top of page

Leanúnachas a fhorbairt 2

22 hours ago
4 min read

Réamhrá.

How can we compensate for lack of immersion opportunity. I have Gaeilge from the cradle but I have lived in England fo nearly seventy years. I had a brief and disappointing week in a Gaeltacht 1n 1998.

It has been a struggle to keep my Gaeilge alive. Below is how I have tried, and what I have recommended to the people I have worked with over the last thirty years. Obviously it is not the same as immersion in a Gaeltacht but we must make the best of what we have.

 

I think it is also worthwhile to point out that we do not live in a Gaeltacht, and are very unlikely to ever visit a Gaeltacht. Our lives are completely different. Gaeilge, if it is to thrive, must thrive outside those shrinking Gaeltacht areas, in a changing World that is quite different.

 

In the exercise that I am recommending I concentrate on 'continuity', and mimicing what we do in our lives in English every day, ie, We observe and we verbalise continuously from waking in the morning to going to bed at night.

My exercise is asking that a small part of that process is done completely in Irish. Do not make a big deal of it - no preparation, no dictionary, just do it. don't skip on detail.


MS

'alarm!.


'Tá sé te, teolaí sa leaba seo, beidh cúig neomat eile agam.'


Cad tá ar an bhféilire inniu?


Cad é an réamhfhaisnéis - tirim? fliuch? Fuar? Gaofar? Grianmhar?


Caithfidh mé éirí agus dul sa chith.'


Lean ar aghaidh mar sin go deireadh do thréimhse - mar a dhéanfá i gcuairt ar an GYM.


'Suífidh mé leis an bpáipéar, deich neomat, tá am agam na cinnlinte a léamh.

Níl greann ar bith ann; gach rud dubhach dobhrónach.

Bhuel, sin an méid. Ní mór dom bheith ag bogadh.

An mbainfidh mé seans gan chóta?

Ní mór fuadar bheith fúm nó beidh mé déanach'

agus mar sin de



Nuair atá tú ullamh leathnaigh an ábhar. ACH ná bíodh fuadar fút. Bain sult as. Bí cineálta leat fhéin.



Gaeilge

Goilleann sé go mór nuair atá fhios agat caidé an focal ach níl tú ábalta cuimhneamh air ag an bponc i gcomhrá.

 

Tuigeann tú go bhfuil tumadh do shaghas éigin de dhíth, ach taobh amuigh den ghaeltacht níl deis ar sin.

Is cinnte nach féidir linn dul chun cinn a dhéanamh gan tumadh de shaghas éigin. Sin mo thuairim, ar aon chuma.

 

Cad is féidir linn a dhéanamh i gcás mar sin?

 

Molaim 'leanúnachas' a chleachtadh, ie, ag tógáil ráiteas, focal ar fhocal, arís is arís eile go dtí go dtagann na ráitis ina n-iomlán. Díbir gach rud amach as do cheann ach an Ghaeilge. Ná lig do rud ar bith ná duine ar bith isteach.

 

Anois, conas a fheidhmímid in ár saol laethiúil?

 

Tugaimid faoi dheara na rudaí mórthimpeall orainn agus cuirimid i bhfocail iad.

MS:

Cad tá á dhéanamh agam anois?

Cad tá im' radharc mórthimpeall orm?

 

Mar a dúirt mé cheanna: Ná bí ró-uaillmhianach. Bain sult as na rathanna beaga.

 

Roghnaigh tréimhse beag, gach lá más féidir é. Ná dein eachtra mór de. Dírigh ar an nGaeilge amháin.

 

Anois céim ar chéim lean leis an gnó i nGaeilge.

Dírigh ar na mionrudaí timpeall ort - do thimpeallacht; na daoine, éadaí, aghaidheanna; dathanna; iompar agus mar sin de.

 

Féach air mar thraenála aclaíochta agus lean ar aghaidh go deireadh na tréimhse.


Rud is tábhachtaí? Do dhíriú ar an nGaeilge go hiomlán pé fada nó gearr an tréimhse atá roghnaithe agat.

 

Diaidh ar ndiaidh méadaigh ar an dtréimhse agus na h-ábhair, ach ná bíodh aon fuadar fút. Tóg go bog é, bí cineálta leat fhéin agus bain sásamh as an gcleachtadh.

 

Geallaim go bhfeicfidh tú feabhas i gcionn tamaillín. Beidh tú ábalta titim isteach sa mheon Gaelach níos éasca agus níos minici.   

 

Seo thíos mo shampla de thuras ar an mBus le leanúnachas.


Níos dúshlánaí ná na samplaí thuas.


MS

Turas ar an mBus

 

'Tá mé ag dul amach.

bhfuil sé fuar/fliuch? Ar eagla na h-eagla Tógfaidh mé mo chóta

Doras dúnta.

A thiarchais! Tá dearmad déanta agam ar mála.

Níl am agam dul ar ais, beidh an bus ag an stad.

 

Cad é am an bhus, ar chor ar bith? OOP! Ní mór dom bheith faoi dheifir.

 

Buíochas mór le Dia gur bhrostaigh mé mar um an dtaca an stad a shroisint bhí an bus ag teacht.

Ní mór dom sóinseál a bheith agam. Ní maith leis an tiománaí seo sóinseól a thabhairt.

 

Ar an mBus
Ar an mBus

Thuas nó thíos staighre?

Thuas staighre ag féachaint amach an fhuinneog.

Níl an Bus plódaithe; bhí mo thogha suíocháin agam

 


Sin páirc imeartha na scoile. Tá na páistí istigh. Beidh siad amuigh ar an bpáirc am lóin.

 

Airím uaim an múinteoireacht.

 

Tá seanbhean ar an gcosán, cóta mór uirthi, mála trom in a glac aici. B'fhéidir go bhfuil sí ag teacht ón ollmhargadh. Caithfidh sé bheith deacair di ag iompar mála trom mar sin.

 

Tá scuaine fada ag an stad seo. Cá bhfuil siad go léir ag dul?

 

Tá an bus lán, plódaithe thíos staighre. Níl suíochán saor anseo. Bhí an t-ádh liom.

 

Bíonn na busanna an-ghnóthach ar an nDéardaoin - lá an phinsin is dócha.'

 

Foclóir

goillean sé it is annoying

Turas ar an mBus

dírigh ar = concentrate on

tumadh = immersion

leanúnachas = continuity

roghnaigh = choose

díbir = banish

uaillmhianach = ambitious

mionrudaí = details

ná bíodh aon fuadar fút = dont be in a hurry

bí cineálta leat fhéin = be kind to yourself.

feabhas = improvement

meon = mindset

a thiarchais = expletive (Oh dear!)

airím uaim mo mhúinteoireacht= I miss  my teaching 

 
 
 

Recent Posts

See All
Focail úsáideacha i gComhrá 2

Réamhfhógairt These blogs are for spoken Irish, not to be viewed through the lens of the caighdeán. Verbal communication not written communication is my aim. In my opinion these are two different beas

 
 
 
Focail úsáideacha i gcomhrá 1

Is beag duine atá comh líofa san gur féidir leis labhairt gan sos gan staonadh, no gan focail agus abairtíní mar:'tá fhios agat', agus, 'go deimhin', gnáth spásairí i gcomhrá. Tugann siad sos don chai

 
 
 

Comments


bottom of page