top of page

Diarmaid an Bhaill Seirce

  • Dec 20, 2025
  • 2 min read

 

Tá scéal cáiliúil faoi Dhiarmaid agus a Bhall Seirce san Fhiannaíocht. Tá tagairt don scéal sa 2ú aois déag.

 

Diarmaid a' Bhaill Seirce = Diarmaid of the love spot


 

Foclóir

ball seirce = love spot

ar seachrán wandering aimlessly

reithe = ram

athcheangal = re-tie up

Ball seirce

dóighiúil = beautiful

ina luí = to bed

fairsing = large

i gcaidreamh = intimate with

níor mheas tú = you didn't appreciate

corrmhéar = index finger

dochoiscthe = irresistible



Tharla go raibh Diarmaid Ua Duíbhne, Goll Mac



Mórna agus Conán ag fiach i bhfad ó bhaile. Bhí sé déanach sa ló agus thuigeadar nach mbeadh siad ábalta bheith abhaile roimh an ndorchadas. Thit ceo tiubh agus bhíodar ar seachrán i gcoill nuair a chonaic siad solas i dteachín. D'iarr siad fothain ar an seanfhear a bhí istigh

 

'Fáilte isteach.'

Istigh sa theachín bhí reithe óg ceangailte ag bun a' tí.

 

Nuair a bhí siad ag caint leis an seanfhear scaoileadh saor an reithe.

D'iarr an seanfhear ar na Fianna an reithe a athcheangailt ag bun a' tí.

Theip orthu go huile is go hiomlán.

 

Thug siad faoi dheara go raibh cailín dóighiúil sa seomra.

Chuaigh na Fianna ina luí i seomra fairsing.

 

Nuair a bhíodar ar tí dul a chodladh tháinig an cailín dóighiúil isteach agus chuaigh sí ina luí sa seomra céanna.

 

Duine i ndiaidh a chéile dhruid Diarmaid, Goll agus Conán ar an gcailín chun bheith i gcaidreamh léí.

 

Do gach duine díobh thug sí an freagra céanna:

'Bhuail mé leat cheanna féin agus níor mheas tú mo dhóighiúlacht an uair sin.'

 

Nuair a tháinig Diarmaid thug sí an  freagra dó, ach chuir sí a corrmhéar ar a chláréadan agus d'fhág sí an Ball Seirce ann.

Ina dhiaidh sin, bean ar bith a fuair radharc ar an mBall Seirce thitfeadh sí i ngrá leis. Bhí sé dochoiscthe do mhná.

 

Níos déanaí sa scéalaíocht faoi 'Thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne' tosnaíonn an scéal nuair a fuair Gráinne radharc ar an mBall Seirce. Ach, sin scéil eile.

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page