top of page

Tine Ghréagach i Suffolk

  • 2 days ago
  • 2 min read

Tine Ghréagach i Suffolk.

 

Tá mé im' chónaí i Suffolk, contae ollmhór in oirthir na Breataine, ó theas de Norfolk agus ó thuaidh d'Essex. Is contae fíor-íseal é le chósta fada gaineamhach, fraochmharach atá de shíor faoi ionsaí ag an bhfarraige, agus i dtonn teasa i mbaol tinte ghréagacha.

I láthair na huaire tá tine gan smacht ag réabadh go fiáin thar achar mór- tomhas breis is míle acra, ach éifeacht na tine céanna i bhfad níos leithne ná sin.

 

San achar ollmhór sin tá ionad tábhachtach an RSPB i nDunwich; tá Minsmere, stad riachtanach d'éin inimrce; beidh gnáthóga ainmhithe allta an cheantair scriosta. 

 

Is féidir liom an deatach a bholadh is mé im' theach 10 míle ón dtine.

 

Aslonnú
Aslonnú


Tá daoine atá ar saoire á naslonnú i lár na hoíche gan ach a n-éadaí codlata á chaitheamh acu, agus á dtabhairt slán go hallaí na sráidbailte lasmuigh den achar baolach. Tá áitritheoirí na sráidbailte laistigh den achar baolach á naslonnú go háiteanna eile ar fud an Chontae.

 

Tá daoine flaithiúla ag tabhairt foscaidh do dhaoine aslonnaithe, ag oscailt a dtithe féin do dhaoine nach bhfuil aithne acu orthu- go háirithe nuair atá páistí i gceist. Sa Domhan crúálach, éadóchasach seo is iontach maitheas an duine a fheiceáil in am an ghatair.

 

Fáilte isteach!
Fáilte isteach!


Beidh an aimsir cuibheasach te go ceann seachtain nó dhó agus beidh an fraocbmhá comh tirim le sponc. Beidh sé neamhsheasmhach.

Gabhfaidh sé na cianta an dochar don tírdhreach a dheisiú.

 

 

Tírdhreach lándóite
Tírdhreach lándóite

 

Foclóir

ollmhór = huge

fíor-íseal = very low-lying

tine ghréagach = falscaoth = wild-fire

gaineamh = sand

fraochmhá = heathland

Tine Ghréagach 2

faoi ionsaí = under attack

ag réabadh go fiáin = raging

éifeacht = effects of

aslonnú = evacuating

éan inimirce = migrating bird

gnáthóga = habitats

ainmhithe allta = wild animals

áithritheoir = inhabitants

daoine flaithiúla = generous people

maitheas an duine = human goodness

am an ghatair = emergency

cuibheasach te = fairly hot

sponc = tinder

neamhsheasmhach = unstable.

 Tírdhreach = landscape

 
 
 

Comments


bottom of page