Jimín 5(a) Ar an Aonach
- 3 hours ago
- 3 min read
In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road.
At the Fair he encounters more animals than he thought were in all of Ireland - bullocks, cows, bulls, sheep, all roaring and ba-a-ing.
He observes in wonder his Dad hard-bargaining with the well-fed buyers.
When he asks his Dad why he bargained so hard he told him it was because of Mam. She had told him to get £16 per beast. He got £16/7s/6d. The extra 7s/6d was for himself unbeknownst to Mam. If Jimín didn't let on he would give him a shilling later.
Jimín was on Dad's side but not because of the shilling
Jimín Caib. 5(a)
Jimín ar an aonach
Bhí ana-lá agam ar an Aonach
Bhí sé le fada geallta dhom go ligfí ann mé, agus bhíos ag coimeád na bpinginí ina chomhair.
D'éiríomar - mé féin is Daid - ar a cúig a' chlog agus chuamar leis an ngealaigh 'on Daingean.
Ceithre cinn de bheithíg a bhí againn.
Gach aon bhearna a bhí ar thaobh an bhóthair thugaidís fé dhul isteach ann, agus bhíodh Daid gach re neomat á rá liom: 'Jimín, a bhuachaill, preab isteach agus bagair amach í sin!'
Is minic a bhíodh dhá chúrsa déag agam féin agus ag an mbeithíoch timpeall na páirce istigh sara ritheadh sé ina ceann gur cheart di dul amach ar an mbóthar arís.
Nuair a thánamar go Páirc an Aonaigh cheapas ná raibh oiread stoic in Éirinn. Bhí beithígh- bulláin, agus ba agus tarbhaí agus caoire agus iad go léir ag búirigh agus ag meiligh agus iad ag rith trína chéile.
Bhí fear ag gabháil lár an Aonaigh suas agus fiche bullán aige in aon scata amháin agus triúr fear agus trí cinn de mhadraí ina ndiaidh. Do scaipeadar rompu soir, siar. Bhí seanduine ann agus bó aige ar adhastar. Rith scata beithíoch isteach idir é féin agus an bhó. B'éigin dó scaoileadh léí. Bhí sé ag eascainí.
Scaipeadh na ceithre beithígh orm féin is ar Dhaid trí huaire.
Timpeall a hocht a' chlog tháinig na ceannaitheoirí. Plobairí ramhra, casóga móra orthu agus bróga geancacha agus géiteirí leathair go glúinibh orthu.
D'fhiafraigh gach duine díobh dem' athair an mór a thógfadh sé ar na beithígh. Ní beithígh a dúradar in aon chor ach 'ragaí' agus 'creatlacha'.
'Ocht púnt déag an ceann', arsa Daid.
Thairg fear amháin ceithre púnt déag an ceann. Thairg fear eile sé púnt déag. Um an dtaca seo bhí Daid anuas go sé púnt déag deich scilling.
Dheineadar an margadh sa deireadh thiar ar sé púnt déag seacht scilling is réal.
Dúirt mé le Daid: 'Cad ina thaobh go rabhais comh dian á ndíol?'
D'fhéach sé timpeall ar eagla go mbeadh aoinne ag éisteacht.
'Do mháthair, a bhuachaill, do mháthair! Sé pûnt déag an ceann a dúirt sí liom a dh'fháil orthu agus ní bheadh aon ghnó abhaile agam gan an méid sin. Beidh an chuid eile agam féin, i ngan fhios di. Ná lig aon ní ort, agus tabharfaidh mé scilling duit ar ball.'
Dhein sé gáire agus thug sé sonc dá uillinn dom!
Sa scéal so bhí mé ar thaobh mo Dhaid - agus ní mar gheall ar an scilling é.
Foclóir
Aonach = fair
le fada geallta dhom go ligfí mé= long promised I'd be allowed
ina chomhair = for it (in advance)
beithígh = beasts
gach aon bhearna = every single gap
gach re neomat = every other minute
dhá chursa déag = twelve rounds
scata = group/pack
ar adhastar = on a halter
ag eascainí = cursing and swearing
ceannaitheoirí = buyers
plobairí = fat-faced
ragaí agus creatlacha = worthless skeletons
ní bheadh aon ghnó abhaile agam = no business at home (life wouldn't be worth living.
réal = sixpence
ná lig aon ní ort = don't let on
sonc dá uillinn = dig of his elbow
ní mar gheall ar... = not because of...