top of page

Comhrá eiseamláireach

  • May 8
  • 2 min read

Cailín cráite i gcaifé: saghas comhrá a thárlaíonn go minic nuair atá bulaí i bhfeidhm. Baineann an bulaí sásamh as brú a chur ar an duine is laige. Níl leigheas acu san mar tá eagla orthu go dtabharfaí bata is bóthar dóibh agus bheadh sé deacair post eile a fháil.Tá a fhios san ag an mbulaí.



Cailín cráite
Cailín cráite

Sa chlár seo tá an cailín cráite ag caoineadh.


eochairfhocal:'cearr'


Buachaill báúil ag teacht isteach






Tá mé OK
Tá mé OK

Sa chlár seo tá leisc ar an cailín a admháil go bhfuil fadhb aici.

Deireann an buachaill go gcaithfidh cúis a bheith ann


eochairfhocal : cúis'








Sa chlár seo deireann an cailín gur cheap sí go mbeadh sí ábalta déileáil leis


eochairfhocal: déileáil'







Sa chlár seo admháileann an cailín gurab é an Bainisteoir an fhadhb. Tugann sí mionrudaí dó.


eochairfhocal: 'bulaíocht'


Deireann an buachaill gur 'bulaíocht atá ann.








An bhfuil polasaí frithbhulaíochta sa chomhlacht


Tá! Ach cé éisteoidh liom. Déarfaidh sise gur cheist chumais atá ann. Má thugtar bata is bóthar dom ní bheidh mé ábalta past eile a fháil. Tá a fhios san aici.


Ar dhein sí é sin d'éinne eile?


Tá scéalta ann faoin gcailín romhamsa, ach bhí sí imithe roimh mo theachtsa. Tá cúlchainteoir nimhneach san Oifig a thugann scéalta ar ais chuichi. Tá fuath dearg ag cách di, ach tá gach duine sceimhlithe.


Ná dein tada i láthair na huaire. Fág liomsa. Is saineolaí mo bhainisteor i ndlí fostaíochta. Cuirfidh mé ceist air anocht. Tá mé cinnte go mbeidh sé báúil, agus beidh smaointe aige.


Foclóir

Cad tá cearr = what's wrong

báúil = sympathetic

leisc - reluctant/hesitant

a admháil = to admit

as mo stuaim féin = off my own bat

an fhadhb = the problem

thó g sí im' choinne = she took against me

í a shásamh = to please her

polasaí frithbhulaíocht = anti-bullying policy

ceist chumais = question of competence

bata is bóthar = shown the door/sacked

dlí fostaíochta = employment law

 
 
 

Comments


bottom of page