.


I see his blood upon the rose

and in the stars the glory of his eyes

His body gleams amid eternal snows

His tears fall from the skies


I see his face in every flower,

the thunder and the singing of the birds

are but his voice, and carven by his power

rocks are his written words


all pathways by his feet are worn

His strong heart stirs the ever-beating sea

His crown of thorns is twined with every thorn

His cross is every tree


Tá dráma 'The Blood upon the Rose' le Gerry Cunningham


 Foclóir

Lánúin = couple

plódaithe = crowded

forógra = declaration

chum sé he composed


Grace

Meánleibhéal

Ar an gceathrú lá de Mhí na Bealtaine, 1916 sheas fear óg, in aois ocht is fiche, roimh scuad lámhaigh i bPriosún Kilmainham. Cúpla uair a'chloig roimhe phós an fear céanna a ghrá geal, Grace Gifford, i Séipéal an Phriosúin. Deich neomat an tráth a chaith siad le chéile mar lánúin pósta i gcillín plódaithe le saighdiúirí armtha roimh a bhásu.


 Joseph Mary Plunkett, Seosamh Máire Pluncéid, an fear óg, an duine is óige a shínigh an Forógra: 'Poblacht na hÉireann' ; Forógra a chur tús le Éirí Amach na Cásca ar an gceathrú lá is fiche de Mhí Aibreáin, 1916, deich lá roimh a bhásu.

 

Seosamh Máire Pluincéid
Seosamh Máire Pluincéid

Bhuail Seosamh agus Grace le chéile nuair a thug sí cuairt le bean mór le rá ag ceiliúradh bunú Scoil Éanna. Bhí Seosamh ann mar eagarthóir irise, The Irish Review.

Thit siad i ngrá. Níos déanaí bheartaigh siad ar pósadh um Cháisc 1916. Níor thaitin sé lena clann toisc a olc is a bhí sláinte Sheosaimh. Bhí an eitinn marfach air. Dhíbir a clann í.

Chun a bheith le taobh Pádraig MacPiarais agus na hÓglaigh eile ag tús na hÉirí Amach d'fhág sé leaba an bháis agus bhí sé ag an GPO chun an Forógra a Fhoillsiu.

Nuair a dhaoradh é chun báis ag an gCúirt Míleata cheannaigh Grace fáinne agus d'áitigh sí ar sagart, an t-Athair Eugene MacCarthaigh, agus ar na hÚdaráis, Major Lennon, Cead Pósaidh a thabhairt di roimh a bhású.

Pósadh iad i Séipéal an Phriosúin dhá uair a chloig roimh a bhásu. Bhí beirt gárdaí priosúnacha i bhfianaise. Ní raibh fiú cead cainte acu ach ceisteanna na Seirbhíse a fhreagairt. D'iarr an Sagart na cuibhreacha a bhaint den fhear bocht a bhí gar don bhás ar aon chuma.

 

Tar éis a bpósadh cuireadh ar ais i gcuibhreacha é agus cuireadh ar ais in a chillín é.

Grace meánleibheal

 

Dhá uair a chloig tar éis meánoíche thug Major Lennon cead di deich neomat a chaitheamh le Seosamh i gcillín plódaithe le saighdiúiri armtha. Chomhairigh siad na neomatai a bhí ceadaithe. Díreach ina dhiaidh sheas sé roimh scuad lámhaigh i Stonebreakers Yard.

 

Tar éis a bhású thógadar a chorp agus coirp triúr chompánach agus chaitheadar iad san aolchlais in Arbour Hill. Eachtra díoltasach, neamhnáireach ag Údarás díoltasach, neamhnáireach.

Dachad blianta, nó mar sin, ina dhiaidh (1988) chum na deartháireacha Ó'Meara an t-Amhrán álainn 'Grace'. Is féidir é a chloisteáil ar youtube, ráite ag daoine mar Jim McCann, Rod Stewart the Dubliners, &rl.

 

Chum Seosamh an dán: 'I see his blood upon the Rose'.

Tá dráma 'The Blood upon the Rose' le Gerry Cunningham

 

Grace

 Ardleibhéal

Ar an gceathrú lá de Mhí na Bealtaine, 1916 sheas fear óg, in aois ocht is fiche, roimh scuad lámhaigh i bPriosún Kilmainham. Cúpla uair a'chloig roimhe phós an fear céanna a ghrá geal i Séipéal an Phriosúin. Deich neomat an tráth a chaith siad le chéile mar lánúin pósta i gcillín plódaithe le saighdiúirí armtha roimh a bhásu.

 

Joseph Mary Plunkett, Seosamh Máire Pluncéid, an fear óg, an duine is óige a shínigh an Forógra: 'Poblacht na hÉireann' a chuir tús le Éirí Amach na Cásca ar an gceathrú lá is fiche de Mhí Aibreáin, 1916, deich lá roimh a bhásu.

 

Ba scéal grá cothrom le aon scéal grá inste riamh é an scéal céanna; scéal grá Sheosaimh agus Grace.

 

Lánúin sároilte ab iad. Ealaíontóir cumasach ise, agus file eisean.

Bhuail siad le chéile nuair a thug sí cuairt le bean mór le rá ar bhunú Scoil Éanna agus bhí Seosamh ann mar eagarthóir irise, The Irish Review.

Thit siad i ngrá. Níos déanaí bheartaigh siad ar pósadh um Cháisc 1916. Níor thaitin sé lena clann toisc a olc is a bhí sláinte Sheosaimh. Bhí an eitinn marfach air. Dhíbir a clann í.

 

Chun a bheith le taobh Pádraig mac Piarais agus na hÓglaigh eile ag tús na hÉirí Amach d'fhág sé leaba an bháis agus bhí sé ag an GPO chun an Forógra a Fhoillsiu.

Nuair a dhaoradh é chun báis ag an gCúirt Míleata cheannaigh Grace fáinne agus d'áitigh sí ar sagart, an t-Athair Eugene MacCarthaigh, agus ar na hÚdaráis, Major Lennon, Cead Pósaidh a thabhairt di roimh a bhású.

Pósadh iad dhá uair a chloig roimh a bhásu i Séipéal an phriosúin. Bhí beirt gárdaí priosúnacha i bhfianaise. Ní raibh fiú cead cainte acu ach ceisteanna na Seirbhíse a fhreagairt. D'iarr an Sagart na cuibhreacha a bhaint den fhear bocht a bhí gar don bhás ar aon chuma.

 

Tar éis a bpósadh cuireadh ar ais i gcuibhreacha é agus cuireadh ar ais in a chillín é.

 

Dhá uair a chloig tar éis meánoíche thug Major Lennon cead di deich neomat a chaitheamh le Seosamh i gcillín plódaithe le saighdiúiri armtha. Chomhairigh siad na neomatai a bhí ceadaithe. Díreach ina dhiaidh sheas sé roimh scuad lámhaigh i Stonebreakers Yard.


Scuad Lámhaigh
Scuad Lámhaigh

 

Tar éis a bhású thógadar a chorp agus coirp triúr chompánach agus chaitheadar iad san aolchlais in Arbour Hill. Eachtra díoltasach, neamhnáireach ag Údarás díoltasach, neamhnáireach.

I ndeireadh na dála d'íoc na hÚdaráis ar an eachtra nimhneach mar chuidigh sé leis an athrú meoin a tháinig ar Phobal na hÉireann.

 

D'fhan Grace dílis do Sheosamh dá saol fada go léir. Fuair sí bás Mí na Nollag, 1955 agus tá sí curtha i nGlas Naíon (Glasnevin).

 

Dachad blianta, nó mar sin, ina dhiaidh(1988) chum na deartháireacha Ó'Meara an t-Amhrán álainn 'Grace'. Is féidir é a chloisteáil ar youtube, ráite ag daoine mar Jim McCann, Rod Stewart the Dubliners, &rl.

 

Chum Seosamh an dán: 'I see his blood upon the Rose'.

Tá dráma 'The Blood upon the Rose' le Gerry Cunningham


 
 
 

Recent Posts

See All
Tógáil foclóre 2(n)

Béarla (gaeilge thíos) The aim of this blog is to foster self-confidence. Self confidence that you have the vocabulary to carry on a conversation. The rules of spoken Irish ar not necessarily the the

 
 
 
Tógáil foclóra/Building vocab 1(n)

Tógáil foclóra 1: Ainm briathartha:AB/VN Please, be gentle and kind to yourself on this journey of learning. Irish is not easy and there are very few linguistic carry overs from other languages. Mig

 
 
 

Comments


bottom of page