top of page

Meabhairshláinte 2

  • 6 hours ago
  • 2 min read

Meabhairshláinte 2

Ag déileáil le néalrú agus le meabhairghalar.

meabhairshláinte 2

 

Cé gur seandaoine a formhór d'othar leis an aicíd uafásach seo, tá uimhir suntasach de dhaoine níos óige atá ag fulaingt luathnéalrú.

 

Mar shampla, tá imreoirí peile agus rugbaí ann, fós ina gcaogadaí, atá ag fulaingt luathnéalrú. Deirtear gur buillí don cheann chúis an dochar inchinne.

 

Toradh dearfach ar daoine mór le rá, atá i mbéal an phobail, ag caint faoin aicíd agus a n-eispéireas. Cuirtear i leith na núdaráis spoirt go raibh siad faillíoch ina ndualgas cúraim.

 

Tá imeachtaí dlí ar siúl i gcoinne RFU i láthair na huaire. Tá na céadtha d'iar-imreoirí ins na himeachtaí chéanna.

 

Tá iar-shaighdiúirí le PTSD. Tar éis an Chéad Coghadh Domhanda glaodar 'shellshock' air agus chaitheadar amach na saighdiúirí ainniseacha gan taca, gan chabhair. Chaitheadar cuid de na hainniseoirí bochta isteach in ionaid daingneacha. Bhaineadar triall as leigheasanna barbarthacha mar thurraing leictreach agus lobatóime orthu.

 

Tá imprisean ann go bhfuil an duine le néalrú imithe, go bhfuil a phearsantacht ar seachrán. Níl sé fíor. Tá an duine go bhfuil gean againn air ann fós. Ní mór duinn tréaniarracht foighneach a dhéanamh teangmháil leis.

 

Tá tionscadail leighis ar siúl timpeall na tíre anois chun daoine le néalrú a spreagadh. De ghnáth bíonn suim ag fir i bpeil. Baineann eagarthóirí úsáid as an suim sin. Eagraítear comórtais sacar-ag-siúl, cúigear-an-taobh. Bíonn cluichí taobh amuigh den teach altranais. Ní amháin sin: ta ábhair cainte acu nach bhfuil ag brath ar chuimhne ghearrthéarma. Is féidir leo caint faoi rudaí a thárla na cianta ó shin ach is deacair dóibh cuimhneamh ar rudaí a thárla cúig neomat ó shin. Inseann siad an scéal céanna arís is arís eile ach ní chuimhin leo gur dhein siad amhlaidh ar maidin. Tá foighne de dhíth.  

 

Tugann  a leithéid de thionscadail dóchas dóibh nach bhfuil siad díbeartha; nach bhfuil siad dearmadtha ag an Domhan uilig.

 

Is rud leochaileach é meabhairshláinte. Ní mór dúinn é a chothú, agus ní mór dúinn é a chosaint.  D'fhéadfadh éinne meabhairghalar a fhulaingt.D'fhéadfadh éinne atá faoi mórbhrú bheith ina íospartach. Mar shampla tragóideach: an t-Ollamh Jason Arday a chuir lámh ina bhás féin le déanaí.

Is féidir linn bheith sáraithe ag éilimh oibre no ionsaithe bulaíochta ar obair.

 

Bhí 'Seachtain Aireachtála Meabhairshláinte' le linn Mí an Mheitimh i mbliana.

 

Foclóir

uimhir suntasach = significant number

ag fulaingt = suffering

luathnéalrú = early onset dementia

inchinn = brain

daoine mór-le-rá = VIPs

i mbéal an phobail = in the public eye

eispéireatas = experience

cuir i leith = to accuse

faillíoch = negligent

dualgas cúraim = duty of care

imeachtaí dlí = legal proceedings

tionscadal = project

a spreagadh = to stimulate

ar seachrán = wandering/astray

eagarthóir = organiser

a gCuimhne ghearrthéarma = short-term memory

díbeartha dearmadtha = banished forgatten

leochailleach = tender/delicate

íospartach = victim

sáraithe = overcome/defeated

éilimh oibre = demands of work

aireachtáil = awareness

 

 

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Meabhairshláinte 1

Cuid 1 Meabhair as do mheabhair = out of your mind tá an dán de ghlan mheabhair aige = he has the poem off by heart sláinte meabhrach (meabhairshláinte) = mental health meabhairghala

 
 
 

Comments


bottom of page