top of page

Comhaid Epstein 1

  • Padraig de Baroid
  • Sep 24
  • 2 min read

 

Scéal an lae 1

Comhaid Epstein

 

Foclóir

comhad = file; securely held file

fearann poiblí = public domain

dearfacha = positive

Airgeadaí = financier

gáineálaí = trafficker

faoi aois = underage

sómasach = luxurious

soghonta = vulnerable

teoiric chomhcheilge = conspiracy theory

ráfla = rumour

cearta = justice

 d'fhulaing siad = they suffered

1.

Tá comhaid Epstein i gcomhad ag an FBI

 

Na rudaí dearfacha atá sa fearann poiblí:

 

Cuireadh i leith Epstein, Airgeadaí, go raibh sé ag gáineáil cailíní faoi aois le haghaidh gnéis le daoine mór le rá. Bhí eitleán sómasach ar fáil, agus gach gléas gnéasach san eitleán céanna. Ainm an eitleáin: 'Lolita Express'.

 

Epstein





Chruthaigh an Cúisitheoir gur íditheoir gnéis den scoth é, a rinne mí-úsáid ar na céadtha de chailíní soghonta faoi aois i Nua Eabhrach agus i Palm Beach. Gearradh pionós priosúin air.  

 

De réir scéala chuir Epstein lámh ina bhás féin i bpriosún i Nua Eabhrach 2019.

 

Tá roinnt daoine amhrasach faoi 'lámh ina bhás féin'. Is mó iad na teoiricí comhcheilge atá ag baint leis an scéal céanna

 

Maxwell





Cuireadh i leith a chompánach Ghislaine Maxwell gur íditheoir gnéis í; agus gur gáineálaí de chailíní faoi aois do Jeffrey Epstein í. Gabhadh í agus gearradh píonós fada priosúin uirthi i bpriosún daingean.

Le déanaí aistriodh í go priosún sómasach ar ordaithe Donald Trump.

 

De réir ráfla tá a ainm ar an liosta rúnda, agus gurab é sin an fáth gur aistríodh i. De réir an teoiric chomhcheilge chéanna is luach tostais é, agus go mbeidh pardún ag teacht níos déanaí.

 

De réir scéala tá liosta rúnda de dhaoine mór le rá a bhí páirteach i ngáinneáil cailíní faoi aois le haghaidh a mí-úsáide.

 

Seachas Epstein féin agus Ghislaine Maxwell Cé hiad na daoine mór le rá atá ainmnithe?

 

Go dearfa níl ach an Prionsa Andrew agus a iarbheanchéile, Sarah Fergusson, ainmnithe..

 

Trump & Andrew





De réir ráfla tá ainm Donald Trump ar an liosta.


Bhí Trump agus Andrew an-mhór le Epstein agus tá pictiúirí díobh le chéile le Virginia Giuffre.

 

Ba Virginia Giuffre an chúiseoir ba thábhachtaí as Epstein, Maxwell agus Andrew. Tá Pictiúirí den triúr le chéile. Dúirt Andrew in agallamh ar TV nach raibh aithne aige uirthi.

Ach d'íoc sé £12m di mar shocrú lasmuigh den chúirt.


An cheist díreach: cén fáth ar thug sé £12M do bhean nach raibh aithne aige uirthi?

 

Chuir Giuffre lámh ina bás féin Aibreán 2025. Ach tá íospartaigh eile ann anois ag insint a scéalta faoin mí-úsáid a d'fhulaing siadsan.

 

Bhí feachtas ar siúl aici ar son cearta do na daoine faoi aois a bhi ina n-íospartaigh gáinneála. Ba Maxwell an bhean a bhí ag soláthar cailíní soghonta do na péidifiligh mór le rá.

 

Cd. 2 le teacht.

 

 

 

 

 

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneal Nollag

Caib. 2 An taibhse 1   Foclóir seacha s = except taithíoch = familiar borb = abrupt buanchrosta = always cross mí-fhoighneach = impatient ualach ciontachta = weight/load of guilt Seachas an t-árasá

 
 
 
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 

Comments


bottom of page