top of page

Coinneall Nollag

  • Dec 12, 2025
  • 2 min read

Caib. 1


Foclóir

teitheadh 1

ag teitheadh = fleeing

amhail is = as if

fothain = shelter

amharc fuafar milteach = hateful, destructive look

feallaire = betrayer

nach leis í = she wasn't his

 

Bhí Morag ag teitheadh, ag teitheadh amhail is dá raibh a saol ag brath air - bhuel, i bhfírinne, saol a naíonáin, soineanta, nuabhreithe a bhí ina baclainn aici. Mar ainmhí sceimhlithe bhí sí ar thóir fothana ón mbithiúnach brúidiúil, meisciúil a rinne mí-úsáid uafásach uirthi, agus a chuir an naíonán i mbaol - naíonán nach leis í.

 

Thuig sí an t-amharc millteach, fuafar a thug sé dá páistín bídeach nach raibh ach dhá sheachtain slánaithe aici.

 

foclóir


Garbhchríoch = the Highlands

D'áitigh sé = he persuaded

buanghrá = eternal love

i gcaidreamh = intimate

ag iompar = pregnant

imithe ar shlí na fírinne = dead

soghonta = vulnerable

 i ngéibheann = captive

bean chabhrach = midwife

 

 

Rugadh Morag go hard sa Gharbhchríoch, seacht mbliana déag slánaithe aici. In aois a sé déag bhí buachaill grá aici. D'áitigh sé uirthi géilleadh dó. Dúirt sé go gcruthódh sé go raibh buanghrá aici dó, mar a bhí aige di, agus, i bhfírinne, gan an cruthú céanna is iomaí cailín a bhí ann go mbeadh gliondar orthu bheith i gcaidreamh leis.

 

Faoi bhrú, chreid sí a scéal, agus ghéill sí do, ach faraor, nuair a thuig sé go raibh sí ag iompar as go brách leis ar thóir oinsigh eile.

 

Chaith a hathair amach ar an sráid í mar bhí sí ina chúis náire dó i súile na gcomharsan.


Bhi a máthair imithe ar shlí na fírinne le roinnt blianta. Bhí sí ina haonar, torrach agus soghonta.  

 

Thug sí aghaidh ar an gcathair, mar a rinne iomaí cailín mar í roimpi.

 

I nGlascú bhí fear ann a gheall cairdeas, fothain agus sábháilteacht di, ach faraor, feallaire eile a bhí ann, agus níos measa, ba dhrochúsáideoir é. Bhí sí i ngéibheann in árasán suarach leis. Bhí rianta a mhí-úsáide soiléir don saol uilig ar a gnúis óg.

 

Aineolach, gan bhean chabhrach, thosnaigh sí ag saolú. Chuala bean béal dorais í ag screadaíl. Chuidigh an bhean máithriúil léi agus thug cúpla balcaisí di don naíonán agus theaspáin sí di conas a páistín a chur chun cíche.


Nuair a tháinig an maistín abhaile ar meisce rith an bhean béal dorais abhaile.

 

Foclóir

tar éis saolaithe = after giving birth

instinn = instinct

dodhiúltach = impossible to deny/refuse

D'athosnaigh an mí-úsáid ainneoin nach raibh sí ar fónamh tar éis saolaithe a hiníne.


 

Bíonn instinn amháin ag gach mathair: 'Ní mór di a naíonán a chosaint thar aon ní eile, fiú thar a saol féin.'

 

Sin an instinn dodhiúltach a thiomáin Morag nuair a chonaic sí an t-amharc fuafar a thug an maistín don naíonán nach leis í.  Bhí fhios aici go gcaithfidh sí éaló. Ní mór di teitheadh arís.

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page