top of page

An Seoinín is an Dreoilín 4

  • Padraig de Baroid
  • Oct 27
  • 3 min read


Caib. 4; Seift iontach 1


Foclóir

cailleach nimhneach = poisonous crone

measúla = respectable

ag clabaireacht = gossipng

blúirín = scrap

dúirse dáirse = prattling

seift 1

eangach = nrt

searbh = sour/bitter

gal = steam

neach/duine = person

cladhaire = rogue

tostach = silent

ag airneán = night visiting

ina theannta = with him

slítheánta = furtive

comhcheilgeach = conspiritorially

bhioraigh = pricked up/ sharpened

dheimhnigh sé = it confirmed

Thug sí do na boinn = she legged it

 

Nuair a bhuail na buachailli le chéile ar an Satharn dár gcionn bhíodar ar sceitimíní. I rith na seachtaine ba léir dóibh go raibh an sagart ar tí iad a aimsiú.

 

'Tá súil agam go bhfuil plean iontach agat, Tadhg Aindí, mar tá an sagartín úd ró-ghar dúinn.'

 

'Bhuel, seo é mo sheift.'

 

Leag sé amach an plean.

 

Maidin Dé Luain bhí an chaileach nimhneach, Neili, in Oifigh an Phoist/Siopa/Caife. Bhí cupla bord ag Neili sa cúinne. Is sa chúinne sin a bhuail cuid de na mná 'measúla' le chéile ag clabaireacht le cupáin café lár na maidne. Thaitin sé le Neilí agus í ag cúléisteacht mar ba mhó an blúirín eolais nó ráfla nimhneach a fuair sí as an dúirse dáirse céanna.

Seanchailleach Neili
Seanchailleach Neili

 

Bhí sí taobh thiar den chúntar, a chuid ghruaige liath ceangailte i sheaneangach; a béal cromtha síos mar dhuine a bhlais rud éigin searbh; a súile beaga géara ag féachaint go hamhrasach ar an saol uilig.

 

Ba chárdálaí, agus cúlchainteoir den scoth an Neili chéanna. Chreid các go n-osclaíonn sí litreacha faoi ghal.


Faraor, bhí cluas an tSagairt aici mar ba phlámásaí í le daoine mór le rá. Ba uaithi a fuair an t-Athair Simon scannal an pharóiste. De ghnáth ba scéalta nimhneacha iad faoi ainniseoir bocht nó faoi chailín bocht, mar ní fhaca Neilí maitheas i neach ar bith. Ba bheag an comhbhá a bhi faoin a seaneangach duairc.


Chaith sí a lán ama sa Séipéal ag glanadh agus ag cóiriú na mbláth go h-áirithe nuair a bhí an Sagart timpeall na h-áite.

 

ree

An mhaidin Luain úd isteach le Máirín, bean Jimín Peats:

 

'Dia dhuit, a Mháirín? Conas tá tú?'

 

'Tá mé go maith, Neili, agus tú féin?

 

'Á, ag dul in aois, ach níl mé ag clamhsán. Tá Dia maith! Agus conas tá Jimín Peats? Ní fhaca mé le tamallín é.'

 

'Fir, Neili, i gcónaí ar bun rud éigin. Is mar leanaí iad!'

 

'Chuala mé go raibh buachaillí dána ag dul i ngleic leis an Sagart faoin Dreoilín. Cuirim an milleán ar an gcladhaire úd Tadhg Aindí. Níl meas aige ar aon neach.'

 

'Níl fhios agamsa, Neilí, cad tá ar siúl. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat. Chuala mé an ráfla céanna, ach tá Jimín tostach faoi. Is fíor go dtéann sé amach níos mó ag áirneán le déanaí. Anyway, caithfidh mé ráibeáil. Cúpla stampa led' thoil, Neili. Tá fhios agat go bhfuair mé litir ó mo dheirfiúr thall i Nua Eabhrach.'

 

An lá dár gcionn bhí ionadh ar Neilí nuair a tháinig Tadhg Aindí isteach agus Jimín Peats agus Peadar Bán ina theannta. Shuigh siad sa chúinne le cupáin café ag cogarnach agus cuma slítheánta, comhcheilgeach orthu. Bhioraigh cluasa Neilí is í ag cúléisteacht go dicheallach. Go ciúin dhruid sí ina dtreo ag ligint uirthi go raibh sí ag glanadh an chúntair.

 

Nuair a bhí sí i ngar lig siad orthu í a thabhairt faoi dheara agus d'ísligh siad a nguthanna. Ach rinne siad cinnte gur chuala sí an sloinne, 'Ó'Súileabháin' agus an focal 'feirm'. Sin an méid a bhí uaithi. Dheimhnigh sé an ráfla di.

 

Tar éis imeacht na mbuachaill thug sí do na boinn trasna go dtí teach an tSagairt.

cailleach nimhneac

h = poisonous crone

measúla = respectable

ag clabaireacht = gossipng

blúirín = scrap

dúirse dáirse = prattling

eangach = nrt

searbh = sour/bitter

gal = steam

neach/duine = person

cladhaire = rogue

tostach = silent

ag airneán = night visiting

ina theannta = with him

slítheánta = furtive

comhcheilgeach = conspiritorially

dheimhnigh sé = it confirmed

Thug sí do na boinn = she legged it

 


 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 

Comments


bottom of page