An Seoinín is an Dreoilín 7
- Padraig de Baroid
- Nov 6
- 4 min read
Caib. 7 Cliseadh néaróga
Foclóir
cliseadh néaróga = nervous breakdown
chuir sé ina leith = he accused
Teachta Dé = God's Representative
peaca marfach = mortal sin
fothain = shelter
tionchur = influence
a thochailt = to dig out
Séasúr na dea-thola = Season of good will
Coimhíoch = foreign (not one of them)
a charnú = to pile up
an tairne deireannach = final nail
baghcat = boycott
dul a luí = going to bed
féintrua = self-pity
ag srannadh = snoring
Músclaíodh = was awakened
póit = hang-over
cuma an bhodaigh = looking like a tramp
déistean = disgust
ar leas = for the good of
An Domhach dár gcionn, Lá Nollag, thug an sagart fogha fíochmhar faoi na paróistigh i sheanmóin nimhneach as Béarla. Chuir sé ina leith gur Págánacha iad uilig; go raibh siad ag cuidiú le cladhairí dána a bhí ag tabhairt dúshlán dó féin, a sagart, Teachta Dé sa pharóiste; gur peaca marfach é cabhair nó fothain ar bith a thabhairt dá leithéid de chladhaire; go raibh dualgas ar gach ball den pharóiste eolas agus ainmneacha a roinnt leis féin chun cuidithe leis drochthionchur an Diabhail a bhí i gcéin sa pharóiste a thochailt amach agus a dhíbirt as an bparóiste.
Is beag de Spioraid na Nollag, agus Séasúr na Dea-thola a bhí ar fáil do na paróistigh ar an Lá Nollag úd ón Sagart Coimhthíoch malaithe seo, nach raibh dea-fhocal le rá aige, nó beannacht na Féile a thabhairt dóibh. Níor mhothaigh siad riamh ach drochmheas uaidh.
Toisc go raibh an seanmóin as Béarla níor thuig na paróistigh na focail uilig ach thuig siad an masla agus an drochmheas. Bhí fhios ag các cad a thárla i bhfeirm an tSúileabháinigh - fear go raibh meas mór ag muintir na Gaeltachta air; bhí an litir leathscéalach i Nuachtlitir an pharóiste béal dorais léite ag các.
Roimh tabhairt an tseanmóna cheap na paróistigh gurb é meisceoireacht an peaca a bhí ag baint leis an Dreoilín. Thuigh siad é sin, agus d'aontaigh cuid acu leis. Ach ghlaoigh seisean, a sagart, 'págánacha' orthu uilig. B'shin an masla deireannach. Ó tháinig sé ina measc níor dhein sé faic ach iad a mhaslú, agus drochmheas a charnú orthu, agus ar shaol na Gaeltachta.
Bhí an Dreoilín beo i bparóistí eile ach níor thug na Sagairt Paróiste ins na paróistí sin 'págánacha' ar an bpobal uilig. Is ina bparóiste amháin a thug an Sagart an masla.
Sheas fear amháin ós a chomhair amach agus labhair sé as Béarla. Chuala gach duine a dúirt sé:
'You, Father, do not belong in this Parish or in the Gaeltacht. You should be ashamed of yourself for the evil you have committed in our Church on Christmas Day. I, for one, will not darken the door of the Church until you are gone out of our lives. I'm sure I speak for everyone here. I can assure you the Bishop will hear of your atrocious behaviour. Your kind do not belong here, and are not wanted here!'
Ba léir gur aontaigh na paróistigh uilig leis an bhfear céanna. Ba an tairne deireannach é an seanmóin éagórach i gcónra a réimis sa pharóiste. Dhruid na paróistigh lé chéile ina choinne; thug siad an baghcat dó; ní fhuair sé fiú beannacht na Féile uathu agus é ina sheasamh ag fiuchadh ag doras an tSéipéil. Shiúl na paróistigh thar bráid gan focal a rá leis.
Tréigthe ag na paróistigh go poiblí, aonarach, uiríslithe, neamhchumhachtach phramsáil sé go dtí a theach. Bhí gach mac máthar ar Domhan ina choinne; an t-Easpag a dhíbir é go dtí an áit Dia-thréigthe seo; an seanSagart Paróiste béal dorais a rinne feall air; Neilí a spiaire a thug bréageolas dó; agus na paróistigh mí-ómósacha, dána nach raibh an meas ba chóir acu ar féin, a Sagart Paróiste, ná ar údarás na hEaglaise.
Bhain sé a bhróga agus a stocaí dhe. Chaith sé a shúatán agus a bhóna cléireach ar an dtolg. Thóg sé buidéal d'uisce beatha as an gcófra, mar ba nós dó gach tráthnóna. De ghnáth gloine beag amháin roimh dul a luí. Chuidigh sé leis dul a chodladh.
Afach, um an oíche seo níor shuaimhnigh an gloine beag é; bhí sé ag fiuchadh faoi iompar éagórach an Domhain ina choinne. Lán d'fhéintrua, líon sé an gloine arís, agus d'ól sé an deoch láidir go tapaidh ar bolg folamh.
Líon sé gloine mór eile agus thosnaigh an teas, agus suaimhneas beag ag teacht air. Lean gloine gloine eile, mhoilligh ar a anáil, agus sa deireadh thiar thit sé a chodladh sa chathaoir, dall ar meisce, leathghléasta, ag srannadh go callánach, agus buidéal folamh ina ghlac aige.
B'shin a Lá Nollag.
Músclaíodh é ar maidin, póit uafásach air, a bhéal bréan, a cheann istigh ag preabadh le casúiríní ag bualadh buillí ina chloigeann. Nuair a thuig sé cá raibh sé thug sé faoi dheara an fothrom a dhúisigh é.
Bhí daoine dána ag canadh lasmuigh! Cad iad na focail?
The wran the Wran the king of all birds
St Stephens Day got caught in the furze
Up with the knocker and down with the pan
Please give us a penny to bury the wran.
Mar gealt rith sé amach an doras leathghléasta, cuma an bhodaigh air, agus rianta an óil air, agus é ag screadaíl gan smacht agus ag damhsa le neart feirge.
Níor aithin sé duine ar bith de bharr a aghaidheanna fidil iomlán. Níor thug duine ar bith an aird is lú air.
Tréigthe ag na paróistigh a d'fhéach air le déistean, ceann faoi air d'fhill sé ar ais ina theach, beagnach ag gol leis an bhfrustrachas neamhchumhachtach. Chaith sé é féin ina chathaoir uileann. D'oscail sé buidéal eile.
Nuair nach raibh sé ar an altóir ar an Domhnach dár gcionn chuir an oide scoile fios ar an seanSagart Paróiste béal dorais. Rinne seisean teangmháil leis an Easpag.
Maidin dár gcionn bhí beirt shagart ón Deoisis i gcarr galánta ag teach an tSagairt. Leathuair a 'chloig ina dhiaidh sin bhí siad imithe; an sagart Simon ina dteannta ag cabaireacht go meisciúlach faoin éagóir a rinne na paróistigh neamhbhuíoch dó. Thug an carr galánta dubh aghaidh ar Mainistear taobh amuigh den Ghaeltacht. D'fhanfadh sé ann 'ar leas a shláinte', agus 'ar leas a shaol spioradálta'.
Comments