Dame Jane Goodall 1934-2025
- Padraig de Baroid
- Oct 7
- 2 min read
Tráiléireacht na nuachta
Foclóir
dearfa = positive
soirbhíoch = optimistic
ciníochas = racism
athneartaíonn = restores/ re-enforces
an cine daonna = humankind/humanity
Ag tráileireacht tríd na scéalta nuachta tá sé an-deacair bheith dearfa nó soirbhíoch faoi chinniúint an Domhain seo 'gainne.
Tá fuath agus ciníochas á chothú agus ag borradh tríd an Domhan. Fiú in Éirinn measc Éireannaigh, baill de Náisiúin a d'fhulaing ciníochas foirleathan, agus go bhfuil a saoránaigh anois bunaithe i ngach aird den Domhan.
Anois is arís bíonn scéal iontach ar fáil. Scéal atá lán de ghean 's de chineáltas, scéal a athneartaíonn ár gcreideamh sa chine daonna. A leithéid de scéal é scéal Jane Goodall.
Jane Goodall, Antraipeolai
Foclóir
eolaíocht an lae = science of the day
críonnacht = wisdom
speiceas = species
Féiniúlacht = sense of self/ identity
Thit Jane Goodall i ngrá le simpeansaithe i dTanzania. De réir críonnacht eolaíochta an lae ní raibh pearsantacht ag speiceas ar bith ach amháin ag an gcine daonna.
Chruthaigh Jane Goodall nach raibh an teoiric sin fíor. Rinne sí staidéar doimhin ar simpeansaithe; mhair sí leo; agus ghlacadar í mar ball den chumann.
Thug sí faoi dheara go raibh ardstructúr soisialta acu; go raibh gaol daingean idir baill den chlann; gur chuidigh siad a gcéile; rug siad barróg; phóg siad; rinne siad comhbhá.
D'amharc sí orthu ag déanamh úirlisí chun bia a fháil.
Thug sí ainmneacha, seachas uimhreacha, ar na simpeansithe. Thuig sí a bhféiniúileacht. Thuig sí go raibh na simpeanna céanna i bhfad níos congaraí don chine daonna ná mar a mhol an eolaíocht.
Ionsaithe agus cearta
Foclóir
dífhoraoisiú = deforestation
Col ceathracha príomhacha = primate cousins
mothaitheach = sentient
scaradh = separation
cumha = grief
Thug sí faoi dheara go raibh dífhoraoisiú ag cur mórbhrú ar na simpeánsaithe.
Thug sí a saol chun iad a chosaint agus guth a thabhairt díobh. Scríobh sí leabhair; thug sí léachtanna; thaisteal sí an Domhan ar a son.
Is buíochas mór le Jane Goodall, a fuair bás seachtain nó mar sin ó shin in aois 91, go bhfuil tuiscint i bhfad níos fearr againn faoin ár gcol ceathracha príomhacha, na simpeansaithe.
Ba veigiteoir í Dr Goodall. Chreid sí go bhfuil féiniúlacht ag ainmhithe uilig, go háirithe ainmhithe tógtha mar bia; mothaíonn siad scanradh, scaradh, agus cumha. Ba chréatúirí mothaitheacha iad; go bhfuil cearta acu. Throid sí ar son na cearta sin go lá a báis.
Chaill Simpeansaithe, agus ainmhithe uilig, a seaimpín nuair a d'imigh Dame Jane Goodall ar shlí na fírinne. Seaimpín in aghaidh daoine uafásacha nach bhfuil meas acu ar rud ar bith, fiú ar a speiceas féin.
Fuath, Ciníochas agus Cogadh a mantra.
Is beag áit atá i gcroíthe Ceannairí an Domhain do ghean 's do chineáltas.
Beannacht Dé ar Anam Dílis Jane Goodall.
Comments