Jimín Caib. 2(b) Ceachtanna Cráite
- 2 days ago
- 2 min read
In which Jimín tries to escape homework by lying but Micilín Eoin spills the beans. Jimín goes after Micilín who hides at home. Jimín calls him 'bandy legs', the nickname people in the town have for his father, Eoin. Eoin gives chase and complains to Jimín's Mam. She defends Jimín but after Eoin has gone she gets the slat. Jimín can't sit for three days.
Jimín 2 (b)
Ceachtanna cráite
Bím cráite gach oíche ag Mam.
'A Jimín, ar scríobhais do cheacht anocht?'
Thriallas cúpla turas a rá nár thug an Máistir aon rud dúinn le déanamh sa bhaile. Ach, a mhic ó, chuir sí ceist ar Mhicilín Eoin agus do sceith an spriosán orm. Ní raibh fhios agam gur thairg Mam an slat chuichi agus thug sí fúm trasna na lorgan. Amach trid an bhfuinneoig liom.
Chuas ag lorg Micilín Eoin, ach ní ligfeadh eagla dhó teacht amach. D'iarras air teacht amach chun go mbrisinn a phus. Bhíos ag glaoch 'peata' agus 'spiaire' air.
'Och, ar bhuail do Mhamaí thú, a bhuachaillín bhoicht. Och, Mamaí dána.'
Lean sé mar sin ag magadh fúm. Tháinig néal feirge orm.
Tá leasainm ag muintir an bhaile ar a athair agus cheapas gur
maith an rud é an ainm sin a thabhairt ar Mhicilín.
'Bóiricín! Bóiricín! Bóiricín!' Ach, a dhuine, dheineas dearmad. Bhí a athair istigh agus nuair a chuala sé an ainm amach leis im' dhiaidh.
As go brách liom, a dhuine, fear an dá chos bhóracha im'dhiaidh. Chuas amú air i measc na dtithe, ach ar aghaidh leis go dtí'n tigh seo 'gainne chun mé a ghearán. Ní túisce sin ná mise istigh tríd an bhfuinneoig arís.
'Tá mac drochmhúinte agat a thug leasainm orm.'
Dúirt Mam gur eitheach a bhi sé a chur ar a buachaillín bocht, macánta, agus gur chuir sí féin é sa tseomra fiche neomat ó shin.
'Deirimse go raibh sé ann', arsa Eoin.
'Ní fhéadfadh a bheith', arsa Mam, 'téanam go bhfeicir.'
Thánadar araon go dtí doras an tseomra.
'An rabhais ag tigh Eoin le leathuair an chloig, a Jimín?'
'Conas a fhéadfainn dul amach agus an doras dúnta agatsa orm.'
'Deir Eoin go rabhais ann ag tabhairt 'Bóiricín' air féin.'
'Spreabhraídí atá air.'
D'imigh Eoin leis go míshásta.
'An rabhais ann, a Jimín', arsa Mam?'
Ní dúirt mé aon fhocal. Tháinig sí, d'fhéach sí ar mo chosa a bhí fliuch, salach ó rás a dheineass ó Eoin.
Ní maith liom a insint duit cad a thit amach ina dhiaidh sin - bheadh náire orm. Bhí Micilín Eoin ag rá leis na garsúin eile gur bhain Mam an bríste dhíom. Nílimse á rá gur dhein; ach tá fhios agam go rabhas comh tinn san áit sin nár fhéadas suí ar feadh trí lá!
Ní thuigim Mam in aon chor. Cad chuige a bhí sí am' chosaint i láthair Eoin agus ansin mé a bhualadh.
Foclóir
cráite = tormented
thriallas = I tried
sceith an spriosán = the worthless person spewed out
lorga = shins
bóiricín = bandy legs
ní túisce sin = no sooner than
eitheach a thabhairt = falsely accuse
téanam = let's go
spreabhraídí air = he is confused.
Comments