An t-Ollamh Jason Arday RIP
- 2 days ago
- 2 min read
Seo scéal fíorchasta, truamhéileach.
Gan aon agó, bhí ceisteanna le fhreagairt faoi shaol an fhir ainnisigh seo a chuir lámh ina bhás féin.
An cheist anois ná: an raibh na hiriseoirí éagóireach? An é ciníochas a thiomáin an mionscrúdú a fuair sé?
Gan aon agó b'fhear leochaileach, ar speictream an uathachais Jason Arday; ba léir go raibh ceisteanna faoin a mheabhairshláinte. B'fhéidir gur mhair sé i ndomhan fantaisíoch, cá bhfios?
Gan aon ago ba dhuine eisceachtúil é ainneoin na rudaí a chuireadh ina leith. Tháinig sé ó bhunús an-íseal go barr an dréimire acadúil.
Cuireadh bradaíl ina leith.
Conas nár thug a Stiúrthóir Acadúil an bhradaíl faoi dheara? Nach é sin dualgas an Stiúrthóra?
Dúirt Ollscoil L. John Moores, a bhronn PhD air, nach raibh bradaíl ann. An raibh siad ag cosaint a dtóin féin?
Deirtear go bhfuil bradaíl forleathan go leor san saol acadúil, ach an gcuirtear an bhéim chéanna gan sos gan staonadh air mar a chuireadh ar Arday. Deirtear go bhfuil daoine fós i bpost go bhfuil bradaíl cruthaithe ina gcoinne.
An é go bhfuil sé ina fhear gorm?
Ba Ollamh gur thug Cambridge bata is bóthar dó de bharr a thuairimí chiníocha, fuathmhara a thosnaigh an 'feeding frenzy'- sin a glaoigh Seansailéir Ollscoile Cambridge, Sir Chris Smith, air.
De réir tuairimí an iarOllaimh sin ní thuilleann daoine gorma postanna ins na hOllscoileanna.
Tugann sé 'race realist' ar féin. Tá sé ag obair sa Bheilg i láthair na huaire.
Faraor, is cosúil go n-aontaíonn an preas ar an eite dheas leis an dteoiric uafásach seo. Dar leo, cruthaíonn an cás faoi leith seo an cás ginireálta i.e. nach bhfuil daoine gorma comh cumasach le daoine geala.
Is aisteach é nár rinne an preas céanna an rí-rá céanna nuair a chuireadh i leith Kemi Badenoch, Ceannaire na dTóraithe, gur ornáidigh sise a 'curriculum vitae'. Tuigim gur bean ghorm í ach, sé mo léan, tá buntáistí poiliticiúla ar fáil le sin am toghacháin.
Ar scrúdaigh Cambridge 'curriculum vitae' Jason Arday? Is léir go raibh éachtai dodhéanta ar an CV céanna. Is fíor nach mbaineann éachtaí luthchleasaíochta leis an saol acadúil ach b'fhéidir gur léirígh sé ar a laghad go raibh ceisteanna le fiafrí.
An é go raibh fuadar futhu buntáiste a bhaint as an bhfear bocht. Bhí, agus tá fós, clú agus cáil ar Oxbridge mar áiteanna don árdaicme agus ard meánaicme, oiriúnach do dhaoine geala amháin. An raibh siad ag iarraidh éaló ón droch-cháil sin.
Pé ciontach nó ná chiontach ní thuilleann duine ar bith an bás a fuair Jason Arday. Ní fhaca sé ach bealach amháin amach. Ní raibh ach bliain is dathad slánaithe aige.
Foclóir
Scéal truamhéileach = sorry/piteous story
fíorchasta = very complicated
ciníochas = racism
stiúrthóir = supervisor
bradaíl = plagiarism
gan sos gan staonadh = unrelenting
leochaileach = vulnerable
speictream uathachais = autistic spectrum
Domhan fantaisíoch = fantasy world
cá bhfios = who knows
duine eisceachtúil = exceptional person
Is cosúil go n-aontaíonn siad = it looks like they agree
éachtaí dodhéanta= impossible feats
ornáidigh sí = she embellished
clú agus cáil = reputation
aicme = class

Comments