An Seoinín is an Dreoilín 5
- Padraig de Baroid
- Oct 30
- 5 min read
an Seoinîn is an Dreoilín Caib. 5
Foclóir
foinse = source
Ghoill sé = it annoyed
ardnósach = high and mighty/ stuck up
srónacht = nosiness
craobhscaoilte = broadcast
níor choigil = didn't spare
tréad = flock
d'iompaigh sé ar a shála = he turned on his heel
ag plobaireacht = spluttering
Phramsáil sé = he flounced
thug sé an lasc = he gave the lash
táirseach = threshold
corraithe = upset
tomhas = measure
Barúil umhal = humble opinion
'Good morning, Neilí. Have you heard anything helpful about these bold, intransigent fellows?'
Níor thuig Neilí na focail fhada, ach thuig sí cad a bhí uaidh.
'Bhuel, a Athair, chuala mé go bhfuil rud éigin ar siúl thuas i bhfeirm an t-Uasail Ó'Súileabháin.
'What do you mean, Neilí. Speak plainly in English, if you don't mind.'
'Well, Father, there is a rumour that the Wran Boys are getting ready up there.'
'Where is this farm?'
Dhírigh Neilí i dtreo na feirme e. Bhí sí lánsásta léí féin. Níor thaitin Ó'Súileabháin léí. Ghoill é sé go mór uirthi go rinne bean 'ardnósach' an fheirmeora a siopadóireacht sa bhaile mór.
Dar le Neilí:
'De réir dealraimh níl mo shiopa maith go leor di.'
Ach, i bhfírinne ba shrónacht Neilí féin an chúis. Níor mhian le Bean Uí Shúileabháin gnó a teaghlaigh a bheith craobhscaoilte ag an gcárdálai.

Níor choigil an Sagart a chapall ar an mbóthar go dtí feirm an tSúileabháinigh. Bhí an ainmhí bocht báite in allas agus ag análú go trom um an dtaca shroisint na feirme.
Bhí an feirmeoir ag obair le h-ais an tí.
Dhruid an Sagart air ag béicigh go borb, mí-mhúinte:
'You, Sir! What do you think you are playing at. I gave strict instructions from the altar. Are you defying me?'
Ionadh air, d'fhéach an Súileabhánach air:
'Ní thuigim, a Athair, cad tá i gceist agat?'
'Don't answer back, man, and speak English like a Christian. You know very well to what I am referring.'
Cé nár thuig an feirmeoir cad a bhí i gceist, thuig sé an masla agus an drochbhéasaíocht. Masla dó féin agus dá theanga dhúchais. Ba bheag duine sa cheantar go raibh níos mó grá aige don Ghaeilge ná an fear céanna.
Sheas sé suas go díreach a shúile géara ar an Sagart seoiníneach:
'Stad ansan, a Athair, tá do dhóthain ráite agat. I dtosach báire níor thug mise ná aon ball dem' theaghlach cuireadh duit teacht ar mo fheirm.
Sa tarna áit labhróidh mo theanga dhúchais ar mo fheirm féin, agus i mo cheantar féin gan chead uaitse ná Seoinín ar bith eile.
And let me tell you that Irish was a Christian language long before the English you love so much.
Sa tríú áit: Níl mé im' bhall ded' pharóiste, buíochas mór le Dia. Is ait é nách n-aithníonn Sagart a thréad féin - léiríonn sé an méid suime atá agatsa id' pharóiste.
Now to be very clear, and in the English you love, You will leave my farm; there is no welcome here for you or for any other Seoinín. Good day to you.
D'iompaigh sé ar a shála agus isteach leis sa teach, an Sagart fágtha lena bhéal ar leathadh ag plobaireach in aghaidh an fhreagra gan choinne.
Nuair a d'fhill a ghuth scread sé:
'You have not heard the last of this.'
Ach ní raibh duine ná deoraí ag éisteacht leis. Ní raibh ach doras dúnta go daingean ina aghaidh!
Phramsáil sé go dtí a thrap agus thug sé an lasc crúálach don ainmhí bocht. Ar an mbealach rinne sé botún mór eile. Chuaigh sé díreach go dtí Sagart Paróiste an fheirmeora chun gearáin a dhéanamh. Níor thuig sé an gaol daingean a bhí idir an bheirt.
'Fáilte isteach, a Athair,' arsan seanSagart Paróiste nuair a chonaic sé an cuairteoir ar a tháirseach. Tar isteach, suigh síos agus lig do scíth. Ar mhaith leat deochín. Tá cuma corraithe ort.
Cad is féidir liom a dhéanamh duit?'

'I am, indeed, upset, Father, I have never been spoken to like that. Is there no respect for a priest in your parish?
'Tóg go bog é anois, a Athair, arsan seansagart, ó bharr an scéil led' thoil.'
'I am so angry I can hardly think. And why must we always speak in this backward, barbarous tongue. One of your parishioners behaved in a most insulting, impudent way when I went to see him about being involved in that pagan practice they call the Dreoilín. His name is O'Sullivan. What are you going to do about it?'
Um an dtaca seo bhí tomhas an tsagairt drochbhéasach ag an seansagart, agus níor thaitin an fear céanna leis ar chor ar bith.
'Bhuel, a Athair, tá tú agus do pharóiste sa Ghaeltacht - áit ina bhfuil an Ghaeilge labhartha go forleathan. Is í mo theanga dhúchais í ainneoin í a bheith barbartha i do chluasa sofaisticiúla.
Má tá rud ar bith a deirim nach dtuigeann tú míneoidh me duit as Béarla.
I dtosach báire: an ndeireann tú liom gur chuaigh tú gan chead gan chuireadh go ball de MO pharóiste agus thug tú íde béil dó ar ábhar ag baint le MO pharóiste?
Agus, sa tarna áit: an ndeireann tú liom gur mhaslaigh tú ár dteanga dhúchais i láthair duine atá an-fial dár dteanga, agus paróisteach atá an-díograiseach i gcleachtadh a dhualgaisí Creidimh. Fear atá ina thaca neartmhar domsa i mo pharóiste.
Agus:
Rinne tú é sin go léir de bharr do bharúil 'oilte' gur cleachtadh págánach é 'an Dreoilín. Seanchleachtadh neamhurchóideach i mo bharúil umhal.
Anois, a Athair, an bhfuil aon ní a dúirt mé nár thuig tú nó atá mícheart?'
'Well, of course, Father, I didn't mean to ...'
Níor lig an seansagart focal eile uaidh:
Tá súil agam gur easpa smaoinimh a bhí ann, a Athair. Is stráinséar thú sa cheantar seo agus is léir nach dtuigeann tú an cleachtadh ceart i gcásanna mar seo.
Now, I will speak in English, so that there is no misunderstanding:
In future should you wish to speak to ANY member of my congregation on matters concerning MY parish you will speak to me first. I will, of course, extend the same courtesy to you.
Nevertheless, an apology is required both to me for your unwarranted intrusion into my Parish, and to my parishioner, Mr O'Sullivan. I expect those apologies to be full and in writing so that they can be included in my Parish Newsletter on Friday.
I hope I have made myself clear, Father. Now, Good day to you.'
'But Father are you not going to discipline....'
'Anois, a Athair, tá gnóthaí paróisteacha práinneacha agamsa in aghaidh na Nollag. Bíodh an litir ag gabháil leathscéal ar mo dheasc amárach. Muna bhfuil, beidh mé ag caint leis an Easpag faoi d'iompar mí-mhúinte, drochmheasúil domsa agus do bhall de mo pharóiste, agus faoin masla a thug tú do chultúr agus do theanga na Gaeltachta. Slán anois. Sin an doras!'
Comments