Anamataíocht chomhrá 2: Na ceithre 'C'anna
- 1 day ago
- 2 min read

Is fíorthábhachtach é an comhrá idir fear nó bean leis na daoine is anso leo sa bhaile, go háirithe nuair atá na daoine céanna i bhfad i gcéin, agus gan ach an fón acu mar cheangal.
Na 'C'anna i gcomhrá:
Cé? Cá? Cathain? Cad?
An chéad 'C':
Cé?
Ár dTeaghlach; na daoine is ansa linn:
Máthair, Athair, Daideo. Maimeo, deartháireacha, deirfiúracha agus gaolta eile
An Dara 'C':
Cá?
Ar an bhfón.
An tríú 'C':
Cad?
Ag comhrá le seantuistí agus tuistí 'siad na hábhair is coitianta ná (a) a sláinte agus (b) eolas faoi do shaol.
Toisc go bhfuil tú i bhfad uatha bíonn siad buartha fút;
Mionrudaí i do shaol is mór rudaí iad in a saolta
Comhrá le Seantuisti
Tá a saolta ag caolú; tá do shaol ag leathnú;
Dhaingníonn an comhrá tábhacht an cheangail atá acu leat; cruthaíonn an comhrá dóibh go bhfuil siad tábhachtach duitse;
Cathain a bheidh tú ag teacht abhaile?
Deis duit nuacht an teaghlaigh is an cheantair a fhoghlaim.
abairtí agus eocharfhocail:
ar fónamh
an doctúir
leigheas/leigheasanna
Eolas faoi do shlí bheatha
eolas faoi d'áit chónaithe
Comhrá le Tuisti
Tuistí atá buartha faoi na seantuisti
is iad ag dul in aois, agus
b'fhéidir beagánín dearmadach &rl
Cúram na seantuistí
Ní mór duit iad a chur ar a suaimhneas go bhfuil tusa OK;
roinn eolas faoi do shlí bheatha leo?
An mbaineann tú sult as do chuid oibre?
An raibh/ an mbeidh ardú céime agat?
bhfuil buachaill/cailín i do shaol?
Bhfuil cáirde agat?
An bhfuil tú uaigneach?
An bhfuil tú ag ithe?
Do áit chónaithe: seomra suí is leaba? Ag roinnt tí?
Toisc go bhfuil tú i bhfad i gcéin uatha bíonn siad buartha fút, agus bródúil fút.
An Ceathrú 'C':
Cathain?
An gcuireann tú glaoch orthu go Rialta, nó anois is arís?
Foclóir
is ansa = dearest
tuistí = parents
seantuistí = grandparents
dearmadach = forgetful
buartha worried
is coitianta = most common
mionrudaí = details
ag caolú = getting narrower
ag leathnú = expanding
ceangal = link
seomra suí is leaba = bed-sit


Comments