top of page

Jimín Caib. 4 (b) Náire ar Jimín

  • 3 days ago
  • 3 min read


In which Jimín regrets having abused Micilín Eoin when Cáit catches him. She calls him a bully and makes him feel very small, and wishesCaib he could turn the clock back. Choking back tears he helps clean Micilín; Cáit praises him and asks them to be friends. Micilín's mother comes on the scene and, looking suspiciously at Jimín, wants to know why he is muddy. Micilín says he fell in the mud and Jimín and Cáit helped clean him up.

Jimín recognises what a great boy Micilín is.

Jimín 4(b) Náire

Jimín Caib. 4(b) Náire ar Jimín

 

'Ní fheadar den tsaol cad é an t-athrú so 'teacht ort!

Cuirfead isteach iad; ach má bhíonn sé den diabhar ort go gcuirfir scian ar aon cheann eile acu bainfead an craiceann díot.'

 

Fhaid is a bhí sí ag cur na gcnaipí  isteach bhí sí am' chrothadh mar dheanfadh madra le francach.

 

'Sea, imigh ort anois!'

 

Do bhuaileas an doras amach go breá bog agus síos an baile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam á choinneáil suas, mar dhea.

 

Ní fada a chuas nuair a chonaic Micilín Eoin arís mé agus seo chugham é agus draid air ag magadh fúm.

 

'Bríste ar bhais, Hí ú. Bríste ar bhais hí ú!

 

Chrom sé síos chun cnapán lathaí d'fháil. Sin é an uair a phreabas chuige.  Nuair a chonaic sé ag teacht mé gan aon lámh in aon phóca chuir sé béic as agus as go brách leis ag screadaigh.

 

Thánas suas leis agus thugas cor coise dhó agus shíneas ar an dtalamh é. Shuíos anuas air agus shás a shrón síos sa lathaigh.

 

'Abair bríste ar bhais anois, a Mhicilín', agus chuireas dorn láibe síos laistigh dá léine.

 

Is ansin a tháinig Cáit agus loit sí an spórt orm.

 

' Ó! Mo náire, Jimín an bulaí mór', a  dhá súil mhóra ag cromadh ar ghol.

 

Dar Fia, a dhuine do stadas. D'imigh an sport as an scéal dom ar chuma éigin. Tháinig náire orm féin. Ní fheadar in aon chor cad ina thaobh.

 

D'éiríos de Mhicilín. Nuair a d'éirigh sé sin bhí sé ag gol  agus bhí sé go léir salach ón lathaigh.

 

Chuaigh Cáit anonn chuige agus thosnaigh sí ag iarraidh a chasóg a ghlanadh le sliogán ruacain.

 

Bhí náire orm, a bhuachaill; níor fhan aon mheas agam orm féin. Thabharfainn aon rud dá bhféadfainn an rud a dheineas le Micilín a chur ar neamhní. Níor lú liom aon duine ar an saol ar an neomat san ná Jimín Mháire Thaidhg.

 

Chuas anonn chuchu agus rugas ar an sliogán uaithi agus thosnaíos ag scríobadh.

 

'Mo ghrá thú, Jimín', arsa Cáit.

 

Ní fheadfainn aon fhocal a rá. Tháinig rud éigin ait im' scórnaigh agus im' shúile agus bhíos ar mo dhícheall d'iarraidh gan gol, ach do rith deoir mhór anuas ar feadh mo shróna agam agus ansan ritheadar go léir anuas.

 

Rith Cáit anall chugham agus leag sí a lámh orm:

'Maith an buachaill thú, a dhritheáirín', agus thriomaigh sí mo shúile leis an mbib a bhí uirthi.

 

'Anois an ndéanfaidh sibh muintearas?'

'Déanfad', arsa mise

'Déanfadsa,' arsa Micilín.

 

Bhíomar ag rith ag gáirí nuair a bhuail máthair Mhicilín linn. D'fhéach sí ar a chuid éadaigh:

'Cad a shailigh thú?, ar sise, ag faire go hamhrasach ormsa.

'Is amhlaidh...is amhlaidh a thiteas agus mé ag...ag rás le Jimín, a mháthair.'

 

'Agus cad a leag thú?' ar sise agus í ag cur na súl tríomsa.

 

'Agus bhí an áit lán de lathaigh; ach féach, a Mham, do ghlan Jimín agus Cáit mé.'

 

Ana- bhuachaill is ea an Micilín sin - ní raibh a fhios agam go dtí anois é.

 

Foclóir

ní fheadar den tsaol = I don't know in the World

bainfead an craiceann díot = I'll skin you

am' chrothadh mar dhéanfadh madra le francach =                        shaking me like a dog with a rat.

 

draid = grin/grimace

cor coise = trip

lathach = láib  = mud

loit sí an sport = she spoiled the fun

sliogán = a shell

bhí náire orm = I was ashamed/embarrassed

neamhní = nothing

níor lú liom aon duine = no one was lower than

an ndéanfaidh sibh muintearas = will you be friends

cad a shailigh thú = what made you muddy

 
 
 

Recent Posts

See All
Jimín 4(a) Cailíní!

In which Jimín finds girls to be uselesss except for screeching and scratching. When Mam tells him to play with his younger sister Cáit he wins all her pretty buttons. When she refuses to hand them ov

 
 
 
Jimín Caib. 3(a). Bás don Mháistir

In which Jimín contemplates the most awful death he can think of for his enemy, the Master, who keeps making up daft questions out of his head in order to catch boys out, and canes Jimín when he says

 
 
 
Jimín Caib. 2(b) Ceachtanna Cráite

In which Jimín tries to escape homework by lying but Micilín Eoin spills the beans. Jimín goes after Micilín who hides at home. Jimín calls him 'bandy legs', the nickname people in the town have for h

 
 
 

Comments


bottom of page