top of page

An Seoinín agus an Dreoilín

  • Padraig de Baroid
  • Oct 20
  • 2 min read

Is scéal é seo faoin Sagart ón Chathair, an Seoinín, a chuaigh i gcomhraic le 'Buachaillí an Dreoilín' sa Ghaeltacht.

 


 Caib. 1

 

ree

Seoinín = person who loves things British (West Briton)

Dreoilín = the wren (the wran)

craobhóg sceiche = branch of a bush

ag eagrú = organising

drochmheasúil=disrespectful/ contemptuous

imníoch = nervous

nósanna ár sinsear = customs of our forefathers

tolg = couch/sofa

madrúil = brutish

an fód a sheasamh = stand your ground

Misneach an leanna = Dutch courage

an Dreoilín a chur = to bury the wran

 

Buachaillí sa chúinne






Mí na Samhna a bhí ann nuair a bhí seisear buachaill den pharóiste cruinnithe i gcúinne ciúin, dorcha i dteach tábhairne Sheáin Óig ag eagrú cúrsaí in aghaidh Lá an Dreoilín. Sin Lá 'le Stíofáin - ar a dtugtar 'Boxing Day' sa Bhreatain.


 

Bhí sé de nós ag buachaillí an pharóiste iad féin a ghléasadh mar ainmhithe agus le Dreoilín ardaithe i gcraobhóg sceiche dul timpeall an cheantair ag canadh agus ag bailiú sóinseála chun an Dreoilín a chur. I bhfírinne Chaith na buachaillí an t-airgead sa teach tábhairne, agus uaireanta bheadh siad dall ar meisce um deireadh an lae.

 

 

I mbliana b'éigean dóibh bheith an-chúramach mar bhí an t-Athair Simon, an sagart nua ón Chathair i bhfíorchoinne na sean-nósanna tuatacha. Dar leis, ba nós págánach é an Dreoilín; mí-oiriúnach dá pharóiste.

 


ree

An Domhnach roimhe sin thug sé seanmóin drochmheasúil, fíochmhar ag bagairt tinte Ifrinn ar éinne a bheadh páirteach ina leithéid de shean-nós barbarach, págánach ina pharóiste.

 

Cé go raibh sé sa Ghaeltacht thug sé a sheanmóin as Béarla mar, dar leis, ba theanga bharbarach í an Ghaeilge, a chothaigh na sean-nósanna céanna.

 

Thuig na buachaillí sa chúinne dorcha go raibh sé baolach dul i gcoinne an tSagairt. Dá mba rud é gur chuala sé go raibh seift faoi bhun tar éis gach a dúirt sé ón altóir bheadh rí-rá agus ruaille buaille.

 

Bhí cúis imní eile ar na buachailli. Ní amháin go raibh an Sagart i gcoinne an Dreoilín ach bhí mná an pharóiste ar aon intinn leis.

 

'Má chloiseann Síle go bhfuilimid ag eagrú don Dreoilín i gcoinne an tSagairt is beag fiúntas a bheidh imo shaol'.

 

'Ambaiste, is mar an gcéanna le Nóra', arsa Peadar Bán.

 

'Ní féidir linn sean-nósanna ár sinsear dul in éag', arsa Tadhg Aindi. 'Ní mór dúinn an fód a sheasamh ainneoin na mná agus an Sagartín úd ón gCathair nach dtuigeann ár sean-nósanna anseo sa Ghaeltacht!'

 

'Éasca duitse é sin a rá, a Thadhg Aindi, ach níl bean agatsa ar do dhroim ag bagairt an toilg ort muna bhfuil tú umhal don Sagart. Aontaíonn mo Nóra leis go huile is go hiomlán. Dar léí is nós madrúil é an Dreoilín, atá oiriúnach do meisceoirí madrúla. Díreach mar a dúirt an sagart ag an Aifreann.'

 

'Is fíor nach bhfuil bean chéile agam ar mo dhroim, ach seo an cheist dúinne: géilleadh nó an fód a sheasamh. Más rud é go bhfuilimid chun an fhóid a sheasamh tá moladh agam. Ach má bhfuilimid ag géilleadh fanfaidh mé im' thost.

 

Tar éis pionta nó dhó eile bheartaíodar, le misneach an leanna, ar an bhfód a sheasamh.  

 

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 

Comments


bottom of page