top of page

Jimín Caib. 5(b) bróga nua

  • 4 hours ago
  • 3 min read

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua.


In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots with nails.

Dad gets drunk and sings his way along the road home.

Dad tries to kiss Mam, she shoos him away but doesn't seem too upset by it.

 Jimín shares Dad's secret with Cáit

Jimín 5(b) na bróga nua

 

 

Tar éis na beithígh a dhíol chuaigh Daid ag lorg an t-airgid. Chuas féin ag féachaint ar gach aon rud. Áit ana-mhór is ea 'an Daingean' agus tá mórán daoine ann. Lucht tarta ar fad atá ann, ní foláir, mar deochanna ar fad a bhíd a dhíol. Ní fheadar cad a chuireann an tart go léir ar dhaoine nuair a thagaid 'on Daingean. Bíonn taoscana móra cúránacha de stuif éigin ghránna dhubh á slogadh síos acu.

 

Tar éis tamaill do bhuail Daid arís liom. Bhí sé féin agus beirt eile ag teacht amach as tigh agus bhí sé ag triomú a bhéil. Chuireas i gcuimhne dhó an scilling úd agus fuaireas uaidh í. Thug an bheirt eile toistiún dom.

 

D'imíos liom ag ceannach úll agus misleán agus brioscaí. Ní fada in aon chor do sheasaimh an scilling dom.

 

Chuas ar lorg m'athar agus cá bhfaighinn é ach lár na sráide thíos le Mam, agus an bheirt acu am' lorgsa.

 

Rugadar leo ansan mé ag ceannach bróg dom. Do thrialladh fiche feidhre orm sara rabhamar go léir sásta. Ní dóigh liom féin go raibh aoinne sásta ach Mam. Ní rabhas-sa róshásta mar bhí tairngí iontu. Dúirt Mam go mbeinn ag siúl phludaigh leo agus ag gabháil trí loganna uisce.

 

Bhuaileas an doras amach leo, a mhic ó, agus suas an tsráid agus mé ag baint tine as clocha na sráide leo.

 

Ba é céad duine a bhuail liom ná Micilín Eoin.

 

'Th'anam 'on riach, a Mhicilín, fan uaim amach nó satlód ort.'

 

D'fhéach Micilín ar na bróga.

'Tánn tú ceangailte dhen dtalamh acu', ar seisean.

 

Bhíodar an-ainnis orm, an dtuigeann tú, ach ní thabharfainn mar shásamh dósan go n-admhóinn é.

 

Bhí sé déanach nuair a thánamar abhaile an oíche sin. Bhí Daid ag amhrán an bóthar thíos agus bhí Mam á rá leis éisteacht. Nuair a thánamar abhaile bhí sé d'iarraidh Mam a phógadh ach ní ligfeadh sí dhó é. Mar sin féin ní raibh aon olc uirthi chuige nuair a dhein sé é.

 

Thugas misleán agus úll go dtí Cáit agus bhí ana-shaol againn á n-ithe, agus d'inseas dí mar gheall ar an Aonach, agus d'inseas dí mar gheall ar an seacht scilling is réal. Do gheall sí gan é a insint do Mham.

 

Foclóir

lucht tarta ar fad, ní foláir = they must be very thirsty                                                people

taoscana móra cúránacha = big foaming vessels

á slogadh síos = gulping down

toistiún = four pence

an bheirt acu am' lorgsa = the two of them looking for                   

                       me.

ní fada in aon chor do sheasaimh an scilling = the shilling didn't last long at all

do thrialladh fiche feidhre(péire) orm = 20 pairs were                                                         tried on me

ag siúl phludaigh = walking in mud

ag gabháil trí loganna uisce = going through pools of                                                  water

ag baint tine as clocha na sráide = striking sparks off                                                 the stones on the road

satlód thú = I'll trample you


th' anam 'on riach = an expletive (eg. Devil take me)


ní thabharfainn mar shásamh dó = I wouildn't give him                                                      the satisfaction

an-ainnis = wretched/hurting

ag amhrán an bhóthar thíos = singing down the road.

ní raibh aon olc uirthi = she wasn't upset

 
 
 

Recent Posts

See All
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 
Jimín Caib. 4 (b) Náire ar Jimín

In which Jimín regrets having abused Micilín Eoin when Cáit catches him. She calls him a bully and makes him feel very small, and wishesCaib he could turn the clock back. Choking back tears he helps

 
 
 
Jimín 4(a) Cailíní!

In which Jimín finds girls to be uselesss except for screeching and scratching. When Mam tells him to play with his younger sister Cáit he wins all her pretty buttons. When she refuses to hand them ov

 
 
 
bottom of page