top of page

Aindí An Ghé Ainniseach

  • Dec 22, 2025
  • 2 min read

 

Foclóir

ainniseach = miserable/wretched

clós = yard

ag spaisteoireacht = strolling

iall madra = dog lead

ag lapadán= waddling

ag bacadaíl = limping

teach na ngealt = lunatic asylum

áiféala = regret

cothrom na Féinne = fair dues

sionnach = fox

fleasc a droma = flat of her back

port seinnte = goose cooked

éadóchas = despair

Aindí an ghé ainniseach

lapaí gé = goose feet

 

Nuair a tháinig mé amach ar maidin sa chlós feirme seo 'gainne baineadh geit asam. Ós mo chomhair amach bhí Daideo ag spaisteoireacht timpeall an chlóis le gé ar iall madra aige.

Níos aistí fós, bhí an ghé chéanna ag caitheamh buataisí beaga is é ag bacadaíl ar an iall.

 

Ar dtúis cheap mé go raibh an fear bocht ag sleamhnú i dtreo teach na ngealt.

 

'A Dhaideo,' - bhí mé cinnte go mbeadh áiféala orm an cheist seo a chur-, 'cad tá ar siúl agat leis an ngé sin?'

 

Cothrom na Féinne dó, níor theip sé orm!

 

'Bhuel, a Sheáin, seo Aindí. Thug an sionnach damánta úd fogha faoi Aindi agus bhain sé a dhá throigh uaithi. Níl ar a cumas siúl ar a stumpaí. Bhí sí ar fhleasc a droma, a stumpaí san aer aici nuair a tháinig mé amach ar maidin. Cheap mé go raibh a port seinnte. Bhí orm rud éigin a dhéanamh chun cuidithe leis an ainniseor bocht.

 

I dtosach báire bhain mé triall as do skateboard ach ní raibh Aindí ábalta seasamh air. Thit sí síos arís is arís eile. D'amharc mé ina súile agus chonaic mé an

t-éadóchas ann. Neartaigh an t-amharc sin mo rún.

 

Ansin, rith sé liom, Eureka moment mar a deirtear, go raibh péire buataisí beaga sa teach. Bhain mé úsáid as gaffa tape chun na buataisí beaga a ghreamú lena stumpaí. Anois tá mé á thraenáil chun lapadáin. Tá sí ag bacadaíl anois ach sar i bhfad beidh sí ag lapadán mar ghnáthghé.

 

'A Dhaideo, ar ball nuair is mian le Aindí dul ag snámh an mbeidh tú ag greamú lapaí gé uirthi le gaffa tape agus í a thraenáil chun snámha?'

 

'Ná bí amaideach, a Sheáin, ní féidir liom snámh.'


Cuir ceist amaideach agus geobhaidh tú freagra amaideach

 

 

 

  

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page