top of page

Focail úsáideacha i gComhrá 2

5 hours ago
3 min read

Réamhfhógairt

These blogs are for spoken Irish, not to be viewed through the lens of the caighdeán. Verbal communication not written communication is my aim. In my opinion these are two different beasts and should not be conflated. Purists may disagree.


Réamhrá

Nuair a bhíonn duine ag foghlaim teanga 'sé an rud is éasca ná pota focal a fhoghlaim. 'Sé leanúnachas an rud is deacra. Is féidir leat focail a fhoghlaim i bhfolús, ach i gcomhrá is leanúnachas atá de dhíth mar níl tú id' aonar, de ghnáth ar aon chuma.

Sin é an fáth go molaim leanúnachas. Tarraingímid na focail amach as an bpota agus cuirimid i gcomhthéacs iad. Sin leanúnachas.

Nuair a oibrímid mar sin mothaímid rithim agus ceol na teanga.


Foclóir

focail úsáideacha 2 réamhrá

an rud is éasca = the easiest thing

an rud is deacra = the hardest thing

i bhfolús = in a vacuum

comhthéacs = context

rithim agus ceol na teanga = the rhythm and music of the language



Béarla

When learning a language the easiest thing is learning words. Words can be learned in a vacuum, but in comhrá it is continuity that is needed because yoiu are not alone. That is why I suggest continuity. We draw words from the pot and put them into a context. That is continuity.

When we work like that we feel the rhythm and music of the language.

Thíos tá abairtíní úsáideacha a chuideoidh, b'fheidir, le forbairt leanúnachais


Focail úsáideacha 2

 

Ós comhair = in front of

ós mo chomhair amach = right in front of me


 

Ós comhair an tsaoil = in front of everyone

 

i gcomhair = for/ in preparation for

 

Bhí an freagra ós mo chomhair amach agus ní fhaca mé é. = the answer was right in front and I didn't see it.

 

Tosnaíonn an bhean sin ullmhúcháin i gcomhair na Nollag um Cháisc = the woman begins preparing for Christmas at Eastertide

 

Mhaslaigh sé an t-Easpag ós comhair an tsaoil = he insulted the Bishop in front of everyone

 

Um = at

um Nollaig = at Christmas

um Cháisc = at Easter

um thráthnóna = in the afternoon

 

um an dtaca = by the time

um an dtaca teacht abhaile dhom bhí me fliuch báite go craiceann.

 

um an am sin = at that time

 

i ndáiríre/ i ndáiríre píre = seriously/ genuine

 

Ní dóigh liom go bhfuil an fear sin i ndáiríre = I don't think that man is serious/ genuine/ trustworthy.

 

mo scéal rabhaidh


Mo Scéal Rabhaidh (my cautionary tale)

 


Sé mhí ó shin bhí mé im' íospartach de sceamáil airgid. Um an dtaca a fháil amach gur sceamáil a bhí ann  bhí airgead imithe ó mo chuntas bainc.

 

Tógadh isteach mé ag fógra ar-líne, cosúlacht air go raibh sé i ndáiríre. Bhí fianaise sceamála ós mo chomhair amach, ach níor thug mé faoi dheara é.

 

Ag am an sceamála bhí mo áird ar rud eile a bhí ag tárlú im' theaghlach. Sin mo leathscéal ar aon chuma.

 

Bhí orm mo Phas a chealú agus iarratas nua a chur isteach don Oifig Phas. Bhí orm mo charta creidmheasa a chealú.

 

Mhothaigh mé im' amadán den scoth. Cheap mé go raibh mé cliste agus cúramach ach tógadh istach mé.

 

Bhí an t-ádh liom mar aithin mé an sceamáil go tapaidh agus níor chaill mé ach beagán airgid.

 

Bíodh sé ina cheacht do chách.

Más rud é atá ró-mhaith a bheith fíor, bí cinnte go bhfuil sé ró-mhaith a bheith fíor.

 

Foclóir

tógadh isteach mé = I was taken in/deceived

fianaise sceamála = evidence of a scam

íospartach = victim

cosúlacht air = it looked like

i ndáiríre = genuinely/ seriously/in earnest/ honestly

dáiríre píre! = honestly speaking!

a chealú = to cancel

iarratas = application

Oifig Phas = Passport Office

Carta creidmheasa = credit card

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Focail úsáideacha i gcomhrá 1

Is beag duine atá comh líofa san gur féidir leis labhairt gan sos gan staonadh, no gan focail agus abairtíní mar:'tá fhios agat', agus, 'go deimhin', gnáth spásairí i gcomhrá. Tugann siad sos don chai

 
 
 

Comments


bottom of page