Séadna : an t-Athair Peadar ÓLaoire
- 2 days ago
- 12 min read
Foillsíodh Séadna 1904, i bhfad roimh an caighdean. Scríobh an t-Athair Peadar mar a labhartar i nGaeilge Muscrai: 'caint na ndaoine'a thug sé air.
Caib. 1
Séadna ar an mbóthar

Gréasaí ab ea Séadna. Bhí tigín ceann tuí, a thóg sé féin, aige.
Bhí trí rudaí aige go raibh sé an-bhródúil astu: a chathaoir shúgáin, a rinne sé féin, mála mine ag crochadh cois tine, agus a chrann úll.
Nuair a bhíodh obair an lae críochnaithe aige shuífeadh sé ina chathaoir cois tine ar a shástacht. Nuair a bhí ocras air thógfadh sé lán a dhoirn as an mála mine, agus nuair a bhí tart air ag cogaint na mine chuirfeadh sé a lámh sa chrann úll agus thógfadh sé úll blasta.
Ní raibh fear riamh comh sásta áthasach ná Séadna.
Lá dá raibh sé ag obair thug sé fé ndeara nach raibh a thuilleadh leathair aige, ná a thuilleadh snáithe ná a thuilleadh céarach. Bheadh air dul go Mágh Chruma. Ní raibh ina phóca ach trí scilling.
Ar an mbóthair siar go Magh Chruma bhuail sé le leanbh álainn:
'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'
'Ó, a leanbh bocht, níl rud ar bith agam le n-ithe, ach seo dhuit scilling, agus ceannaigh rud le n-ithe duit féin.'
'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'
D'imigh an leanbh as radharc.
Ní raibh ach achar ghearr siúlta aige nuair a thug sé fé ndeara bean álainn cosnochtaithe:
'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'
'Ó, a bhean uasail, níl rud ar bith agam le n-ithe, ach seo dhuit scilling, agus ceannaigh rud le n-ithe duit féin.'
'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'
D'imigh an bhean as radharc.
Achar ghearr eile ar thaobh an bhóthair bhí seanfhear:
'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'
'Tóg mo scilling dheireannach agus ceannaigh rud éigin le n-ithe duit féin.'
'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'
D'imigh seisean as radharc.
Foclóir
gréasaí (bróg) = cobbler
ceann tuí = thatched
súgán = straw plait
min = oatmeal
snáth = thread(hemp)
céir = wax
cosnochtaithe = barefoot
fé ndeara = faoi dheara = noticed
imigh as radharc = disappear
Luach = reward
achar ghearr = a short distance
Caib 2
Séadna is na trí Ghuí

Shuigh Séadna cráite ar thaobh an bhóthair:
Cad a dhéanfad. Gan airgead, gan leathair ní bhead ábalta bróga a dhéanamh?
Raghad go Diarmaid, fear an tsiopa leathair, agus tabhairfidh sé leathair ar iasacht dom go dtí go mbeidh na bróga déanta agam agus iad díolta aige.
Chuir sé a sheancháibín ar a cheann agus cheangal sé a sheanchóta giobalach timpeall air le téad agus bhuail sé an bóthar go Mágh Chruma.
Ní raibh ach achar ghearr siúlta aige nuair a thug sé fé ndeara Aingeal geal ós chionn:
'A Shéadna, is Aingeal mé. Tá Dia baoch duit. Tá trí ghuí agat le fáil ó Dhia na Glóire. Iarr aon rud is maith leat, ach coimeád i gcuimhne d'anam - go mbeidh leaba agat i measc na Naomh nuair a gheobhair bás.'
'Aon trí rud ar bith is maith liom?'
Níor thug an t-Aingeal freagra
Tar éis tamaillín ag smaoineamh lean Séadna:
'Tá cathaoir shúgáin bheag dheas agam agus is maith liom tar éis obair an lae suí ann ar mo shuaimhneas, ach an uile bhligeard a thagann isteach ní foláir dó suí inti ag ligint a scíth, agus nil áit ar bith domsa.
'An chéad duine eile a shuífidh inti ach mé féin go gceangla sé inti!.'
'Faire, a Shéadna, sin guí gan tairbhe. Cuimhnigh ar d'anam.'
'Tá mála beag mine agam sa bhaile, ach an uile bhligeard a thagann isteach ní foláir dó a dhorn a shá inti.
An chéad duine eile a chuirfidh a lámh inti ach mé féin go gceangla sé inti!
Nach agam a bheidh an spórt orthu!'
'Ó, a Shéadna', arsan t-Aingeal, 'sin guí eile gan tairbhe. Níl ach guí amháin fágtha. Ná dein dearmad ar d'anam!'
Bhí Séadna ag scairteadh ag gháirí. Ní raibh sé ag éisteacht leis an t-Aingeal.
'Ba bheag nár dhein mé dearmad: tá crann beag úll agam, agus an uile bhligeard a thagann chugam ní foláir dó a lámh a chur in airde agus úll a bhreith leis:
An chéad duine eile a chuirfidh a lámh sa chrann ach mé féin go gceangla sé ann!'
D'imigh an t-Aingeal as radharc.
Rith sé le Séadna cad a bhí déanta aige.
'Ó, nach mise an t-amadán is mó in Éirinn. Cad 'na thaobh nár iarr mé airgead, nó capall, nó bó. Níl leathair agam, ná snáth, ná céir agam. Ní mór dom dul go Diarmaid agus leathair ar iasacht a fháil.
Bhuail sé an bóthar go Mágh Chruma arís.
Foclóir
déanfad = déanfaidh mé
raghad = rachaidh mé= I will go
baoch = buíoch =grateful
geobhair = geobhaidh tú = you will get
bligeárd = blackguard
ní foláir dó = he has to
go gceangla = may he be tied
gan tairbhe = without benefit
ag scairteadh ar gháirí = in fits of laughter
Rith sé leis = it occurred to him
ar iasacht = on loan
Caib. 3
An Margadh
Ní raibh ach achar ghearr siúlta ar an mbóthar ag Séadna nuair a bhaineadh geit as. Ós a chomhair amach bhí fear fada, caol, dubh, adharcha ar a cheann, eireaball mar mhadra rua, agus crúba air. Bhí meigeall liath mar ghabhar air agus dhá shúil, tine chreasa ag teacht astu.
'Cabhair Dé chugam!'

'Ní gá duit aon eagla a bheith ort romhamsa,'arsan Fear Dubh, 'níl mé ar tí do dhíobhála.
Ba mhian liom tairbhe a dhéanamh duit, dá nglacthá mo chomhairle.
Do chloiseas thú anois beag a rá go rabhais gan bia, gan deoch, gan airgead.
Thabhairfinnse airgead do dhóthain duit ar aon choinníoll bheag amháin - go dtiocfair liom i gceann trí bliana déag.'
Thóg an Fear Dubh spárán ramhar as a phóca.
'An bhfeiceann tú an sparán seo? Is cuma cé mhéid airgid a bhainfir as ní bheidh sé folamh. Nach iontach an beatha a bheadh agat leis.'
Chuir sé carn de phíosaí óir ar a bhos agus shín sé faoi shúile Shéadna é. Bhí Séadna fé dhraíocht. Shín sé a lámha amach ach tharraing an Fear Dubh an carn siar.
'Go réidh', arsan Fear Dubh, 'níl sé ina mhargadh fós.'
'Bíodh sé ina mhargadh', arsa Séadna.
D'imigh an Fear Dubh as radharc. Ina áit bhí an sparán ramhar ar an dtalamh.
Foclóir
an Fear Dubh = the Devil
cabhair Dé chugam! = God help me!
ar tí =,about to
díobháil = harm
anois beag = just now
carn = pile
fe dhraíocht = mesmerised
go réidh = easy now
bíodh sé = let it be
Caib. 4
Togha fir
Leis an sparán ramhar ina phóca aige ar aghaidh le Séadna ar an Aonach. Bheartaigh sé ar capall a cheannach, agus b'fhéidir bó bhainne.
Faraor, nuair a chuir sé a lámh ina phóca ar an Aonach bhí sé folamh! Chuardaigh sé dóigh is andóigh, ach ní raibh tásc ná tuairisc den sparán ramhar le fáil.

Is é ag cuardach thug sé fé ndeara fear na méarachán, Cheap Séadna gur aithnigh sé an fear céanna. Bhí cuma an tseanfhir air gur thug sé a scilling dheireannach dó ar maidin.
Ar aon chuma, ní raibh aon dul as, ní mór dó dul go dtí Ua Marlaigh, fear macónta an tsiopa leathair, agus d'iarrfadh sé leathair, snáth agus céir, oiread agus a dhéanfadh cupla péire, ar chairde uaidh.
'Geobhair agus fáilte,' arsan fear macánta.
Thug Séadna aghaidh ar an mbaile, tuirse mór air. Shuigh sé ina chathaoir shúgáin agus thit sé ina chodladh.
Dhúisigh sé ar maidin agus mhothaigh sé ualach an sparáin gan mhaith ina phóca.
Chuimhnigh sé ar an margadh a bhí déanta aige leis an bhFear Dubh. Ní fhaca sé tairbhe ar bith ann, agus bheadh air dul leis an bhFear Dubh i gcionn trí bliana déag.
'Cén saghas margaidh é sin!', ar sé leis féin. 'Is amadán den scoth mé.
Ach cad tá le déanamh agam. Tá an margadh déanta.'
'Tá fhios agam. Déanfad bróga agus bfhéidir go mbeidh mé ábalta a chuid airgid a thabhairt ar ais d' Ua Marlaigh macánta nuair atá siad díolta agam, gan bacadh cor ar bith leis an t-airgead i sparán an Fhir Dhuibh.'
Chaith sé an sparán treasna an seomra isteach sa choirnéal, áit inar fhan sé leis na blianta fada fé smúit agus gréasáin na ndamháin alla.
Tharraing sé cuige a chuid leathair, a chuid snathaid agus a chuid chéarach agus chrom sé ar obair.
Dhíol sé na bróga sin ar luach dhá phunt agus thug sé abhaile leathair luach ceithre punt. Dhíol sé na bróga sin agus thóg sé abhaile leathair ocht punt.
I gcionn tamaill d'fhostaigh sé beirt ghréasaí eile ar phá lae, agus fé cheann tamaill eile beirt eile.
Ba ghearr go raibh a ainm in áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg.

Ba ar Shéadna a tháinig daoine bochta i gcruachás. Thug sé cabhair, agus airgead ar iasacht do chác. Thug sé airgead cíosa do bhean a bhí ar tí díshealbhú ag an mBáille ramhar, cam a gheall a teach do dhuine eile.
Níor thug sé an t-eiteachas d'éinne ach amháin d'fhear ardnósach drochmheasúil; cuma ar an bhfear céanna gur ómós mór do Shéadna fear uasal mar é féin iasacht airgid a iarraidh ó dhuine íseal aicme mar Shéadna.
Thug Séadna bata is bóthar dósan.
Cheap daoine áirithe gur amadán a bhí ann ag tabhairt airgead ar iasacht do dhaoine gan seans ar bith go mbeidh siad ábalta é a aisíoc.
Foclóir
Togha fir = best of men
Ag cuardach = searching
dóigh is andóigh = high and low
tásc ná tuairisc = hide nor hair
fear na méarachán = thimble rigger
ar chairde = on credit
mhothaigh sé = he felt
den scoth = the biggest
damhán alla = spider
d'fhostaigh = he employed
Báille = Bailiff
cíos = rent
ar tí díshealbhú = about to be evicted
cam = bent/corrupt
tabhair an t-eiteachas = to deny
ar nósach = stuck-up
aicme = class
a aisíoc = to repay
Séadna 5
Tagann an Fear Dubh ar ais
D'imigh na trí bliana déag thart ar cosa in áirde. Ar an lá deireannach bhi Séadna cinnte go mbeadh an Fear Dubh ag teacht um mheán oíche.
Bhí Séadna ina shuí cois tine nuair a chuala sé torann uafásach i dteannta boladh bréan.
Ós a chomhair amach bhí an Fear Dubh ina sheasamh.
'Is od' iarraidh a tháinig mé! Tar liom anois, a chladhaire gan mhaith. Tá an aimsir caite.'
'Fan go fóill, a bhuachaill, níl an aimsir caite fós. Nár chuimhin leat nach raibh an sparán agam le cúpla uair a' chloig nuair a goideadh é ar an Aonach - tá am agam fós.
Ach caithfidh tuirse mór a bheith ort tar éis do thurais fada. - suigh anseo sa chathaoir shúgáin agus ligh do scíth.'
'Bhuel, tá an ceart agat. Tá tuirse orm, gan aon agó. Ní miste liom mo scíth a ligint agus dorn den mhin úd a chogaint.'

Shuigh an Fear Dubh síos sa chathaoir shúgáin agus shín sé a dhorn isteach sa mhála mine.
Má dhein, níorbh fhéidir leis a lámh a tharraingt amach agus bhí a thóin greamaithe go docht daingean istigh sa chathaoir shúgáin.
'Lig uait amach mé', scread an Fear Dubh is é ag streachailt, is ag tabhairt na gcor mar a bheadh eascú ar leach the.
Bhí Séadna beagnach ag titim as a sheasamh ins na tríthi ag gáire.
Bhí an fear Dubh ag bualadh a chrúb ar an urlár; a mheigeall ag crith is ag luascadh; a dhá adharc ag luascadh anonn is anall.
D'fhan Séadna go dtí go raibh saghas suaimhnis air.
'D'fhéadfainn thú a choimeád anseo go deo, dá mba mhaith liom.'
'Cad tá uait?'
'Níl mórán uaim cor ar bith. Bhuel, b'fhéidir trí bliana déag sa bhreis. Cad is dóigh leat?'
Tar éis tamaill ag machtnamh:
'Maith go leor, a chladhaire, bíodh sé ina mhargadh.'
'Dar bhrí na mionn, arsa Séadna.'
'Dar bhrí na mionn, trí bliana déag sa bhreis.
Ach féach, a Shéadna, ní imreoidh tú cleas mar sin ach uair amháin orm. Beidh tú ag teacht liom an chéad uair eile gan teip, geallaimse dhuit.'
Chaith Séadna lán cupáin d'uisce coisricthe ar an bhFear Dubh. I mbladhm amháin phléasc sé suas tríd an díon, deatach is tine chreasa ag teacht as a thóin. Bhí poll mór sa cheann tuí agus ní raibh le feiscint ach préachán dubh gránna ag eitilt trasna na spéire.
Lá arna mhárach bhí an baile go léir ag caint.
'A Shéadna, cad d'imigh ort oíche aréir. Bhí sé mar buaireach is géimneach thairbh. Cheapamar go raibh tú loiscithe id' bheatha.
Ní dúirt Séadna focal.
Foclóir
ar cosa in airde = at full gallop
torann uafásach = terrible noise
is od' iarraidh = it's for you
gan aon agó = undoubtedly
ní miste liom = I wouldn't mind
go docht daingean = very tightly/firmly stuck
ag tabhairt na gcor = twisting and turning
eascú ar leach the = eel on a hot stone
dá mbba mhaith liom = If I liked
sa bhreis = extra
cad is dóigh leat = what do you think
ag machtnamh = considering/thinking
dar bhrí na mionn = on oath
cleas = trick
gan teip = without fail
uisce coisricthe = holy water
bladhm = flame
préachán = crow
cad d'imigh ort = what happened to you
buaireach tairbh = roar of a bull
loiscithe id' bheatha = burnt alive.
Séadna 6,
An Fear Dubh sáraithe
Thug muinntir an bhaile fé ndeara go raibh Séadna i bhfad níos ciúine, neamhchainteach ná mar a bhíodh sé.
Is annamh a bhíodh gáire le cloisint sa cheardlann anois. Nuair a bhíodh sé ag obair leis na gréasaithe eile ní bhíodh ach fuaim na gcasúr le cloisint.
Lean an scéal mar sin ar feadh roinnt bliana.
Ansan thosnaigh an ráfla go raibh Séadna ar tí pósadh. Is mó tuairimí a bhí ann fé cé acu an bhean a phósfadh sé.
Dar le cuid dena ráflálaithe ba Shadhbh, iníon Dhiarmada, an bhean, agus ba é Dé Máirt an lá a thárlódh sé.
Ní dúirt Séadna focal.
Chuir Sadhbh a hathair, Diarmaid, suas chun Séadna mar bhí sí i ngrá le Séadna le fada an lá.
Dhein sé mar a d'iarr sí:
'Bhí mé ag tnúth leat, a Shéadna, ach níor tháinig tú i ngar dom.'
'Mise, a Dhiarmaid?', arsa Séadna?
''Sea, tusa! Nach sin an bealach ceart.
Tá sé i mbéal an phobail go bhfuil tú agus Sadhbh seo 'gamsa ag pósadh Dé Máirt seo cughainn.'
Chuir gréasaí amháin isteach:
'Tá dul amú ort, A Dhiarmaid,' ní le Sadhbh ach le Máire, iníon Sheáin Cheataigh atá Séadna le pósadh.'
'Tá dul amú oraibh araon', arsa gréasaí eile.'Is le Babs anseo thíos, iníon an táilliúra, atá Séadna le pósadh'.
D'fhéach Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí fearg air ach bhrúigh sé síos é:
'A Dhiarmaid, tá brón orm. Níl fonn pósta ar bith ormsa, agus ní bheidh go fóill.'
Ceann fé air, shleamhnaigh Diarmaid amach.
Nuair a d'imigh na fir abhaile bhí Séadna ina shuí ina chathaoir ag smaoineamh ar Shadhbh, cailín dathúil go raibh sé i ngrá léí le fada an lá.
Dúirt sé leis féin: 'bheadh sí i bhfad níos fearr gan fearchéile mar mise aici....Dá mbeadh clanna aici agus mé imithe leis an bhFear Dubh cad a thárlódh dóibh- níl agam ach aimsir ghairid....Conas a neosfaidh mé di i dtaobh an Fhir Dhuibh, i dtaobh an sparáin, i dtaobh an mhargaidh?
Thiocfadh fuath agus gráin aici dom.'
Chaith sé oíche mhíshuaimhneach, chorraitheach mar sin.
D'éirigh Séadna le héirí an lae agus chuaigh sé amach sa chlós le buicéad uisce. Nuair a bhí sé ag teacht isteach chuala sé grág phréacháin, a bhí ina shuí ar ghéagh an chrainn úll.
'An tú féin atá ann, a Dhiabhail', arsa Séadna. 'Táim cinnte go bhfuil tuirse mór ort tar éis do theacht ó Ifreann. Cadnathaobh nach dtiocfá isteach agus do scíth a ligint im' chathaoir shúgáin agus gráinín mine a chogaint ar do shuaimhneas cois tine?'
'Go deimhin, ní thiocfad! An dóigh leat gur amadán mé, agus nach gcuimhin liom an t-am deireannach a d'imir tú an cleas sin orm.
Anois tá an aimsir caite gan aon agó. Tar liom anois; níl aon dul as
agat an babhta seo.'
Dhein an Préachán salach iarracht ar léim a thabhairt den chrann anuas. Ach má dhein, theip air. D'iarr sé arís agus arís eile. Sa deireadh bhí sé crochta bun ós cionn ón ngéag, é ag screadaíl is ag grágaíl.
Bhí Séadna ins na tríthí.

Le linn sosa sa gháire chuaigh Séadna isteach sa tigh agus thug sé sábh láimhe agus dréimire amach. Ghearr sé tríd an ngéag.
Thit an géag agus an préachán anuas díreach isteach sa bhuicéad d'uisce coiscricthe a bhí curtha fé bhun an crainn úll cheanna féin ag Séadna.
Bhuel, ní fhaca éinne a leithéid de ghail, deatach agus broimastún a d'éirigh as an mbuicéad úd.
Léim an préachán go hard suas san aer mar urchar gunna, lasracha ag teacht as a thóin. I bpreabadh na súl ní raibh faic le feiscint de.
Bhí Séadna ag dul isteach go mall nuair a d'airigh sé rud éigin taobh thiar de. D'fhéach sé thar a ghuallain.
Cad a chonaic sé ach an bhean chosnochtaithe, an leanbh álainn, agus an seanfhear liath ag féachaint air le haoibh gáire.
'A Shéadna', arsan bhean chosnochtaithe, 'is ad' iarraidh a thánamar.'
'Bhíos ag súil is ag fanacht oraibh.'
Lá arna mhárach fuair na comharsana é ina shuí ina chathaoir shúgáin, cuma air go raibh sé ina chodladh le h-aoibh gháire ar a bheola.

Foclóir
neamhchainteach = untalkative/silent
ceardlann = workshop
ráfla = rumour
ceann fé = downcast
clanna = children
fuath agus gráin = hate and loathing
corraitheach = restless
grág = caw
go deimhin = indeed
sábh láimhe = hand saw
dréimire = ladder
cheanna féin = already/beforehand
lasracha = flames
airigh = become aware
aoibh gháire = smile
Comments