Corn Liam MacCarthy, Corn Iomána Uile-Éireann
Cé hé Liam MacCarthy (Liam MacCarthaigh)
Is iad An dá chomórtas spoirt is tábhachtaí in Éirinn ná an Corn Liam MacCarthy agus an Corn Sam Maguire. Ach cé hiad Liam MacCarthy agus Sam Maguire? Bhí eolas faoin dá chorn Uile-Éireann ag gach duine ach ní raibh eolas ag duine ar bith faoi na daoine go raibh a n-ainmneacha ar na Coirn chéanna.
Tosnaímis le Liam MacCarthy.
Rugadh i Londain é. Ba as Baile Garbháin, Contae Corcaí, a thuismitheoirí; Gaeilge teanga a theaghlach i bPeckham mar ba chainteoir ó dhúchas a athair. Ba as Luimneach a mháthair.
Eisimircigh iad araon go Sasana 1851 cúpla bliain t'réis an Ghorta Mhóir (1845-1849). Is ansin i Londain a rugadh Liam, 1853.
D'fhás sé suas i bPeckham. Bhuail sé le Alice Padbury, iníon d'úinéir monarchain a dhein boscaí. Phós sé Alice 1875 in ArdEaglais Southwark.
Faraor, bhí easaontas idir a athair céile agus é féin agus d'fhág Liam a fhostaíocht sa mhonarcha agus, le Alice, bhunaigh siad a monarcha féin ag déanamh boscaí.
Tionscail rathúil a bhí ann agus i gcionn tamaill b'fhear gnó saibhir, mór le rá é. Fiú amháin toghadh ina Comhairleoir áitiúil é.

Le linn a shaoil uilig bhí dlúthcheangal aige le cúrsaí Gaelach i Londain. D'imir sé iománaíocht ar Clapham Common. 1919 bhunaigh sé 'The Brothers Pearse Club'.
Ba Chathaoirleach de CLG Londain é, agus is ansin a bhuail sé le Micheal Collins agus Sam Maguire.
Bhí meas mór ag Liam MacCarthy ar Pádraig Pearse agus thacaigh sé Scoil Éanna lena chuid airgid féin.
Nuair a bhí a mhac, Eoghan, in aois, chuir sé mar scoláire cónaithe i Scoil Éanna é.
Bhí Liam MacCarthy, Michael Collins, agus Sam Maguire an-mhór le chéile.
Mhionnaigh Michael Collins Liam MacCarthy isteach san IRB, agus níos déanaí mhionnaigh Liam Sam Maguire isteach ann.
Um an dtaca Éirí Amach na Cásca bhí Liam ina sheascaidí agus ró-aosta chun troda.
Áfach, deirtear go raibh lámh aige i smuigléireacht gunnaí go Howth, agus go raibh páirt aige i mbriseadh amach de Valera as priosún Lincoln.
1918 bhí údarás na Breataine ar tí coinscríobh a chur i bhfeidhm, Éire san áirithe. Ní raibh sé ceadaithe do Liam MacCarthy labhairt i gcoinne coinscríofa in Éirinn mar bhí sé ina Chomhairleoir i bPeckham.

Chun an dlí a imscríobh chum sé an sluán:
'If you come from Clonakilty then it's obvious where you must go'.
Choimisiúnaigh Liam MacCarthy agus a mhac an Corn Uile-Éireann Iomána go bhfuil a ainm air, 1922.
Mar a dúirt mé: mhionnaigh Liam Sam Maguire isteach san IRB. Beidh blog eile agam ar Sam Maguire go luath.
Foclóir
Tosnaímis = let us begin
eisimircigh = emigrants
an Gorta Mór = the Famine
araon = both
monarcha = factor
easaontas = disagreement
athair céile = father-in-law
tionscail rathúil = successful business
fiú amháin = even
scoláire cónaithe = boarder
mhionnaigh isteach = swore in
coinscríobh = conscription
a imscríobh = to get round.
sluán = slogan


Comments