top of page

Coinneal Nollag

  • Dec 14, 2025
  • 3 min read

Caib. 2 An taibhse 1

 

Foclóir

an bothán aoire

seachas = except

taithíoch = familiar

borb = abrupt

buanchrosta = always cross

mí-fhoighneach = impatient

ualach ciontachta = weight/load of guilt



Seachas an t-árasán suarach seo ba an Garbhchrioch an t-aon áit go raibh sí taithíoch leis.

 

Anois gan pinginn rua aici bhí sí i bhfothain i mbothán aoire, go raibh cuimhneamh aici air ó laethanta a hóige.

Bhíodh saoire Samhraidh acu i dteachín, anois tréigthe, i ngar don bothán.

Faraor, nuair a fuair a máthair bás d'athraigh gach rud. D'athraigh a hathair. In áit an athar grámhar bhí fear borb, buanchrosta, mí-fhoighneach.

Mhothaigh sí gur chuir sé milleán báis a máthar uirthise.

Chreid sí agus ghlac sí, cé nár thuig sí conas.

Ba ualach ciontachta nár chóir a bheith leagtha ar pháiste ar bith.


 

Foclóir

Ghuígh sí = she prayed

Taibhse

impím = I beseech

is áil leat = you like

ag crónán = humming

suantraí = lullaby

nach maireann = not living

ag sméideadh = beckoning

athair máthar = maternal grandfather



ní raibh ar a cumas = she was unable to

mhothaigh sí = she felt

shiothlaigh sé = he faded



Ghuígh Morag anois i slí nár ghuígh sí riamh:

'A Dhia na nGlór impím Ort, cuidigh liom agus le m'iníon. Cad a dhéanfaidh mé? Geobhaimid bás den fhuacht agus den ocras. Níl tada agam, fiú clúidín.


Is cuma faoi mise féin, ach coinnigh m'iníon soineanta slán.  Más peaca a rinne mise id' aghaidh gearr an píonós ormsa, ní ar mo pháistín bídeach soineanta. Glacfaidh mé píonós ar bith is áil leat ach coinnigh mo pháiste slán.'

 

In a suí ar sheanbhosca chuir sí a hiníon míshuaimhneach chun cíche.

Thosnaigh sí ag crónán suantraí a chan a máthair dise nuair a bhí sise míshuaimhneach. Ag cothú agus ag luascadh a naíonáin in a baclainn chuimhnigh sí mar leanbh caillte a raibh a máthair de dhíth aici.

 

'A mháthair, cá bhfuil tú? Cuidigh liom, a mháthair, agus go háirithe cuidigh le mo naíonán soineanta.'

 

Ní raibh ach tost, tost doimhin agus crónán na gaoithe a bhí ag lorg bealaigh isteach sa seanbhothán.

 

Thit néal codlata uirthi.

I mbrionglóid chonaic sí a Dhaideo, athair máthar, i bhfad uaithi ag sméideadh uirthi. Bhí rud éigin á rá aige ach ní fhéadfadh sí é a chloiseáil. Bhí sí cinnte go raibh sé ina thaibhse mar ba chuimhin léí a shocraid, agus ba chuimhin léí brón a máthar.


Ní raibh eagla uirthi roimh an dtaibhse de bharr an grá a bhí aici dó nuair a bhí sé beo. Mhothaigh sí an teas sa bhothán.

Bhi bosca faoina ascaill ag a Daideo.


Shiothlaigh an taibhse grámhar, ach d'fhan siad fillte sa teas taibhsiúil a bhí ina áit.


 

Foclóir


neamhchinnte = unsure

de phreab = with a jump

an bosca

an dide = the nipple

go faiteach = nervously

ábhar tine = fire material

buillí a croí =  her heart beat

ag rásáil = racing

 

 Dhúisigh Morag de phreab; neamhchinnte cá raibh si; buillí a croí ag rásáil. Ghreamaigh sí cuichi a naíonán a bhí fós ar an gcíoch ach ina codladh go sámh, an dide fós ina béilín. Scaoil sí óna cíoch i.

 

Cad a mhúscail í?

 

Shleamhnaigh sí go ciúin go dtí an doras. D'oscail go faiteach é.

 

Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil, ach bhí bosca ar leac an dorais cosúil leis an mbosca a bhí faoi ascaill a Daideo sa bhrionglóid. Sa bhosca seo bhí earraí éagsúla - bia, éadaí do pháistín, ábhar tine, fiú sáspan beag, agus ar bharr gach rud bhí coinneal dearg.

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page