top of page

An Seoiníin is an Dreoilín 3

  • Padraig de Baroid
  • Oct 25
  • 2 min read

Caib. 3 Spiaireacht

neamhshofaisticiúil = unsophisticated

a stiúrú = to conduct

do-cheistithe = unquestioned

cáinte = denounced

cárdálaí = gossip

spiadóir = spy

freasúra = opposition

cogar i gcéin = a whisper abroad

fiosraitheach agus sáiteach = inquisitive and intrusive

ach an oiread = either

bréageolas = fake news

Buachaillí sa chúinne







Ní raibh Gaeilge ag an Athair Simon. Dar leis ba theanga neamhshofaisticiúil í. Comh maith le sin, bhí sé an-amhrasach faoi dhaoine ag labhairt i dteanga nár thuig sé in a thimpeall.

 

I ndáiríre, ba mhaith leis úsáid an Bhéarla a mhéadú sa pharóiste. Thosnaigh sé ar gnó an pharóiste a stiúrú as Béarla. Thug sé a sheanmóiní as Béarla. Thuig na daoine an drochmheas ach sa tráth sin bhí cumhacht an tSagairt do-cheistithe. Ba bheag rud a bhí níos measa ná bheith cáinte ón altóir. Bhí aithne ag gach paróisteach ar dhuine a bhí cáinte - go háirithe na cailíní ainniseacha ins na Magdalens.

 

An-deacair rud ar bith a choinneál faoi rún le fada. Bhí cárdálaí nó dhó sa pharóiste, spíadóirí,  a thug scéalta don Sagart, go háirithe drochscéalta.

 

Beagánín roimh Nollaig bhí na buachaillí an-ghnóthach ag cur le chéile éidí agus uirlisí don Dreoilín. Bhailigh siad le chéile i ndorchadas na hoíche sa scioból. Ach, cé go raibh siad sár-chúramach bhí cogar i gcéin go raibh rud éigin ar bun acu.

 

Chogar cardálaí éigin an scéal i gcluas an Athar Simon. Bhí sé ar mire! Ba dhúshlán é dá údarás, agus údarás na hEaglaise! Thug sé seanmóin fíochmhar eile agus mhéadaigh sé ar a shrónaíocht timpeall ar thóir fiannaise.  Níor thaitin an spiaireacht céanna le muintir an pharóiste. Bhí sé fiosraitheach agus an-sáiteach. Níor thuig sé go bhfuil daoine faoin dtuath cúramach lena bpríobháideacht.

 

Neartaigh a ghníomhartha freasúra na bhfear ina choinne. Cé nár sheas siad an fód ina choinne níor comhoibrigh siad leis ach an oiread. Cé go raibh na mná ar a thaobh ní raibh fonn ar bith orthu dul i ngleic lena bhfir céile ar a shon.

 

Áfach, bhí sé deacair do na buachaillí a ngníomhartha a choinneál faoi cheilt. Bhí plean eile de dhíth!

 

'Bhuel,' arsa Tadhg Aindí, 'más eolas atá uaidh, tabhairfimis eolas dó - togha eolais - bréageolas..'

 

'Conas is féidir linn é sin a dhéanamh?'

 

'Tá smaointe agam, ach níl siad ina seift agam fós. Beidh sé agam um an dtaca an chéad cruinniú eile.'






 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 

Comments


bottom of page