Leanúnachas a fhorbairt 3
Réamhrá
Here are a few other thoughts on how we might develop continuity. Each situation can be expanded
Seo thíos roinnt smaointe, b'fhéidir, a chuideodh le leanúnachas a fhorbairt. Is féidir gach cás a leathanú go leibhéal cuí a oireann duit fhéin.
Leanúnachas 3
Sa bhaile - obair tí
Raghaidh mé suas staighre t'réis an chupáin tae seo.
Ní mór dom tabhairt faoi na leabacha. Cuirfidh mé braitlíní úra orthu.
Ní mór dom na seomrai leaba a fholúsghlanadh.
Cad as a dtagann an deannach go léir?
Do-chreidthe! Níl ach an bheirt againn sa teach.
Nífidh mé na braitlíní t'réis an lóin. Lá breá gaofar, crochfaidh mé amach iad. Is maith liom boladh breá aeir-úir ar na braitlíní.
B'fhéidir go ligfidh mé mo scíth tamaillín ansin.
Beidh an Sean-lead abhaile dá dhinnéar um sé a' chlog. Buíochas mór le Dia chuaigh sé amach inniu. Níl fhios aige cad a dhéanfaidh sé leis féin!
Bíonn sé faoi mo throithe gach lá ó chuaigh sé ar scor. Níl an teach agam féin a thuilleadh.

Níl taithí ar bith agam ar sin.
Le cúnamh Dé, b'fhéidir go bhfaighidh sé rud éigin le déanamh - de rogha i bhfad ón dteach.
Tá grá agam dó, ach maróidh mé é má leanann sé ag útamáil go diomhaoin timpeall an tí faoi mo throithe.
Tá mé dubh dóite de a' ra: 'Ar mhaith leat cupán tae? Aon rud le déanamh agam? Tá mé dubh dóite!'
Ú! Fir!
Foclóir
tabhairt faoi = tackle
do-chreidthe = unbelievable
folús = vacuum
sean-lead = old boy
níl aon taithí agam ar = I'm not used to
de rogha = preferably
diomhaoin = idle
dubh dóite = fed up
Ar obair
Cad tá ar an gclár inniu?
Féachaimís insan Dialann.
Coinne ar a deich le mo bhainisteoir - níl fhios agam cén fáth. Tá mo chuid oibre suas chun dáta.
Tá ráfla ag dul timpeall go bhfuil iomarchaíocht ar na cártaí.
Tá súil agam nach bhfuil mise ar an liosta.
Ar aon chuma, ní mór dom bheith ag bogadh nó beidh mé déanach - leathscéal don bhainisteoir.
Níl fhios agam cad a dhéanfainn má tá mé in iomarcha.
Cheap mé go raibh mé slán, ach cá bhfios! Níl rud ar bith cinnte an lá atá inniu ann!
Foclóir
féachaimis = let's look
dialann = diary
coinne = appointment
ráfla = rumour
iomarchaíocht = redundancy
ag bogadh = get a move on.
Ar scor
Airím uaim mo chuid oibre. Is rud aisteach é, ach nuair a bhí mé ag obair níor rith sé liom riamh go n-aireoinn uaim é ar chor ar bith.
Airím uaim an cairdeas agus an craic. Ní thaithníonn sé liom bheith im' aonar, ar chor ar bith.
Níor oir an 'Club do Sheanóirí' úd liom. Ba sheandaoine iad go léir a bhí ann agus ba a n-easláinte an príomhábhar cainte a bhí acu. Níl mé réidh dó sin fós!
B'fhéidir go raghaidh mé go dtí an teach tábhairne anocht. Cá bhfios b'fhéidir go mbeidh seans agam bualadh le duine eile go bhfuil suim aige i rud éigin seachas a easláinte, agus cad dúirt an Doctúir leis- rudaí mar: 'ní fhaca me a leithéid de chás riamh'!

Bhí mé cuibhseach maith ag imirt iománaíochta im' óige, b'fhéidir go mbainfidh mé triall as an nGalf.
Chuala mé faoi club bollaí. B'fhéidir go mbainfidh triall as bollaí.
Is cinnte go mbeidh mé dubh dóite muna bhfaighinn rud éigin le déanamh. Tá mé dubh dóite faoi láthair.
Foclóir
airím uaim = I miss
seanóirí = old folks
rith sé liom = it struck me
easláinte = ill-health
cuibhseach = fairly
bollaí = bowls
dubh dóite = bored out of my skull

Comments