An Bhean Sidhe (Banshee)
- Padraig de Baroid
- Oct 13
- 3 min read
Réamhra
Bean Sidhe = Fairy woman
osclaíteasr = is opened
scáil = veil
Riocht na mbeo/marbh= kingdom of the living/dead
tráthúil = timely
seanda = ancient
Anois is sinn ag druidim le deireadh an Fhomhair, agus teacht na Samhna nuair a osclaitear an scáil idir riocht na mbeo agus riocht na marbh, b'fhéidir go bhfuil sé tráthúil féachaint ar an mBean Sidhe, ise a thagann as an dtaobh eile den scáil chun báis a fhógairt. Is scéal seanda é a théann i bhfad níos faide siar go dtí na Tuatha Dé Danann, nuair a bhí na Síóga, na Daoine Maithe, dibirthe fo-thalamh lena gcumhacht draíochta. Is geata do Ríocht Draíochta na Sí é an Lios nó an Rath. Is mó áit in Éirinn go bhfuil 'Lios' nó 'Rath' ina hainm.
An Bhean Sidhe = ball den Síóg
Foclóir
ag fógradh báis = warning of death
sloinne = family name
foiréigean = violence
féinbhás = suicide
neamhurchóideach = benighn
chonacthas = was seen
tromluí = nightmare
Is seanscéal é an scéal faoin Bhean Sídhe. Tá sé forleathan in Éirinn, ach tá leaganacha i dtíortha eile.
Tá cur síos déanta ag na seandaoine a chonaic an Bhean Sidhe. Dar leo is Seanbhean bheag í ag cíoradh a cuid ghruaige fada, liath is í ag caoineadh is ag fógradh báis i gClann áirithe, Clanna uaisle le 'Ó' nó 'mac' ina sloinnte. Chonacthas í go háirithe nuair is bás le foiréigean nó féinbhás atá i gceist.
Ainneoin sin, is spioraid neamhurchóideach í. Ní an tromluí scanraitheach í atá léirithe i scannáin uafáis.
Béaloideas
Foclóir
Béaloideas = oral tradition
piseog = superstition
cíor mantach = gaptoothed comb
glaotar = is/are called
De réir béaloidis tá a Bhean Sidhe féin ag gach Clann seanghaelach.
Tá piseog ann faoin gcíor. Má fheiceann tú cíor ar an dtalamh, go háirithe cíor mantach fág é mar atá sé - seans ann gur leis an mBean Sidhe é,
Uaireanta glaotar 'Bean Chaointe' ar an mBean Sidhe, de bharr an saghas ólagóin fada, cráite atá aici. Má chloiseann tú an t-ólagón céanna ní fhéadfá dearmad a dhéanamh air go deo.
an Eaglais
Foclóir
mná caointe = keening women
fuascailt na gCaitiliceach = Catholic Emancipation
aibhléis = electricity
áirneán = night visiting
creidmheach = believing/ gullible
bhíodh = used to be
Bhí mná caointe coitianta in Éirinn go dtí an 9ú aois déag. Tar éis 'Fuascailt na gCaitiliceach',1829, thug an Eaglais a haghaidh i gcoinne an nóis caointe, de bharr an baint a bhí aige le seanósanna págánacha. Áfach, níor bhásaigh an Eaglais an Bhean Sidhe. Mhair an Bhean Sidhe i mbéaloideas na tíre, go háirithe faoin dtuath.
Nuair a bhí mé óg, díreach tar éis an chogaidh, seoladh mé chun na Gaeltachta gach Samhradh comh luath is a bhí an scoil ar saoire. Chaith mé na míonna Meitheamh, Iúil, agus Lúnasa ins na sléibhte in Iarthar Corcaí, Béal Átha an Ghaorthaidh. Ní raibh aibhléis ná uisce reatha - Lampaí ola agus uisce ón dtobar a bhí ann.
Bhíodh áirnean coitianta sa tráth sin. Is cuimhin liom an scéalaí cois tine insna tithe éagsúla, agus ansin ag siúl ar ais i ndorchadas na hoíche ag éisteacht le fuaimeanna na hoíche, agus gach scáth mar rud beo agus bagrach tar éis scéalta an scéalaí faoi púcaí agus an Bhean Sidhe. Glac uaim is éasca a bheith creidmheach i ndorchadas na hoíche.
Cláraigh le bhur dtoil
Pádraig
Comments