Finn, an Madadh Póilíneach Laochúil
- Padraig de Baroid
- Oct 12
- 1 min read
Foclóir
láimhseálaá = handler
ainneoin = despite
laochúil = heroic
gan aon agó = undoubtedly
dealbh cré-umha = bronze statue
Sa bhliain 2016, i Stevenage, Herts, bhí PC Dave Wardell gortaithe, sáite go dona agus é faoi ionsaí ag fear le scian mór. Thug PD 'Finn' faoin ionsaitheoir chun PC Wardell, a láimhseálaí, a chosaint. Gortaíodh Finn, é sáite go dona ag an scian fada.
Ainneoin sin lean sé ag cosaint a láimhseálaí go dtí gur tháinig cabhair.
Mhair Finn agus PC Wardell. Nuair a bhí siad ar fónamh lean Finn ag obair go dtí gur chuaigh sé ar scor.
Dúirt PC Wardell gurab é Buíochas mór le Finn go raibh sé féin beo; gan an chosaint laochúil ag a mhadadh dílis bheadh sé marbh, gan aon agó.
Toisc Finn a bheith ina ainmhí níor ghearradh priosún ar an ionsaitheoir. Ina dhiaidh sin athraíodh an dlí chun aitheantas ceart a thabhairt d'ainmhithe a bhí gortaithe le linn a ndualgas.
Bunaíodh 'a Thin Blue Paw' chun dealbh a ardú mar chuimhneachán ar Finn, an madadh laochúil, a fuair bás in aois 14. Tá an dealbh cré-umha anois i mBuntingford, Herts.
Please subscribe

Comments