Bóithrín na Smaointe
- 21 hours ago
- 2 min read
Ar Bhóithrín na smaointe
Lá breá brothallach, deireadh na Márta, a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.
Bhí mé im' shuí ar bhinnse sa pháirc, an ghrian am' théamh; mo shúile dúnta ag baint taithneamh as teas na gréine ar m'aghaidh.
Beagnach im' chodladh shleamhnaigh mé ar bhóithrín na smaointe go laethanta m'óige ar ais cois Laoi; am' ghrianadh féin ann agus ag snámh san abhainn álainn.
An mhaidin bhreá seo bhí me suaimhneasach, leathchodlatach ar mo sháimhín só.
De gheit, briseadh an draíocht nuair a leagadh lámh trom ar mo ghualainn. Gheit mo chroí nuair a réab guth garbh mícheolmhar ó m'aisling mé. Ar feadh dhá mheandar ní raibh fhios agam cá rabhas, agus níor aithin mé díreach guth an duine a tháinig aniar aduaidh orm is mé fós i dtaibhreamh.
Mo chroí ag geiteadh chas mé timpeall.
'A Phádraig, ar bhain mé geit asat? An raibh tú i mbaclann cailín álainn id' thaibhreamh.'
'A chladhaire gan mhaith, Seán Eoin, bhí mé i dtaibhreamh, ach ní le cailín ar chor ar bith. Bhí mé am' ghrianadh féin cois Laoi. Is i bhfad uaim na laethanta úd. Níl agam ach na cuimhní anois.
An dtéann tú féin siar ar bhóithrín na smaointe.
'Tá brón orm, a Phádraig, gur bhris mé isteach ar d'aisling. Is Corcaíochaigh sinn araon; is minic a mhothaím uaim na laethanta céanna.'
'Ní dóigh liom gur mar an gcéanna an áit anois, agus ní dóigh liom go bhfeicfidh arís é.'
'Dar Fia! a Phádraig, ná bí dubhach. Téanam agus bíodh pionta againn, agus cuimhneoimid ar na laethanta atá imithe, agus ar Chorcaigh cois Laoi, an áit is ansa duinn araon- Corcaigh mar a bhí sé.'
'Tá an ceart agat, a Sheáin Eoin, is ró-bhreá an lá é chun a bheith dubhach. Téanam!'
Foclóir
bóithrín na smaointe = Memory Lane (bo-i-hreen)
brothallach = fine, sunny (bro-hol-uk)
ag geallúint = promising
an ghrian am' théamh = the sun warming me (hay-av)
ag baint taithneamh as= enjoying (tah-nuv)
i dtaibhreamh = in a dream
am' ghrianadh féin = sunning myself
de gheit = suddenly
draíocht = magic spell
Gheit mo chroí = my heart jumped
garbh mícheolmhar = rough unmusical
dhá mheandar = a couple of seconds
aniar aduaidh = unexpectedly, without warning
mo chroí ag geiteadh = my heart jumping
i mbaclann = in the arms of
a chladhaire gan mhaith= you useless rogue
aisling= taibhreamh = dream
mothaím uaim = I miss (mo-heem)
ná bí dubhach = don't be gloomy
téanam = téanamis = let's go
an áit is ansa = the dearest place
cuimhneoimid = we'll remember
People have been asking about pronunciation, particularly the 'h'.
I have marked 'th', because there is a tendency to see it as it is in English. 'TH' in Irish is an aspirate ie it is just a 'huh', air pushed out.
'CH' in Irish is pronounce 'v' or 'w'. Dont worry which. They are fairly interchangable.
Comments