top of page

An Dá Phápa, Léirmheasín

  • Dec 3, 2025
  • 2 min read

Scannán 'The Two Popes.'

 

léirmheas = critique

léanta = learnêd

toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives

Liobarálaithe = Liberals

aerach = gay

comhghnéas = same sex

go hiomlán in aghaidh a chéile = diametrically opposed

athrú faoi smacht = controlled change

coibhneasacht mhórálta = moral relativism

riachtanas athraithe = necessity for change

amhras = doubt

Faoistin = Confession

dul ar scor = to retire

a seacht ndícheall = his level best

gan agó = unquestionably

an guth ba dheireannaí a bhí coinne leis = the voice he least expected to hear.



Léirmheasín

an Dá Phápa

Deireadh seachtaine d'amharc mé ar an scannán 'The Two Popes'. Bhí sé fíorshuimiúil.

 


An Pápa Benedict, fear fíorléanta, togha na gCoimeádaithe, a chaith a phápachas uilig ag iarraidh na hEaglaise a choinneál mar a bhí sí, gan ghéilleadh d'fhórsaí an Domhain a bhí ag athrú agus ag brú uirthi géilleadh do na fórsaí chéanna.

 

Chuir sé fios ar Cáirdinéal ó Meiricea Theas a bhí mar sheaimpín den Liobarálachas. I mbarúil an Cháirdinéil sin, ní mór don Eaglais athrú. Dar leis ba chóir don Eaglais a bheith níos oscailte, níos fáiltiúla do dhreamanna éagsúla mar daoine aereacha, lánúin comghnéasacha, páirt na mban san Eaglais, &rl.

 

Beirt fhear a bhí ann go hiomlán in aghaidh a chéile; Traidisiúin seasmhach in aghaidh athrú a bheadh faoi smacht.    

 

Nuair a bhuail an bheirt bhi Beinedict naimhdeach. Níor thaithin sé leis go raibh an Cáirdinéal Bergoglio toilteannach traidisiúin na hEaglaise a chaitheamh amach, agus coibhneasacht mhórálta a thabhairt isteach. Dar leis, tá Dia seasmhach, gan athrú.

 

Níor aontaigh Bergoglio. Bhí seisean seasmhach ar riachtanas athraithe i nDomhan a bhí ag athrú. Go raibh Dia ag athrú agus ba chóir don Eaglais athrú.


Dúirt Benedict leis:


'Tá freagra agat ar gach rud.'

 

Diaidh ar ndiaidh d'éirigh cáirdeas agus muinín eatarthu.

 

D'admhaigh Benedict nach raibh sé ábalta guth Dé a chloisteáil le tamall anuas, go raibh amhrais á chiapadh - ní amhras faoi Dhia, ach amhras faoin Eaglais.

 

Rinne sé Faoistin le Bergoglio.


Chuir sé in iúl dó go raibh sé ar intinn aige dul ar scor.

 

Rinne Bergoglio a sheacht ndícheall áitiú air gan é sin a dhéanamh; go ndéanfadh sé fíordochar don Eaglais.

 

'Ach cén dochar a dhéanfaidh sé dá bhfanfaidh mé?'

 

Níos déanaí d'admhaigh Benedict gur chuala sé guth Dé arís, agus ba ghuth Bergoglio a bhí ann, agus ba é sin an guth ba dheireanaí a bhí coinne leis. Ach ba ghuth Dé é gan aon agó.

 

Bhí Bergoglio cráite ag smaoineamh ar a bhí á mholadh.

 

Toghadh Bergoglio ina Phápa agus gabh sé Proinnsias mar a ainm Pápachas.

 

Fíorshuimiúil é an scannán. Is fiú é a fheiceáil.

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

2 Comments


posautivelearning
Dec 05, 2025

Go raibh maith agat a Phádraig. Ábhar suimiul, ce nach raibh fhios agam ar an scannán sin. Cabhraíonn na fhrasaí, sibhse ag labhairt, agus an teics freisin go mór liom!

Like

Michael Cleary
Michael Cleary
Dec 03, 2025

Ní fhaca mé an scannán sin fós ach tar éis do léirmheasa beidh orm é a fheiceáil roimh an mbliain úr. Dea-obair.

Like
bottom of page