top of page

An Seoinín is an Dreoilín 6

  • Padraig de Baroid
  • Nov 4
  • 2 min read

Caib. 6, Neili

 

Foclóir

leicne ar lasadh le náire = cheeks burning with embarrassment

díolta = revenge

éaló escape

go tóin poill = sink( to the bottom)

Neilí

uaillmhianta = ambitions

íospairteach = victim

ag tnúth le = expecting

racht lasrach feirge = flaming rage

praiseach ceart = a mess (a pig's dinner)

rith sé le = it struck her (occurred to her)

balbh = dumb/speechless

obair saor in aisce = free labour

na mná measúla = respectable women

foinse = source


Lasmuigh den doras tosaigh; a ghob ar leathadh don tarna uair sa lá céanna; a leicne ar lasadh le náire léim an t-Athair Simon sa trap agus thug sé an lasc crúálach arís don chapaillín bocht.

 

Lán de smaointe díoltais thug sé aghaidh ar a theach féin. Ghoill sé go mór air go mbeadh air an litir leathscéalach damánta a scríobh. Bhí sé cinnte gan an litir céanna bheadh an seanSagart i dteangmháil leis an Easpag. Ní raibh éaló as. Gan an litir damánta céanna bheadh a uaillmhianta san Eaglais ag dul go tóin poill.

 

Ainneoin sin d'íocfadh duine éigin ar an masla.


Faraor do Neilí ba ise an chéad íospairteach a bhuail leis. Bhí sí ag tnúth le ardmholadh, ach ba racht lasrach feirge a bheannaigh i.


 Bhí sí balbh, cráite, agus ar mire leis an éagóir a rinne an sagart sotalach di. Níor dhein sí ach a d'iarr sé uirthi a dhéanamh. Ní uirthi an locht go rinne seisean praiseach ceart poiblí dhe. A leithéid de shotal an milleán a chur uirthise nuair is é féin a bhí ciontach.

 

'Bhuel, b'shin deireadh lena cuid oibre saor in aisce ina Shéipéal. D'fhéadfadh sé a ghlantóireacht féin a dhéanamh.'


Phramsáil sí ar ais go dtí a siopa.

 

Ba bheag é an bá a fuair sí sa pharóiste ach an oiread. Thréig níos mó daoine a siopa. Thosnaigh níos mó daoine ag déanamh a siopadóireacht sa bhaile mór, go háirithe 'na mná measúla'. Ní raibh Caifé Neilí comh tarraingteach dóibh siúd is a bhí sé.


Níor rith sé leo gurab é a ndúirse dáirse an príomhfhoinse eolais a bhí ag Neilí.

 

Ba spiaire í Neilí agus níl grá ar bith ag daoine don spiaire a bhíonn de shíor ag iompar scéalta.

 

Bhí an ceart ag an sagart i gcúis amháin: d'íocfadh duine éigin. Faraor, níor rith sé le Neilí gurab ise féin an duine sin.

 
 
 

Recent Posts

See All
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 
Focal úsáideach i gcomhrá : cumas

Focal fíorthábhachtach é: 'cumas', agus na focail a fhásann uaidh ms:'míchumas'. Focal úsáideach i gcomhrá I chose this word because it is so important in helping us to deal with not just ability but

 
 
 
bottom of page