Séadna 6 An Fear Dubh Sáraithe
- Padraig de Baroid
- Jan 21
- 3 min read
Séadna 6, An Fear Dubh sáraithe
Thug muinntir an bhaile fé ndeara go raibh Séadna i bhfad níos ciúine, neamhchainteach ná mar a bhíodh sé.
Is annamh a bhíodh gáire le cloisint sa cheardlann anois. Nuair a bhíodh sé ag obair leis na gréasaithe eile ní bhíodh ach fuaim na gcasúr le cloisint.
Lean an scéal mar sin ar feadh roinnt bliana.
Ansan thosnaigh an ráfla go raibh Séadna ar tí pósadh. Is mó tuairimí a bhí ann fé cé acu an bhean a phósfadh sé.
Dar le cuid dena ráflálaithe ba Shadhbh, iníon Dhiarmada, an bhean, agus ba é Dé Máirt an lá a thárlódh sé.
Ní dúirt Séadna focal.
Chuir Sadhbh a hathair, Diarmaid, suas chun Séadna mar bhí sí i ngrá le Séadna le fada an lá.
Dhein sé mar a d'iarr sí:
'Bhí mé ag tnúth leat, a Shéadna, ach níor tháinig tú i ngar dom.'
'Mise, a Dhiarmaid?', arsa Séadna?
''Sea, tusa! Nach sin an bealach ceart.
Tá sé i mbéal an phobail go bhfuil tú agus Sadhbh seo 'gamsa ag pósadh Dé Máirt seo cugainn.'
Chuir gréasaí amháin isteach:
'Tá dul amú ort, A Dhiarmaid,' ní le Sadhbh ach le Máire, iníon Sheáin Cheataigh atá Séadna le pósadh.'
'Tá dul amú oraibh araon', arsa gréasaí eile.'Is le Babs anseo thíos, iníon an táilliúra, atá Séadna le pósadh'.
D'fhéach Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí fearg air ach bhrúigh sé síos é:
'A Dhiarmaid, tá brón orm. Níl fonn pósta ar bith ormsa, agus ní bheidh go fóill.'
Ceann fé air, shleamhnaigh Diarmaid amach.
Nuair a d'imigh na fir abhaile bhí Séadna ina shuí ina chathaoir ag smaoineamh ar Shadhbh, cailín dathúil go raibh sé i ngrá léí le fada an lá.
Dúirt sé leis féin: 'bheadh sí i bhfad níos fearr gan fearchéile mar mise aici....Dá mbeadh clanna aici agus mé imithe leis an bhFear Dubh cad a thárlódh dóibh- níl agam ach aimsir ghairid....Conas a neosfaidh mé di i dtaobh an Fhir Dhuibh, i dtaobh an sparáin, i dtaobh an mhargaidh?
Thiocfadh fuath agus gráin aici dom.'
Chaith sé oíche mhíshuaimhneach, chorraitheach mar sin.
D'éirigh Séadna le héirí an lae agus chuaigh sé amach sa chlós le buicéad uisce. Nuair a bhí sé ag teacht isteach chuala sé grág phréacháin, a bhí ina shuí ar ghéagh an chrainn úll.
'An tú féin atá ann, a Dhiabhail', arsa Séadna. 'Táim cinnte go bhfuil tuirse mór ort tar éis do theacht ó Ifreann. Cadnathaobh nach dtiocfá isteach agus do scíth a ligint im' chathaoir shúgáin agus gráinín mine a chogaint ar do shuaimhneas cois tine?'
'Go deimhin, ní thiocfad! An dóigh leat gur amadán mé, agus nach gcuimhin liom an t-am deireannach a d'imir tú an cleas sin orm.
Anois tá an aimsir caite gan aon agó. Tar liom anois; níl aon dul as
agat an babhta seo.'
Dhein an Préachán salach iarracht ar léim a thabhairt den chrann anuas. Ach má dhein, theip air. D'iarr sé arís agus arís eile. Sa deireadh bhí sé crochta bun ós cionn ón ngéag, é ag screadaíl is ag grágaíl.
Bhí Séadna ins na tríthí.
Le linn sosa sa gháire chuaigh Séadna isteach sa tigh agus thug sé sábh láimhe agus dréimire amach. Ghearr sé tríd an ngéag.
Thit an géag agus an préachán anuas díreach isteach sa bhuicéad d'uisce coiscricthe a bhí curtha fé bhun an crainn úll cheanna féin ag Séadna.
Bhuel, ní fhaca éinne a leithéid de ghail, deatach agus broimastún a d'éirigh as an mbuicéad úd.
Léim an préachán go hard suas san aer mar urchar gunna, lasracha ag teacht as a thóin. I bpreabadh na súl ní raibh faic le feiscint de.
Bhí Séadna ag dul isteach go mall nuair a d'airigh sé rud éigin taobh thiar de. D'fhéach sé thar a ghuallain.
Cad a chonaic sé ach an bhean chosnochtaithe, an leanbh álainn, agus an seanfhear liath ag féachaint air le haoibh gáire.
'A Shéadna', arsan bhean chosnochtaithe, 'is ad' iarraidh a thánamar.'
'Bhíos ag súil is ag fanacht oraibh.'
Lá arna mhárach fuair na comharsana é ina shuí ina chathaoir shúgáin, cuma air go raibh sé ina chodladh le h-aoibh gháire ar a bheola.
Foclóir
neamhchainteach = untalkative/silent
ceardlann = workshop
ráfla = rumour
ceann fé = downcast
clanna = children
fuath agus gráin = hate and loathing
corraitheach = restless
grág = caw
go deimhin = indeed
sábh láimhe = hand saw
dréimire = ladder
cheanna féin = already/beforehand
lasracha = flames
airigh = become aware
aoibh gháire = smile
Maith thú, a Phádraig, ar an scéal iontach sin. Tá sé lán de Ghaeilge álainn. Bhain mise agus mo bhean chéile an-sult as. Táimid ag tnúth go mór leis an gcéad cheann eile.