Meabhairshláinte 1
- 3 days ago
- 2 min read
Cuid 1
Meabhair
as do mheabhair = out of your mind
tá an dán de ghlan mheabhair aige
= he has the poem off by heart
sláinte meabhrach (meabhairshláinte) = mental health
meabhairghalar = mental illness
fadhb mheabhairshláinte = mental health issue/problem
chaill sé a mheabhair = he became forgetful
NB dementia has a different word. The dictionary uses 'gealt as the base word. I don't think that is acceptable. I prefer the word 'néaltrú'; 'néaltrú seanaoise = senile dementia'.
The base word here is 'néal' = cloud.
níl meabhair aige cad é atá sé ag déanamh
= he doesn't know what he is doing
tréimhse meabhrach = lucid interval
Cuid 2
Foclóir agus teanga cuí do mheabhairshláinte.
An lá atá inniu ann tá ceist an mheabhairshláinte pléite i bhfad níos leithne ná mar a bhí, buíochas mór le Dia. Tuigtear anois go bhfuil meabhairshláinte níos tábhachtaí ná mar a thuigeadh fadó. Gan fhorbairt na tuisceana céanna ní bheidh an t-aitheantas ann dá thábhacht do gach ball den chine daonna.
Ní mór dúinn foclóir cuí a bheith againn más mian linn an cheist a phlé go báúil tuisceanach, agus an ruaigh a chur ar théarmaí drochmheasúla mar 'mad house'; 'looney bin'; 'Tigh na nGealt'.
D'ár sinsear ba chúis náire é meabhairghalar a bheith sa chlann, pé Béarla nó Gaeilge an teanga. Náireach do dhaoine nár thuig gur bhain sé le gach duine: 'He didn't get it from our side'.
Toradh an mheoin sin: duine bocht a dheighlt amach i bhfolach mar shaghas lobhair. Uaireanta chaith na daoine bochta céanna a saolta uilig faoi ghlas ins na háiteanna uafásacha sin.
Tuigtear anois go gcaithimid ár meabhairshláinte a chothú sa slí céanna ina gcothaímid ár ngnáthshláinte fisciúil.
Ní mór duinn bheith oscailte agus saor chun an cheist a phlé gan náire agus gan chiontacht. Buíochas mór le Dia dhúnadh tithe gealt cianta ó shin.
Tá dúlagar agus déphólachas aithinte go coitianta anois. Tá cógais ar fáil chun smacht a choinneál orthu.
Tá an cine daonna ag dul in aois, dá bhrí sin tá néalrú agus aicíd alzeimers forleathan. Tá saineolaithe ag obair chun cógais a fhorbairt chun dul i ngleic leis na haicídí sin.
Aithnítear 'imní' anois mar neamhord. Cuirtear an milleán ar brúanna an tsaoil seo 'gainne inniu.
Más rud é go bhfuilimid ábalta an cheist a phlé gan náire beimid ábalta an aireachtáil ghinireálta dhiúltach a shárú.
Foclóir do chuid 1 thuas sa théacs
Foclóir 2
pléite i bhfad níos leithne = discussed more widely
forbairt = development
sinsear = forbears
aitheantas = recognithion
toradh an mheoin sin = result of that attitude
i bhfolach mar lobhar = cast out like a leper
ciontacht = guilt
déphólach = bipolar
cógas = medication
imní = anxiety
aireachtáil dhiúltach = negative perception



Comments