top of page

Jimín 4(a) Cailíní!

  • 19 hours ago
  • 2 min read

In which Jimín finds girls to be uselesss except for screeching and scratching. When Mam tells him to play with his younger sister Cáit he wins all her pretty buttons. When she refuses to hand them over he takes them and she brings the house down. Mam takes all the buttons from him and discovers he has cut the buttons off his trousers. His braces are attached with three inch nails. Mam punishes him by making him hold his pants up with his two hands. The worst part is Micilín Eoin mocking him all the time, and he is unable to give chase.

After three days he begs Mam to sew the buttons back on and he promises to be a good little boy.


Jimín 4(a) cailíní

Jimín 4 (a) Cailíní

 

Nach ait na rudaí iad gearchailí.

Ní bhíonn aon mhaith iontu chun aon ní ach screadaí nuair a dhéanfá aon ní leo, nó chun thú a scríobadh leis na hingne nuair a bhíonn an t-olc ceart orthu.

 

Tá ceann acu sa teach seo 'gainne: Cáit. Driofúr dom is ea í agus is óige í ná mise.

 

Is fearr mise ná Cáit ar gach aon tsort slí, ach cad é an mhaith sin - ní bhfaighimse aon ní ó Mam ach an tslat agus geibheann Cáit peataireacht.

 

Deir Mam liom bheith ag imirt le Cáit.

 

A Dhuine, ní fhéadfadh sí léim a chaitheamh; níl aon mhaith inti chun reatha.

 

Bhí cnaipí deasa aici. Dúirt mé léí imirt, agus bhuas uaithi na cnaipí go léir a bhí sa bhosca aici.

 

Ní thabharfadh sí na cnaipí dom, ach bhaineas iad uaithi.

Thairg sí an tigh orm leis an screadaigh. Tháinig Mam agus bhain sí gach aon cnaipe dhíom.

 

D'fhiafraigh sí cá bhfuaireas na cnaipí go léir. Dúirt go bhuas os na buachaillí eile iad. Ní raibh sí sásta, a dhuine. D'fhéach sí ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe fágtha ach  na guaileáin greamaithe le tairngí.

 

Dhein Mam beart náireach orm ansan. Chuir sí iachall orm na tairgní a tharraingt amach agus mo bhríste a choinneál suas le m' dhá láimh. Chaitheas trí lá mar sin go raibh mo chroí briste.

 

Ach níorbh é sin a chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin ag magadh fúm. Ní fhéadfainn rith ina dhiaidh, tá' s agat, agus chráigh sé mé go raibh an gomh orm chuige.

 

An tríú lá chuas go dtí Mam.

'A Mham, cuir isteach na cnaipí dhom más é do thoil é. Ní ghearrfad amach aon cheann go brách arís.'

 

Bhí sí ag féachaint orm ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an fuadar a bhí fúm.

'Á! Dein, a Mhaimí agus bead im' bhuachaillín maith.


Foclóir

gearchailí = little girls

nuair a dhéanfa aon ní leo = when you do anything to them

léim a chaitheamh = jump

bhaineas iad uaithi= I took them off(from) her

guaileáin = braces

tairgní = nails

beart náireach = embarrassing act

a chuir an stradhn orm = made me furious

gomh = goimh = sting



 
 
 

Recent Posts

See All
Jimín Caib. 3(a). Bás don Mháistir

In which Jimín contemplates the most awful death he can think of for his enemy, the Master, who keeps making up daft questions out of his head in order to catch boys out, and canes Jimín when he says

 
 
 
Jimín Caib. 2(b) Ceachtanna Cráite

In which Jimín tries to escape homework by lying but Micilín Eoin spills the beans. Jimín goes after Micilín who hides at home. Jimín calls him 'bandy legs', the nickname people in the town have for h

 
 
 
Jimín 2; an Gandal

Jimín, Caib 2 In which Jimín is in trouble for hitting Beit's gander on the side of the head with a stone, and trying to ride the white calf. Mam defends him to Beit but then to his surprise gives h

 
 
 

Comments


bottom of page