Coinneal Nollag
- Padraig de Baroid
- Dec 15, 2025
- 4 min read
Caib. 3, Muinín
Foclóir
d'fhadaigh tine = set a fire going
Aingeal Coimhdeachta = Guardian Angel
seansorn = old stove
folmhaigh = empty
teolaí = cozy
ar mearbhall = puzzled
ní bailiúcháin fánach = not a random collection
cothú = feed/ nourish
ag machnamh = contemplating
cosantóir = defender
láithreacht = presence
Lán de bhuíochas do pé Aingeal Coimhdeachta a bhí ann d'fhadaigh sí an seansorn a bhí sa bhothán. D'fholmhaigh sí an bosca agus chóirigh sí cliabhán agus chuir sí an leanbh ina luí.
Nuair a bhí an bothán teolaí rinne sí bolgam bia di féin as a bhí sa bhosca.
Is í ag ithe bhí sí ar mearbhall. Cad as an bosca iontach?
Ní raibh fhios ag éinne go raibh sí sa bhothán!
Bhí cuma ar an mbailiúcháin sa bhosca go raibh fhios ag pé dhuine a chuir é le chéile cad a bhí de dhíth.
Ní bailiúcháin fánach a bhí ann ar chor ar bith
Ag machnamh ar a thárla di shuigh sí ar an seanbhosca, a droim leis an mballa. Bhí fhios aici go raibh dhá uair a' chloig aici roimh an céad chothú eile.
Dhún sí a súile agus shleamhnaigh sí i gcodladh mí-shuaimhneach.
In a brionglóid bhí a Daideo ina sheasamh sa bhothán
ag faire uirthi agus ar a naíonán. Ba chosantóir é. Mhothaigh sí slán ina láithreacht.
Ní dúirt sé tada, ach shín sé a mhéar i dtreo na fuinneoige. Ansan shín sé a mhéar i dtreo na coinnle. Thuig sí go raibh sé ag insint di an choinneal a chur san fhuinneog.
Nuair a thuig sí shiothlaigh an taibhse as radharc.
Dhúisigh Morag nuair a chuala sí an naíonán ag éileamh na cíche.
Bhí sí ar a suaimhneas don chéad uair ó theith sí.
Chuimhnigh sí ar an mbrionglóid. Bhí sí cinnte, cé nár thuig sí cén fáth, go gcaithfidh sí an choinneal a lasadh agus a chur san fhuinneog. Rinne sí amhlaidh.
Chuir sí an leanbh ina luí sa chliabhán a rinne sí di.
Ansan, a droim le balla, thit sí féin ina codladh suaimhneach.
Ní raibh fhios aici an raibh sí ag brionglóid ach rith sé léí go raibh lasair na coinnle deirge ag ísliú, ach rud aisteach, taobh thiar den choinneal bhí teachín le feiceáil. D'aithin sí teach a hathar, ach bhí fhios aici nach raibh a theachín i ngar don bothán. Dhruid sí i ngar don fhuinneog chun radharc níos cruinne a fháil. Shiothlaigh an teachín, ach shamhlaigh sí gur chuala sí cogar in a ceann:
'Is mithid duit dul abhaile. Tá d'athair réidh.'
'Rachaidh mé cé gur chaith m'athair amach ar an sráid mé.'
Comh luath is a dúirt Morag: 'rachaidh mé'
Tháinig an teachín i radharc níos soiléire, agus chonaic sí coinneal dearg ar lasadh san fhuinneog.
Bhí Morag fós mí-mhuiníneach.
Cad a dhéanfaidh mé? Chaith m'athair amach ar an sráid mé; dhaor sé chun mí-úsáide mé i lámha stráinséara. Conas is féidir liom é a mhaitheamh? B'fhéidir go bhfuil seisean réidh, ach níl mé cinnte go bhfuil mise réidh.
An bheirt fhear gur chuir mé muinín astu rinne siad feall orm. An bhfuil mé réidh chun mo pháistín agus mé féin a chur faoi smacht fear crúálach eile?
Ach, ar sí léí féin: Bhí mo Dhaideo ann dom in am an ghátair, seolta chun mé a chothú agus a chosaint. Tá muinín agam as mo Dhaideo. Dúirt sé liom dul abhaile, go raibh m'athair réidh. Déanfaidh mé sin. b'fhéidir go mbeidh grá ag m'athair do m'iníon ar a laghad.
Foclóir
fear teann téagartha = well-built strong man
craptha = shrunken, wizened
ní teipfhidh mé = I will not fail
aíonna = guests
báite i dteas = bathed in the warmth
Dhruid Mórag ar theachín a hathar, a naíonán greamaithe dá hucht. Bhuail sí cnag faiteach ar an doras. D'oscail a hathair an doras. Ní fhéadfadh sí a chreidiúint an t-athrú a bhí tagtha air. An fear teann téagartha imithe agus seanfhear craptha ina áit.
Leáigh a croí:
'A Dheaid...' na deora te ag sileadh
D'fhéach sé uirthi; las solas ina shúile:
'Mórag, a chroí, an é tú féin atá ann?
Maith dhom an dochar a dhein mé. Ba amadán den scoth mé. Chuir mé dea-thuairimí na gcomharsan roimh maitheas m'iníon. Cén saghas athar a dhéanfadh sin.
Tháinig taibhse do Dhaideo chugam aréir agus dúirt liom an choinneal a cur san fhuinneog chun fáilte a chur roimh aíonna spesialta. Rinne mé mar a d'iarr sé orm, agus bhí me ar mearbhall nuair a chonaic mé íomhá de bhothán aoire le coinneal ar lasadh i bhfuinneog lasmuigh den fhuinneog seo 'gamsa.
Ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil tú agus an naíonán, na daoine is ansa liom ar domhan anseo.
Tar isteach, a Chroí, agus lig dom cúiteamh a dhéanamh ar an dochar a rinne mé duit, agus lig dom bheith im' athair agus im' sheanathair is fearr dom a bheith don bheirt agaibh.
Geallaim duit nach dteipfidh mé ort arís.
Mhothaigh Mórag láithreacht a Daideo is í agus a naíonán i mbaclainn a hathar. Thug sí faoi dheara an choinneall ag gealú san fhuinneog ag tabhairt fáilthe di. Báite i dteas taibhsiúil mhothaigh sí slán i mbaclainn a hathar.`
Comments