top of page

An Seoinín agus an Dreoilín 2

  • Padraig de Baroid
  • Oct 22
  • 2 min read

Caib. 2. Seift iontach

Foclóir

Ní foláir dó = it must be

moladh = suggestion

ag srónaíocht = nosing about

bean fúála = sewing woman

buailfimis = let us meet

sonraí = details

seift iontach

neacht = niece

rud ar bun = up to something

ag ligint orthu = pretending

aghaidh fidil = mask (false face)

 do-aitheanta = unrecognisable

umhlaíocht agus smacht = obedience and control

uaillmhianach = ambitious

neamhoilte = uneducated

rath = success

Dia-thréigthe = god-forsaken



Nuair a bhuail na buachaillí le chéile sa chúinne dorcha ar an Satharn dár gcionn bhíodar fós ar sceitimíní.

 

'Cad é an plean iontach atá agat, a Thadhg Aindí. Ní foláir dó bheith iontach?'

 

'Seo mo mholadh', arsa Tadhg Aindí: 'Tá an scioból seo 'gamsa folamh go dtí teacht an Earraigh. Is féidir linn na hullmhúcháin a dhéanamh ann. Is beag duine a thagann go dtí mo fheirm, agus ar aon chuma, níl mé sa pharóiste seo 'gaibhse. Ní bheidh do shagart Simon ag srónaíocht timpeall paróiste an athar Ó Broin. Is Gaeilgeoir dílis é siúd.'

 

'Bhuel', arsa Jimín Peats,' cuideoidh mo Mháire linn má ta bean fúála de dhíth- níl aon ghrá aici don sagartín sotalach a mhaslaigh an cailín úd, a neacht, ón altóir.'

 

'OK, buailfimis sa scioból tráthnóna Sathairn le sonraí.'

 

'Bíodh pionta eile againn in ómós don Dreoilín agus do bhéil dúnta!'

 

An Satharn dár gcionn bhí na buachaillí ag an scioból ag ligint orthu go raibh siad ag cuidiú le Tadhg Aindí, ach, i bhfírinne, bhíodar ag roghnú éidí agus aghaidheanna fidil chun a bheith do-aitheanta go huile is go hiomlán. Bhí imní orthu fós, cé go raibh an scioból sa Pharóiste béal dorais.

 

D'imigh siad abhaile lánsásta leis an gcéad cruinniú. Bheartaigh siad ar cruinniú eile i gcionn míosa. Idir an dá linn bhaileodh siad na rudaí a bhí de dhíth.

 

Bhí na mná an-amhrasach mar ba ró-éasca é géilleadh na bhfear. Bhí siad cinnte go raibh rud éigin ar bun!

 

Bhí an t-Athair Simon lánsásta leis féin mar cheap sé go raibh a smacht ar an bParóiste bunaithe aige. Ní raibh an meas is lú aige ar na paróistigh tuatánacha faoin a chúram. Umhlaíocht agus smacht a bhí uaidh thar gach rud eile. Bhí sé cinnte go raibh sé sin aimsithe aige anois.

 


Sagart uaillmhianach ab ea an t-Athair Simon. Dar leis féin, thuill a thallanacha paróiste tábhachtach sa chathair. Bhí aithne aige ar sagairt neamhoilte a bheadh i bhfad níos oiriúnaí don áit iargúlta seo ná é féin. Ba mhistéir dó nach bhfaca an t-Easpag é sin.

 

Ar aon chuma fhaid is a bhí sé sáite anseo threoródh sé na tuatánacha bochta as a ndorchadas is a n-aineolas. Scriosadh lucht an Dreoilín an chéad céim, agus, ar ndóigh, ní raibh sé sin ro-dheacair dó.


Cá bhfios, b'fhéidir go gcuirfeadh an rath seo ina luí ar an Easpag gur botún mór a rinne sé nuair a sheol sé é go dtí an poll Dia-thréigthe seo.

 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 

Comments


bottom of page